An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Síol"
m róbat ag baint: tk:Wikipediýa:Ownuk makala (deleted) |
|||
Líne 84: | Líne 84: | ||
[[tg:Википедиа:Нопурра]] |
[[tg:Википедиа:Нопурра]] |
||
[[th:วิกิพีเดีย:โครง]] |
[[th:วิกิพีเดีย:โครง]] |
||
[[tk:Wikipediýa:Ownuk makala]] |
|||
[[tl:Wikipedia:Usbong]] |
[[tl:Wikipedia:Usbong]] |
||
[[tr:Vikipedi:Taslak madde]] |
[[tr:Vikipedi:Taslak madde]] |
Leagan ó 16:05, 1 Márta 2013
Is éard is síol ann ná alt an-ghearr - níos lú ná paragraf amháin go hiondúil. Ní féidir le síol tuairisciú ceart a dhéanamh ar ábhar ach amháin do na hábhair is neamhthábhachtaí. Ní chiallaíonn sé sin nach fiú don alt a bheith ann ach ba cheart go mbeadh ar a laghad, sainmhíniú ar theideal an ailt ann.
Síol a chruthú
Má theastaíonn uait alt a mharcáil mar shíol, cuir an chlib seo ag deireadh an ailt, ach roimh na ranna Féach freisin agus Naisc sheachtracha:
- {{síol}}
Léireofar an téacs seo a leanas (ón Teimpléad:síol) san alt.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Tugann é seo misneach do dhaoine eile an t-alt a fhorleathnú. Tar éis píosa breise a scríobh don leathanach, sa chaoi nach bhfuil cuma shíl air níos mó, bain an chlib seo den alt.
Síol a fhorleathnú
Chun síol a fhorleathnú, is féidir leat tagairtí a chur isteach agus a lua faoin ábhar as leabhair, irisí nó nuachtáin. Tabhair cuairt ar naisc sheachtracha an ailt, má tá siad ann, nó d'fhéadfá cuardach a dhéanamh ar inneall cuardaigh ar nós Google nó Yahoo! chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar. Cuimhnigh, áfach, nach féidir leat téacs a chóipeáil focal ar fhocal isteach sa Vicipéid, de réir an GFDL. Ar ndóigh, is féidir leat alt a aistriú ó theanga eile sa Vicipéid, m.sh. an Vicipéid i mBéarla.