An difríocht idir athruithe ar: "Michelangelo"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: mzn:میکل آنژ
MastiBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag baint: fa:میکل‌ آنژ
Líne 106: Líne 106:
[[eu:Michelangelo]]
[[eu:Michelangelo]]
[[ext:Michelangelo]]
[[ext:Michelangelo]]
[[fa:میکل‌ آنژ]]
[[fi:Michelangelo]]
[[fi:Michelangelo]]
[[fiu-vro:Michelangelo]]
[[fiu-vro:Michelangelo]]

Leagan ó 23:44, 28 Feabhra 2013

Michelangelo di Lodovico Buonarroti Simoni

Portráid chailc de Michelangelo le Daniele da Volterra
Ainm BreitheMichelangelo di Lodovico Buonarroti Simoni
Breith 6 Márta, 1475
in aice le Arezzo, Caprese, an Tuscáin, an Iodáil
Bás 18 Feabhra, 1564
An Róimh
Náisiúntacht Iodálach
Gluaiseacht An tArd-Renaissance
Síniú

Bhí Michelangelo di Lodovico Buonarroti Simoni nó go simplí Michelangelo (6 Márta, 147518 Feabhra, 1564), ar dhuine de na healaíontóirí ba mhó agus ba thábhachtaí san Athbheochan (nó an Renaissance). Péintéir, dealbhóir, ailtire, file agus innealtóir Iodálach a bhí ann, sár-ealaíontóir ildánach a dtugtaí Il Divino ("an Duine Diaga") air.

Óige

Rugadh Michelangelo di Lodovicio Buonaroti Simoni ar 6 Márta 1475 in Caprese sa Tuscáin. Ba bhaincéirí iad muintir Michelangelo, ach bhí ag teip ar a athair Lodovicio a ghnóthaí a riaradh le héifeacht, agus b'éigean dó postanna a fháil anois agus arís i seirbhís an stáit. Nuair a rugadh Michelangelo bhí a athair ina Riarthóir Dlíthiúl i mbaile beag Caprese agus ina Riarthóir Áitiúil in Chiusi. Ba í Francesca di Nieri del Miniato di Siena máthair Michelangelo. Chreid muintir Buonarroti gur de shliocht na Cuntaoise Mathilde de Canossa iad, cé nach féidir é sin a chruthú. Cúpla mí tar éis bhreith Michelangelo d'aistrigh a mhuintir ar ais go Flórans, áit ar tógadh é. Thagadh trealláin tinnis ar a mháthair agus é seacht mbliana d'aois, rud a d'fhág go raibh sé in aon teach le saor cloiche agus a bhean i mbaile Settignano, áit a raibh cáiréal marmair ag a athair.

Chuir athair Michelangelo é chun an daonnachaí Francesco da Urbino in Flórans agus é ina buachaill óg, agus is beag suim a bhí aige sa staidéar. B’fhearr leis pictiúir a chóipeáil i dteampaill agus a bheith i gcuideachta ealaíontóirí eile. In aois a thrí bliana déag ghlac Domenico Ghirlandaio leis mar phrintíseach é. Nuair a bhí Michelangelo ceithre bliana déag d'aois thug a athair ar Ghirlandaio é a íoc, rud fíorannamh ag an am. Nuair a d’iarr rialtóir Flórans, Lorenzo de Medici, ar Ghirlandaio sa bhliain 1492 an bheirt ealaíontóirí ab fhearr a bhí aige a chur chuige, roghnaigh Ghirlandaio Michelangelo agus Francesco Granacci. Idir na blianta 1490 agus 1492 bhí Michelangelo ag déanamh staidéir in Acadamh an Daonnachais, foras a bhunaigh muintir Medici faoi anáil an Nua-Phlatónachais. Rinne Michelangelo staidéar ar dhealbhóireacht faoi stiúradh Bertoldo di Giovanni. Chuaigh fealsúna agus scríbhneoirí ar nós Marsilio Ficino, Pico della Mirandola agus Angelo Poliziano i gcion go mór ar a aigne agus ar a ealaíon san Acadamh. Leis an tréimhse seo a bhaineann na dealbha "Maighdean na gCéimeanna" (1490-1492) agus "Cath na gCeinteár" (1491-1492).

I mBuaic a Réime

Tháinig cor eile i saol Michelangelo de bharr bhás Lorenzo ar 8 Aibreán 1492. D’fhág sé pálás na Medici agus rinne cónaí i dteach a athar, áit a ndearna sé cros adhmaid (1493) a thug sé d'Eaglais Santo Spirito i bhFlórans. Lig seo dó staidéar a dhéanamh ar an anatamaíocht in ospidéal na hEaglaise. Idir na blianta 1493 agus 1494 cheannaigh sé bloc marmair agus rinne dealbh ollmhór d'Earcail, saothar a cuireadh chun na Fraince agus a chuaigh ar seachrán timpeall na bliana 1700. Ar 20 Eanáir 1494, tar éis plúchadh mór sneachta, d'iarr Piero de Medici, oidhre Lorenzo, air dealbh shneachta a dhéanamh, rud a thug Michelangelo ar ais chun Pálás na Medici.

Nuair a díbríodh na Medici as Flórans d’aistrigh Michelangelo go Bologna. D’fhill sé ach theip air aon obair a fháil ón rialtas. Rinne sé ‘’Cupid ina Chodladh’’ ar mhúnla saothar clasaiceach agus dhíol leis an gCairdinéal Raffaele Riario é. Nuair a fuair Riario amach nár shaothar de chuid na seanreachta é tháinig an oiread sin íonaidh air gur iarr sé ar an ealaíontóir óg dealbh Bhacas a dhéanamh dó. Ach nuair a chonaic sé an saothar dhiúltaigh sé dó, agus b’éigean do Michelangelo é a dhíol leis an mbaincéar Jacopo Galli i gcomhair a gháirdín. Sa bhliain 1497 iarraidh air Pietà a dhéanamh, rud a thosaigh sé an bhliain dar gcionn.

Oibreacha eile

Nuair a d’fhill Michelangelo ar Fhlórans idir na blianta 1499 agus 1501 iarradh air dealbh Dháibhí a dhéanamh mar chomhartha ar shaoirse na cathrach. Bhí sé seo ar na saothair ab fhearr dá chuid, agus chuir sé bailchríoch air sa bhliain 1504. D'eascair sé as píosa ollmhór marmair ó chairéal Charrara, agus cuireadh é in airde os comhair an an tSean-Pháláis (Palazzo Vecchio) sa Piazza della Signoria.

D’fhill Michelangelo ar an Róimh sa bhliain 1505 agus idir na blianta 1508 agus 1512 dhathaigh sé díon an tSéipéil Shistínigh don Phápa Clement VII. Ar dtús ní raibh le bheith ann ach an Dá Aspal Déag, ach de réir a chéile chum sé fíoracha eile a bhain le Cruthú agus le Deireadh an Domhain. Idir na blianta 1532 agus 1541 chum sé an Breithiúnas Deireanach, ach chuir roinnt fíoracha lomnochta fearg ar dhaoine éigin, an Cairdinéal Carafa agus an Moinsíneoir Sernini go háirithe, agus rinne siad gearán. Mar dhíoltas, rinne Michelangelo íomhá de Charafa mar anam damnaithe.

Ba é saothar mór deireanach Michelangelo Baisleac Pheadair sa bhliain 1546 (cé nach eisean a thosaigh é).

Fuair Michelangelo bás sa bhliain 1564 sula raibh an obair dheireanach seo críochnaithe.

Naisc sheachtracha

Foinsí

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR