An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Mac Murchadha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (Robot: Modifying fr:Diarmait MacMurrough to fr:Diarmait Mac Murchada
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 9 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q887822 (translate me)
Líne 26: Líne 26:
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1110]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1110]]
[[Catagóir:Básanna i 1171]]
[[Catagóir:Básanna i 1171]]

[[cy:Diarmuid Mac Murchadha]]
[[de:Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach]]
[[en:Diarmait Mac Murchada]]
[[es:Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach]]
[[fr:Diarmait Mac Murchada]]
[[he:דרמוט מק'מורו]]
[[it:Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach]]
[[no:Diarmaid Mac Murchadha]]
[[sv:Dermot MacMurrough]]

Leagan ó 17:51, 7 Márta 2013

Teimpléad:Bosca Sonraí MonaircLaighean idir na blianta 1126 agus bliain a bháis ba ea Diarmaid Mac Murchadha (1110 - 1 Eanáir, 1171). Bhí aighneas idir é féin agus Tighearnán Ua Ruairc, agus chaill sé a choróin sa bhliain 1166 dá bharr. Tháinig na Normannaigh go hÉirinn sa bhliain 1169, áfach, tar éis dó cuireadh a thabhairt do rí Shasana agus na Normainne Anraí II teacht i gcúnamh air. Mar gheall ar seo, tugtar Diarmaid na nGall air chomh maith. Gheall sé a iníon Aoife don Normannach Strongbow mar pháirt den bheart céanna.

A shaol

Rugadh Diarmaid Mac Murchadha sa bhliain 1110 agus toghadh é ina rí ar Chúige Laighean nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d'aois, ach ní raibh an tArd-Rí sásta leis agus chuir sé an Ruarcach go Cúige Laighean leis an ríocht a bhaint de. Bhí Mac Murchadha ag troid ar feadh na mblianta as sin amach agus d'éirigh leis a ríocht a athghabháil faoi dheireadh sa bhliain 1133, agus bhí síocháin ina ríocht ar feadh na mblianta. Ach thosaigh an seanaighneas le Tighearnán Ua Ruairc arís agus chreach Diarmaid tailte Thighearnáin sa bhliain 1152. Chuaigh Bean Uí Ruairc abhaile le rí caithréimeach Laighean agus lean an t-aighneas ar aghaidh mar gheall air sin. Díbríodh Diarmaid i 1166, agus theith sé chun na Breataine. Gheall sé go mbeadh an té a ghabhfadh a ríocht ar ais dó ina oidhre air agus thug sé saighdiúirí Normannacha leis abhaile chun a thailte a ghabháil ar ais. D'éirigh go seoigh leis na saighdiúirí Normannacha faoi cheannas Strongbow. Ghabhadar Baile Átha Cliath agus pósadh Strongbow agus iníon Dhiarmada, Aoife, i dTúr Raghnaill, atá suite i bPort Láirge. Ón am sin ar aghaidh, d'fhan an chumhacht Ghallda in Éirinn, óir lean na Sasanaigh na Normannaigh i dtiarnas ar an bPáil, agus ar an tír ar fad ar deireadh.

Pósadh a iníne Aoife le Strongbow