An difríocht idir athruithe ar: "An Ungáiris"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag mionathrú: se:Ungáragiella, wa:Hongrwès (lingaedje)
MastiBot (plé | dréachtaí)
Líne 148: Líne 148:
[[oc:Ongrés]]
[[oc:Ongrés]]
[[os:Венгриаг æвзаг]]
[[os:Венгриаг æвзаг]]
[[pa:ਮਗਿਆਰ ਭਾਸ਼ਾ]]
[[pa:ਮਗਯਾਰ]]
[[pl:Język węgierski]]
[[pl:Język węgierski]]
[[pms:Lenga ungherèisa]]
[[pms:Lenga ungherèisa]]

Leagan ó 06:28, 21 Feabhra 2013

Teimpléad:Teanga Is í an Ungáiris, nó magyar nyelv, an ceann is líonmhaire cainteoirí dúchais de na teangacha Fionn-Úgracha, agus í á labhairt ag 14,5 milliún duine san Ungáir, sa tSlóvaic, san Úcráin, sa Rómáin, sa tSeirbia, sa tSlóivéin agus sa Chróit. Ceann de na teangacha Úgracha í, in éineacht leis an teanga Khanty agus an teanga Mansi, dhá theanga bheaga mionlaigh a labhraítear cois Abhainn Ob sa Rúis (na teangacha Ob-Úgracha, mar a thugtar orthu freisin).

Is í an Fhionlainnis an dara teanga Fhinne-Úgrach is mó cainteoirí, ach ós rud é go mbaineann an dá theanga seo le craobhacha éagsúla an chrainn ghinealais, ní féidir leis an Úngarach adhmad ar bith a bhaint as caint an Fhionlannaigh, mura bhfuil an Fhionlainnis foghlamtha aige. Níor haithníodh an gaol idir na teangacha seo ach sa bhliain 1717, agus ina dhiaidh sin féin, bhí cuid mhaith de na huaisle Ungáracha an-doicheallach ag tabhairt aitheantais dó, ó ba náir leo a admháil go mbeadh aon bhaint acu le "muintir fhiáin na Laplainne". Is léir go raibh cúiseanna polaitiúla leis an gconspóid sin freisin.

Cé nach bhfuil sé éasca gaolmhaireacht na hUngáirise agus na Fionlainnise a aithint ar na focail, is féidir a thaispeáint go bhfuil eochairfhocail áirithe sa dá theanga cosúil le chéile. Seo cupla sampla:

  • Ungáiris: fa, Fionlainnis: puu - crann
  • Ungáiris: fél, Fionlainnis: pelko - eagla
  • Ungáiris: fészek, Fionlainnis: pesä - nead
  • Ungáiris: könny, Fionlainnis: kyynel - deoir
  • Ungáiris: kéz, Fionlainnis: käsi - lámh
  • Ungáiris: hal, Fionlainnis: kala - iasc
  • Ungáiris: ház - teach, Fionlainnis: kota - bothán, bothóg
  • Ungáiris: szem, Fionlainnis: silmä - súil
  • Ungáiris: máj, Fionlainnis: maksa - ae, crua-ae

Tá gramadach an dá theanga bunaithe ar na prionsabail ghinearálta chéanna, is é sin, is teangacha táite iad - úsáideann siad a lán iarmhíreanna agus foirmeacha gramadúla éagsúla.

Stair na hUngáirise

Is dócha gur thosaigh stair na hUngáirise mar theanga ar leith timpeall is míle bliain roimh bhreith Chríost. Bhí an-tionchar ag na teangacha Tuircice ar an Ungáiris go háirithe sa dara leath den chéad mhílaois i ndiaidh bhreith Chríost, agus tháinig lear mór focal isteach ó na teangacha sin, go háirithe téarmaí talmhaíochta agus riaracháin. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig na hUngáraigh i dteagmháil leis na Slavaigh, agus fuair siad cuid mhór focal ar iasacht uathu siúd freisin.

Breacadh an chéad téacs Ungáirise, Halotti beszéd és könyörgés ("Seanmóir Sochraide agus Urnaí"), síos i ndeireadh na dóú haoise déag. Cuireadh tuilleadh litríochta ar pár ón tríú haois déag i leith, agus sna 1430idí, haistríodh an Bíobla go hUngáiris. Bhí Ungáiris na laethanta sin sách difriúil leis an Ungáiris nua-aoiseach. Mar shampla, bhí cúig aimsir ag na briathra, nuair nach bhfuil ach dhá aimsir acu in Ungáiris an lae inniu.

