An difríocht idir athruithe ar: "An tSeoirsis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: kk:Грузин тілі
JackieBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag baint: diq:Gurciki
Líne 117: Líne 117:
[[da:Georgisk (sprog)]]
[[da:Georgisk (sprog)]]
[[de:Georgische Sprache]]
[[de:Georgische Sprache]]
[[diq:Gurciki]]
[[el:Γεωργιανή γλώσσα]]
[[el:Γεωργιανή γλώσσα]]
[[en:Georgian language]]
[[en:Georgian language]]

Leagan ó 16:06, 25 Feabhra 2013

Teimpléad:Teanga Is í an tSeoirsis, nó an Ghrúisis, teanga oifigiúil na Seoirsia, agus í ó dhúchas ag ceithre mhilliún duine, a bheag nó a mhór. Ceann de na teangacha Cugasacha Theas is ea í, agus le fírinne is í an t-aon teanga amháin acu a bhfuil forbairt cheart liteartha déanta uirthi. Iad siúd a labhraíonn teangacha eile an ghrúpa seo, is é sin, Kivruli, Laz, Svan, nó Margaluri, is í an tSeoirsis liteartha is mó a chleachtann siad mar theanga liteartha. Is é kartuli ena (ქართული ენა) ainm na teanga sa teanga féin.

Tá aibítir dá cuid féin ag an tSeoirsis. Deir na hAirméanaigh gurbh é Mesrop Mashtots, naomhphatrún na hAirméine, a rinne í, díreach mar a chum sé aibítir na hAirméinise féin, ach is é an scéal a insíonn na Seoirsigh féin gurbh é an Rí Pharnavaz a cheap na litreacha sa cheathrú haois i ndiaidh bhreith Chríost.

Tá traidisiún saibhir liteartha ag an tSeoirsis. Is é an téacs is sine atá ann ná Tsamebay tsmindisa Shushanikisi, dedoplisa (წამებაჲ წმიდისა შუშანიკისი დედოფლისაჲ) nó "Mairtíreacht na Bainríona Naofa Shushanik", agus téann sé siar go dtí an cúigiú haois i ndiaidh bhreith Chríost. B'é Iakob Tsurtaveli a chum é. Sa dara haois déag a scríobhadh eipic náisiúnta na Seoirsia, Vepkhistqaosani (ვეფხის ტყაოსანი), nó "An Ridire i gCraiceann an Phantair". B'é Shota Rustaveli an t-údar.

Cé go bhfuil an tSeoirsis an-difriúil le teangacha na hEorpa, bhí sí fáiltiúil riamh roimh fhocail iasachta ó na teangacha Iartharacha. An té a éistfidh leis an raidió Seoirsise, aithneoidh sé roinnt mhaith focal a tháinig as an Laidin nó as an nGréigis. I gcomparáid léi, tá an Airméinis, cuir i gcás, i bhfad níos "dothuigthe", cé go bhfuil sí gaolmhar leis na teangacha Ind-Eorpacha.

An Aibítir

(Seo iad na litreacha atá in úsáid i Seoirsis an lae inniu. Tá roinnt litreach de chuid na Sean-Seoirsise fágtha ar lár.)

ა = a

ბ = b

გ = g

დ = d

ე = e

ვ = v (is minic a bhíonn an ceann seo cosúil le w an Bhéarla)

ზ = z (is é sin, z an Bhéarla)

თ = t (t láidir, cosúil le t an Bhéarla agus na Gearmáinise)

ი = i

კ = k eisiachtach, nó k scornánaithe - is é sin, an cineál speisialta den k a bhfuil an scornán páirteach ina fhuaimniú

ლ = l

მ = m

ნ = n

ო = o

პ = p scornánaithe

ჟ = zh, is é sin, an fhuaim a chloistear san fhocal Béarla úd "pleasure"

რ = r

ს = s

ტ = t scornánaithe

უ = u

ფ = p (láidir)

ქ = k (láidir)

ღ = gh (is é sin, gh leathan na Gaeilge)

ყ = q'. Is fuaim é seo nach mbíonn a leithéid le fáil sna teangacha eile. Go bunúsach, is k scornánaithe é a fhuaimnítear i bhfad siar sa scornach!

შ = sh an Bhéarla, nó s caol na Gaeilge

ჩ = ch an Bhéarla, cosúil leis an bhfocal úd church

ც = ts

ძ = dz

წ = ts scornánaithe

ჭ = ch an Bhéarla agus scornánú á chur leis

ხ = ch na Gaeilge agus na Gearmáinise

ჯ = j an Bhéarla

ჰ = h

An tSeoirsis
Vicipéid le fáil as An tSeoirsis freisin