An difríocht idir athruithe ar: "Cumann Íosa"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Gerakibot (plé | dréachtaí)
m róbat ag baint: zh-min-nan:Iâ-sō͘-hoē
Gerakibot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: zh-min-nan:Iâ-so͘-hoē
Líne 95: Líne 95:
[[war:Katiringban ni Hesus]]
[[war:Katiringban ni Hesus]]
[[zh:耶稣会]]
[[zh:耶稣会]]
[[zh-min-nan:Iâ-so͘-hoē]]
[[zh-yue:耶穌會]]
[[zh-yue:耶穌會]]

Leagan ó 00:57, 2 Márta 2013

Cumann Íosa

Ord rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí é Cumann Íosa (Laidin: Societas Iesu), agus tugtar Íosánaigh ar chomhaltaí an oird seo. Ní féidir ach le fir bheith ina nÍosánaigh. Oideachasóirí, saineolaithe, múinteoirí agus scoláirí iad de ghnáth, agus clú is cáil orthu as an obair intleachtach atá idir lámhaibh acu le soiscéal Dé a chraobhscaoileadh. Tá na hÍosánaigh ag obair i 112 thír i gcúig ilchríoch.

Ba é Naomh Iognáid ó Loyola a bhunaigh Cumann Íosa sa bhliain 1534. Mhóidigh seisean agus seisear fear eile an chuid eile dá saol a chaitheamh i mbochtaineacht agus in aontumha agus fanacht dian dílis don Phápa. Sa bhliain 1540, fuair Foirmle Bhunaithe an Chumainn faomhadh Phól a Trí, a bhí ina Phápa san am.

Bhí páirt thábhachtach ag na hÍosánaigh san Fhrith-Reifirméisean agus, níos deireanaí, i nua-aoisiú na hEaglaise.

Is é an tArd-Ghinearál Adolfo Nicolás atá i gceannas ar Chumann Íosa ón mbliain 2008 i leith. Tá ceanncheathrú an Oird suite in Eaglais Ainm Ró-Naofa Íosa (Chiesa del Santissimo Nome di Gesù all'Argentina), nó "Eaglais Gesù" (Chiesa del Gesù), sa Róimh.