An difríocht idir athruithe ar: "An tSicilis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag suimiú: sah:Сициилийэ тыла
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 67 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q33973 (translate me)
Líne 13: Líne 13:
[[Catagóir:Teangacha Ind-Eorpacha]]
[[Catagóir:Teangacha Ind-Eorpacha]]
[[Catagóir:An tSicil]]
[[Catagóir:An tSicil]]

[[af:Sisiliaans]]
[[an:Idioma secilián]]
[[ar:لغة صقلية]]
[[ast:Sicilianu]]
[[bg:Сицилиански език]]
[[bo:སི་ཅི་ལིའི་སྐད།]]
[[ca:Sicilià]]
[[co:Lingua siciliana]]
[[cs:Sicilština]]
[[cv:Сицили чĕлхи]]
[[de:Sizilianische Sprache]]
[[en:Sicilian language]]
[[eo:Sicilia lingvo]]
[[es:Idioma siciliano]]
[[eu:Siziliera]]
[[ext:Luenga siciliana]]
[[fa:زبان سیسیلی]]
[[fi:Sisilian kieli]]
[[fr:Sicilien]]
[[frp:Sicilien]]
[[gl:Lingua siciliana]]
[[gv:Shisslish]]
[[hak:Sî-sî-lî-ngî]]
[[he:סיציליאנית]]
[[hr:Sicilijanski jezik]]
[[hu:Szicíliai nyelv]]
[[id:Bahasa Sisilia]]
[[it:Lingua siciliana]]
[[ja:シチリア語]]
[[jv:Basa Sisilia]]
[[ko:시칠리아어]]
[[ku:Sîcîlyanî]]
[[kv:Сицил кыв]]
[[la:Lingua Sicula]]
[[lij:Lengua siciliann-a]]
[[lv:Sicīliešu valoda]]
[[mk:Сицилиски јазик]]
[[mr:सिसिलियन भाषा]]
[[mt:Lingwa Sqallija]]
[[nap:Lengua siciliana]]
[[nds-nl:Sisiliaans]]
[[nl:Siciliaans (taal)]]
[[nn:Siciliansk]]
[[no:Siciliansk]]
[[oc:Sicilian]]
[[os:Сицилиаг æвзаг]]
[[pl:Język sycylijski]]
[[pms:Lenga sicilian-a]]
[[pnb:سسلین]]
[[pt:Língua siciliana]]
[[ro:Limba siciliană]]
[[ru:Сицилийский язык]]
[[sah:Сициилийэ тыла]]
[[sc:Limba sitziliana]]
[[scn:Lingua siciliana]]
[[sh:Sicilijanski jezik]]
[[simple:Sicilian language]]
[[sq:Gjuha siciliane]]
[[sv:Sicilianska]]
[[ta:சிசிலிய மொழி]]
[[th:ภาษาซิซิลี]]
[[tr:Sicilyaca]]
[[ug:سىتسىلىيە تىلى]]
[[uk:Сицилійська мова]]
[[vi:Tiếng Sicilia]]
[[xmf:სიცილიური ნინა]]
[[zh:西西里语]]

Leagan ó 13:25, 9 Márta 2013

Teanga Rómánsach í an tSicilis a labhraítear sa tSicil. Tá an chanúint sin le cloisteáil ar fud na Sicile agus na n-oileán beag ina timpeall. Thairis sin, labhraítear canúintí gaolmhara i gcodanna de réigiúin Puglia agus Calabria ar an mórthír. Ar ndóigh, is féidir teacht trasna ar imirceánaigh ón tSicil i dtíortha móra an Bhéarla, na Stáit Aontaithe ach go háirithe, a bhfuil an teanga go líofa acu i gcónaí.

Fuair an tSicilis cuid mhaith focal ar iasacht ón nGréigis, ón Araibis, ón tSean-Fhraincis. Is deacair a rá, áfach, cathain a thosaigh sí á forbairt. Níl na teangeolaithe cinnte, ar mhair aon leagan den Laidin thruaillithe á labhairt nuair a bhí na hArabaigh i seilbh an oileáin, nó ar cuireadh an chéad síol leis an tSicilis i ndiaidh bhlianta an Arabachais. Tá sé sábháilte a rá nach bhfuil an tSicilis leath chomh sean leis an tSairdínis, ach mar sin féin, maireann cupla focal sa teanga a bhfuil an-seanchuma orthu. Más fíor nár tháinig an Laidin thruaillithe, as ar fáisceadh an tSicilis, - más fíor nár tháinig sí go dtí an tSicil ach i ndiaidh imeacht na nArabach, b'as Cúige Campania ba mhó a tháinig sí, agus blas na gcríoch sin uirthi.

Ní úsáidtear mórán Sicilise i litríocht inniu, ach amháin ar mhaithe leis an gcanúnachas. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha ag an gcanúint a théann siar a fhad leis an dara nó an tríú haois déag. Sna blianta sin, bhí scoil filíochta ag cumadh dánta agus laoithe Sicilise san oileán in aithris ar fhilíocht na dtrúbadóirí i nDeisceart na Fraince.

Bhí an-tionchar ag an tSicilis ar an Máltais. Araibis ab ea í an Mháltais ar dtús, ach ghlac sí leis na mílte iasachtaí ón tSicilis, i gcruth is nach bhfuil ann inniu ach focail Sicilise agus iad fáiscthe isteach i bhfráma na gramadaí Araibise. Fiú na focail a fuair an Mháltais ón Iodáilis chaighdeánaithe, is dual don Mháltach iad a fhuaimniú mar a d'fhuaimneodh an Sicileach iad, agus a chuma sin ar an litriú Máltaise. Mar shampla, teatru is ea é an focal Máltaise ar an "amharclann", agus ní teatro.

Níltear cinnte, an bhfuil mórán todhchaí i ndán don tSicilis, áfach. De réir mar atá an scoil ag cur na hIodáilise caighdeánaithe i mbéal na ndaoine óga, tá an tSicilis ag imeacht. Is dócha gurb é Mafia an chosaint is fearr atá ag an teanga, íorónta go leor. Nó is léir go bhfuil sé ag teacht isteach úsáideach ag na coirpeoirí teanga rúnda a bheith acu nach bhfuil intuigthe ag na péas.