An difríocht idir athruithe ar: "Ourense"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (Robot: Modifying cbk-zam:Orense to cbk-zam:Ourense
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag baint: cbk-zam:Ourense (deleted)
Líne 28: Líne 28:
[[bg:Оренсе]]
[[bg:Оренсе]]
[[ca:Ourense]]
[[ca:Ourense]]
[[cbk-zam:Ourense]]
[[cs:Ourense]]
[[cs:Ourense]]
[[de:Ourense]]
[[de:Ourense]]

Leagan ó 06:49, 1 Márta 2013

Suíomh.

Is cathair í Ourense in iarthuaisceart na Spáinne, agus is í príomhchathair an chúige Ourense sa Ghailís. Tá daonra 107,186 aici, agus is é sin 30% de dhaonra an chúige ar fad.

Stair

Bunaíodh an baile in am na Rómhánach. Áit mhaith ab ea é le cosaint bealach thar an abhainn Miño. Tar éis na Rómhánach, bhí sé mar chuid den Ríocht Suebi ón 5ú haois go dtí an 7ú haois, go dtí gur ghabh agus gur mhill na Múraigh é sa bhliain 716. Rinne Alfonso III atógáil ar an áit timpeall na bliana 877. Chuir ionsaí na Normannach agus na nArabach Al-Mansur meath leis an gcathair arís. Bhí sé ar ais mar chathair thábhachtach faoi réim Sancho II agus a dheirfiúr Doña Elvira sa 11ú haois.

Tuarasóireacht

Ard-Eaglais.
Ponte Vella.

Tá trí chuid den chathair ann a bunaíodh aoiseanna éagsúla; an mheánaois, an 19ú haois agus an achar comhaimseartha. Cosúil le formhór bhailte na Spáinne tá an Plaza Mayor mar anam na cathrach. Is é an Ard-Eaglais an foirgneamh is tábhachtaí sa chathair. Is í an dara ard-eaglais is sine sa Ghailís (bunaíodh é sa bhliain 572, agus atógadh í sa 13ú haois. Tá stíl Rómhánúil ann, chomh maith le stíl Ghotach freisin.

Tá droichead iontach ag dul thar an abhainn Miño, mar atá, an Ponte Vella. Thóg na Rómhánaigh ar dtús é, agus rinne an t-easpag Lorenzo atógáil air sa bhliain 1230.

Barallete

Bhain lucht líofóra na sceana agus lucht na scáthanna fearthainne úsáid as argot darbh ainm Barallete, ba bhéarlagair é seo inar úsáideadh focail nuachumtha nár thuig aon duine eile in ionad gnáthfhocal.