An difríocht idir athruithe ar: "Benazir Bhutto"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
JackieBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: pam:Benazir Bhutto
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 91 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q34413 (translate me)
Líne 51: Líne 51:
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1953|Bhutto, Benazir]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1953|Bhutto, Benazir]]
[[Catagóir:Básanna i 2007|Bhutto, Benazir]]
[[Catagóir:Básanna i 2007|Bhutto, Benazir]]

[[an:Benazir Bhutto]]
[[ar:بينظير بوتو]]
[[arz:بينظير بوتو]]
[[ast:Benazir Bhutto]]
[[az:Bənazir Bhutto]]
[[bcl:Benazir Bhutto]]
[[be:Беназір Бхута]]
[[bg:Беназир Бхуто]]
[[bn:বেনজীর ভুট্টো]]
[[br:Benazir Bhutto]]
[[bs:Benazir Buto]]
[[ca:Benazir Bhutto]]
[[cs:Bénazír Bhuttová]]
[[cy:Benazir Bhutto]]
[[da:Benazir Bhutto]]
[[de:Benazir Bhutto]]
[[dv:ބޭނަޒީރު ބުއްޓޫ]]
[[el:Μπεναζίρ Μπούτο]]
[[en:Benazir Bhutto]]
[[eo:Benazir Bhutto]]
[[es:Benazir Bhutto]]
[[et:Benazir Bhutto]]
[[eu:Benazir Bhutto]]
[[fa:بی‌نظیر بوتو]]
[[fi:Benazir Bhutto]]
[[fr:Benazir Bhutto]]
[[fy:Benazir Bhutto]]
[[gu:બેનઝિર ભુટ્ટો]]
[[ha:Benazir Bhutto]]
[[he:בנזיר בהוטו]]
[[hi:बेनज़ीर भुट्टो]]
[[hr:Benazir Bhutto]]
[[hu:Benazír Bhutto]]
[[id:Benazir Bhutto]]
[[io:Benazir Bhutto]]
[[is:Benazir Bhutto]]
[[it:Benazir Bhutto]]
[[ja:ベーナズィール・ブットー]]
[[jv:Benazir Bhutto]]
[[ka:ბენაზირ ბჰუტო]]
[[kk:Бенәзир Бһутто]]
[[km:បេណាហ្សៀរ ប៊ូតូ]]
[[kn:ಬೆನಝೀರ್ ಭುಟ್ಟೊ]]
[[ko:베나지르 부토]]
[[ku:Benazir Bhutto]]
[[la:Benazir Bhutto]]
[[lb:Benazir Bhutto]]
[[lt:Benazir Bhutto]]
[[lv:Bēnazīra Bhuto]]
[[ml:ബേനസീർ ഭൂട്ടോ]]
[[mr:बेनझीर भुट्टो]]
[[ms:Benazir Bhutto]]
[[my:ဘနာဇီယာဘူတို]]
[[nds:Benazir Bhutto]]
[[ne:बेनजिर भुट्टो]]
[[nl:Benazir Bhutto]]
[[nn:Benazir Bhutto]]
[[no:Benazir Bhutto]]
[[oc:Benazir Bhutto]]
[[pam:Benazir Bhutto]]
[[pl:Benazir Bhutto]]
[[pnb:بینظیر بھٹو]]
[[pt:Benazir Bhutto]]
[[qu:Benazir Bhutto]]
[[ro:Benazir Bhutto]]
[[ru:Бхутто, Беназир]]
[[scn:Benazir Bhutto]]
[[sh:Benazir Bhutto]]
[[simple:Benazir Bhutto]]
[[sk:Bénazír Bhuttová]]
[[sl:Benazir Buto]]
[[sq:Benazir Buto]]
[[sr:Беназир Буто]]
[[su:Bénazir Bhutto]]
[[sv:Benazir Bhutto]]
[[sw:Benazir Bhutto]]
[[ta:பெனசீர் பூட்டோ]]
[[te:బెనజీర్ భుట్టో]]
[[tg:Беназир Бҳутто]]
[[th:เบนาซีร์ บุตโต]]
[[tl:Benazir Bhutto]]
[[tr:Benazir Butto]]
[[uk:Беназір Бхутто]]
[[ur:بینظیر بھٹو]]
[[uz:Benazir Bhutto]]
[[vi:Benazir Bhutto]]
[[wuu:贝拉齐尔‧布托]]
[[yi:בענאזיר בוטא]]
[[yo:Benazir Bhutto]]
[[zh:贝娜齐尔·布托]]
[[zh-yue:貝娜齊爾]]

