An difríocht idir athruithe ar: "OpenOffice.org"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag mionathrú: el:OpenOffice.orgel:Apache OpenOffice
Rubinbot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (Robot: Modifying simple:OpenOffice.org to simple:OpenOffice
Líne 81: Líne 81:
[[sh:OpenOffice.org]]
[[sh:OpenOffice.org]]
[[si:OpenOffice.org]]
[[si:OpenOffice.org]]
[[simple:OpenOffice.org]]
[[simple:OpenOffice]]
[[sk:OpenOffice.org]]
[[sk:OpenOffice.org]]
[[sl:OpenOffice.org]]
[[sl:OpenOffice.org]]

Leagan ó 01:34, 25 Feabhra 2013

Lógó OpenOffice.org
OpenOffice.org Writer

Sraith feidhmchlár oifige shaor agus foinse oscailte is ea OpenOffice.org, ina bhfuil comhpháirteanna do phróiseáil focal, scarbhileoga, láithreoireacht, grafaic veicteoireach agus bunachair sonraí. Tá leaganacha ar fáil d'ardáin éagsúla, ar nós Microsoft Windows, córais Unix-iúla leis an X Window System ar nós GNU/Linux, BSD, Solaris agus Mac OS X. Tá sé mar chuspóir a lucht forbartha go raibh sé comhoiriúnach le Microsoft Office agus go dté sé in iomaíocht leis an sraith sin agus le morsraitheanna feidhmchlár oifige eile. Tacaíonn sé an caighdeán Open Document a ghabhann le hidirmhalartú sonraí, agus is féidir an sraith a úsáid in aisce.

Comhpháirteanna

Bailliúchán d'fheidhmchláir éagsúla atá in OpenOffice.org a chomhoibríonn le chéile. I measc na gcomhpháirteanna, tá:

  • OpenOffice.org Writer: Próiseálaí Focal fuinniúil lenar féidir leat doiciméid, tuarascálacha, nuachtlitreacha agus bróisiúir a chruthú.
  • OpenOffice.org Calc: Scarbhileog atá lán le gnéithe sainiúla.
  • OpenOffice.org Impress: An modh is tapúla chun taispeántais ilmheáin a chruthú.
  • OpenOffice.org Draw: Cuirfidh an clár seo ar do chumas idir léaráidí simplí, léiriúcháin bhríomhara thríthoiseacha, agus maisíochtaí éagsúla a dhéanamh.
  • OpenOffice.org Base: Clár láidir a thabharfas na huirlisí cuí duit gnáthobair bunachar sonraí a dhéanamh go simplí ar bhonn scarbhileoig.
  • Macrathaifeadán
  • OpenOffice.org Math: Clár a chuidíonn leat obair le cothromóidí matamaiticiúla.
  • Meardhúisire

Ní féidir na comhpháirteanna seo a lódáil anuas ina n-aonar, ach is féidir iad a shuiteáil ar leith ar Windows (ní féidir é seo a dhéanamh ar Linux nó ar Mac OS X).

Naisc sheachtracha

Teimpléad:Nasc AR