An difríocht idir athruithe ar: "Oíche Shamhna"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (Robot: Modifying ko:할로윈 to ko:핼러윈
Gerakibot (plé | dréachtaí)
m r2.6.6) (róbat ag suimiú: uz:Halloween
Líne 117: Líne 117:
[[uk:Хелловін]]
[[uk:Хелловін]]
[[ur:ہالووین]]
[[ur:ہالووین]]
[[uz:Halloween]]
[[vi:Halloween]]
[[vi:Halloween]]
[[vls:Halloween]]
[[vls:Halloween]]

Leagan ó 13:49, 3 Márta 2013

Puimcín snoite

Saoire i bhféilire an Iarthair is ea Oíche Shamhna, a cheiliúrtar ar an 31 Deireadh Fómhair. Ceiliúrtar in Éirinn, i SAM, i gCeanada, sa Bhreatain, san Astráil, agus sa Nua-Shéalainn í.

Tá baint idir Oíche Shamhna agus an Chríostaíocht sa lá atá inniu ann, ach téann stair na Samhna i bhfad siar roimh ré na Críostaíochta. Tá an fhéile níos saolta anois áfach.

Sanasaíocht

Sean-Ghaeilge: samain, samuin, nó samfuin.

Stair

Ba iad Samhain (1 Mí na Samhna), Imbolc (1 Feabhra), Bealtaine (1 Bealtaine) agus Lúnasa (1 Lúnasa) na príomhfhéilte réamh-Chríostaí a bhí ag na Ceiltigh. B’fhéile an-tábhachtach í Oíche Shamhna. De réir seanscéalta, bhriseadh an deighilt idir an saol seo agus an domhan eile ar an oíche seo. Le teacht na Críostaíochta, cuireadh an seanghnás Ceilteach in oiriúint don Chreideamh. Rinneadh Féile na Naomh den chéad lá de mhí na Samhna agus Féile na Marbh den dara lá den mhí.

Nósanna

Is iomaí nós a bhaineann leis an bhféile seo i dtíortha éagsúla.

In Éirinn lastar an tine chnámh fós. Deirtear go gcoimeádann sí drochsprideanna as an áit. Itheann daoine báirín breac agus cnónna agus bíonn cluichí úll ar siúl chomh maith. Fadó bhíodh baint ag an bhfáidheadóireacht le hOíche Shamhna toisc gur theastaigh ó dhaoine fáil amach céard a bheadh i ndán dóibh i rith na bliana nua. Is nós Éireannach é 'bob nó bia’ freisin.

Sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada tá béim ar chailleacha a bhíonn ag marcaíocht ar scuaba agus cuirtear amach puimcíní le coinnle lasta. Tá an nós ‘bob nó bia’ ann i Meiriceá chomh maith agus síltear gur fhorbair sé i Meiriceá sa naoú chéad déag nuair a tháinig imircigh Éireannacha go Meiriceá.

I Meicsiceo, ceiliúrtar ‘El Dia de los Muertos’ nó Lá na Marbh ar an gcéad lá de mhí na Samhna. De réir scéalta, tagann gaolta marbha ar ais ar an lá seo lá agus ullmhaítear don chuairt chun fáilte a chur rompu. An oíche roimhré, téann daoine go dtí an reilig agus reitíonn siad na huaigheanna. Lasann siad coinneal amháin do gach anam agus ullmhaíonn siad altóir. Cuireann siad bláth nó an bia ab fhearr leis an duine marbh ar an altóir.

Sa Bhreatain Bheag deirtear gur féidir réamhinsint na bliana a chloisteáil ag crosbhóithre má éisteann duine go cúramach leis an ngaoth. Deirtear gur féidir liosta na marbh don bhliain nua a chloisteáil, má bhíonn duine ag an séipéal ag meánoíche agus clog an tséipéil á bhualadh.

Naisc sheachtracha