Leagan ó 05:04, 9 Márta 2013

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Ba pholaiteoir Pacastánach í Benazir Bhutto (Urdais: بینظیر بھٹ), a rugadh ar an 21 Meitheamh 1953 i gKarachi. Bhí sí ar an gcéad bhean a toghadh mar cheannaire ar stát Moslamach. Bhí sí ina príomhaire ar an bPacastáin idir na blianta 1988 agus 1990, agus arís ón mbliain 1993 go 1996. Feallmharaíodh í ar an 27 Nollaig, 2007 tar éis slógaidh pholaitiúil.[1] Bhí a hathair Zulfikar Ali Bhutto ina phríomhaire ar an bPacastáin freisin sna seachtóidí, sular crochadh é sa bhliain 1979.

A hÓige

Rugadh í ar 21 Meitheamh 1953. Bhí an-bhaint ag a muintir leis an bpolaitíocht agus seilbh acu ar thailte móra sa tSind. Ba é Zulfikar Alî Bhutto a hathair agus ba í an Béagam Nusrat Ispahani Bhutto, Ioránach, a máthair. Chuaigh sí ar scoileanna Caitliceacha agus bhain amach Meiriceá, áit ar ghnóthaigh sí BA le honóracha in Harvard. In Oxford thug sí faoin bhfealsúnacht, faoin bpolaitíocht agus faoin ngeilleagar, in éineacht le reachtaíocht idirnáisiúnta agus le taidhleoireacht.

A Teaghlach

D'fhill sí abhaile sa bhliain 1977 chun dul i mbun na taidhleoireachta, ach bhris an t-arm a hathair, arbh é an Príomh-Aire é ag an am, agus crochadh é tar éis é a chiontú i ndúnmharú (cé gur cuireadh amhras sa bhreith). Ruaigeadh Benazir Bhutto agus a máthair chun na Breataine, agus fuair deartháir léi bás sa Fhrainc, bás nach raibh saor ó amhras.

Phós sí Asif Ali Zardari sa bhliain 1987, agus bhí triúr clainne acu.

Polaitíocht

Chuaigh sí i gceannas ar Pháirtí Phobal na Pacastáine, agus é faoin lánsmacht aici go lá a báis. D'fhill sí abhaile sa bhliain 1986, bhain amach bua sna toghcháin agus chuaigh i réim. (Cailleadh Zia ul-Haq, an ginearál a chroch a hathair, idir an dá linn.) D'éirigh leis an Uachtarán Ghulam Ishaq Khan í a bhriseadh ar shéala na caimiléireachta sa bhliain 1990; i gceann tamaill fógraíodh neamhchiontach í agus tháinig sí i réim arís. Chuaigh sí i bpáirt le polaiteoirí eile agus leis na ginearáil, agus go fiú le Jamiat Ulema-e-lslami, dream coimeádach Ioslamach. D'oir sin don chaidreamh a bhí a rialtas ag iarraidh a dhéanamh leis na Talaban ar maithe le teorainn neamhchorrach agus le comhchaidreamh le tíortha iarShóivéideacha i lár na hÁise.

Chuir sí i leith an Uachtaráin Farooq Leghari go raibh baint aige le marú a dearthár Murtaza; chuir cairde Mhurtaza an choir chéanna ina leithse. Briseadh arís í agus chaill a páirtí na toghcháin. Chuaigh sí thar lear ar eagla a naimhde, ach d'fhill nuair a thug an tUachatarán nua Pervez Musharraf pardún di féin agus dá fear céile. (Bhí an Ginearál Musharraf tar éis teacht i réim mar cheannaire rialtais mhíleata.)

Sa bhliain 2007 a tháinig Benazir Bhutto ar ais, agus an-fháilte roimpi, ach rinneadh ionsuithe uirthi; tháinig sí slán ó ionsaí féinmharaithe a d'fhág 136 duine marbh. D'fhógair an tUachtarán Musharraf toghcháin nua, ach bhí caibidlí deacra aige féin agus ag Benazir Bhutto lena chéile idir an dá linn: coinníodh sa bhaile ar feadh tamaill í.

Benazir Bhutto á cur féin in iúl os comhair a lucht leanúna.

Feallmharú

Ar 27 Nollaig 2007, agus Benazir Bhutto ar an mbealach chun cruinnithe de chuid a páirtí i Rawalpindi, rinne fear a bhí in aice léi buama a phléascadh; gortaíodh í féin agus mórán eile, agus cailleadh í san ospidéal. Tógadh círéibeacha; d'fhógair urlabhra de chuid al-Qaida gurbh iadsan ba chúis leis an bpléascadh ach shéan urlabhra eile é.

Tagairtí