Cuireadh an chéad leabhar clóbhuailte sa teanga i bprionta i gCracó, an Pholainn, sa bhliain 1533, agus b'é Benedek Komjáti a d'fhoilsigh í. Is éard a bhí sa leabhar ná leagan Ungáirise de litreacha Naomh Pól. Sa seachtú haois déag, bhí an teanga sách cosúil le hUngáiris an lae inniu, cé go raibh dhá aimsir chaite in úsáid i gcónaí. Thosaigh focail iasachta ón nGearmáinis, ón Iodáilis agus ón bhFraincis. Bhí an-tionchar ag an Laidin ar an stór focal freisin, toisc go raibh sí ina teanga oifigiúil riaracháin san Ungáir, agus í á labhairt sa tír go forleathan ag lucht an léinn agus ag an gcléir.

San ochtú haois déag, thosaigh na hintleachtóirí Ungáracha ag cur na teanga in úsáid léannta. Chronaigh siad uathu téarmaíocht cheart sa teanga, agus chrom siad ar í a fhorbairt mar ba chóir. Chuir siad le chéile focail nua chomhshuite, d'fhréamhaigh siad téarmaí trí iarmhíreanna a chur le focail sheanbhunaithe, agus shaibhrigh siad an teanga chaighdeánach le focail chanúnacha. Tháinig cuma nua ar fad ar an teanga liteartha de bharr an tsaothraithe seo - nyelvújítás, nó "leasú na teanga". Thairis sin, fuair an Ungáiris stádas oifigiúil san Ungáir sa bhliain 1844, in áit na Laidine.

Níor thaitin seo le cách san Ungáir féin, nó i ré na hOstaire-Ungáire, ba tír ilteangach í an Ungáir, agus ní raibh na Slóvacaigh, mar shampla, sásta le stádas oifigiúil na hUngáirise de rogha ar an Laidin. Bhí na Slóvacaigh féin díreach ag iarraidh a dteangasan a chaighdeánú agus a fhorbairt, agus iad den tuairim go raibh na hUngáraigh ag cur isteach ar na hiarrachtaí seo trína dteanga féin a bhrú anuas ar mhionlaigh eitneacha na tíre.

I gConradh Síochána Trianon i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, rinneadh deighilt ar an Ungáir, nuair a tháinig sraith de thíortha nua ar an bhfód san áit a raibh Impireacht na hOstaire agus na hUngáire. Sin é an tuige, go bunúsach, go bhfuil cónaí ar dhuine as gach triúr de na hUngáraigh eitneacha taobh amuigh den Ungáir.

Deighilt Gheografach na gCainteoirí

Labhraítear an Ungáiris mar theanga dhúchais sna tíortha seo leanas:

  • An Ungáir: deich milliún
  • An Rómáin: 1.4 milliún, an chuid is mó acu sa Trasalváin
  • An tSlóvaic: leathmhilliún
  • An tSeirb: trí chéad míle, an chuid is mó acu sa Vóvaidín
  • An Úcráin: 149 míle, an chuid is mó acu i gcúige Zakarpattia
  • Na Stáit Aontaithe: 118 míle
  • Ceanada: 75.5 míle
  • Iosrael: 70 míle
  • An Ostair: dhá mhíle fichead, an chuid is mó acu i gcúige Burgenland
  • An Chróit: sé mhíle déag is cúig chéad
  • An tSlóivéin: breis is naoi míle.

Stádas Oifigiúil agus Canúintí

Inniu, tá stádas oifigiúil ag an Ungáiris san Ungáir féin, agus í ar an t-aon teanga amháin, a bheag nó a mhór, a labhraítear ansin. Thairis sin, tá stádas oifigiúil réigiúnach aici sa tSeirbia (sa Vóvaidín) in éineacht leis an tSeirbis, an tSlóvaicis, an Rómáinis, an Chróitis agus an teanga Rusyn; i Hodoš, Dobrovnik (nach ionann é agus Dubrovnik sa Chróit!) agus Lendava sa tSlóivéin; agus in áiteanna sa tSlóvaic, sa Rómáin, agus san Úcráin. Sa tSlóvaic agus sa Rómáin, tá stádas oifigiúil aici i ngach ceantar agus i ngach cathair ina bhfuil sí ó dhúchas ag níos mó ná fiche faoin gcéad den daonra áitiúil.

Bíonn canúintí na hUngáirise, idir na canúintí sa tír dhúchais féin agus na cinn a labhraítear ina timpeall, an-chosúil le chéile, go háirithe ó chuaigh leasú agus caighdeánú na teanga i bhfeidhm orthu i rith an chúpla aois is deireanaí. Is í an chanúint is difriúla leis an gcuid eile acu ná an chanúint Csángó. Dream eitneach ar leith iad na Csángó a bhfuil cónaí orthu i gcontae Bacău in Oirthear na Rómáine agus ar a taobh thoir de theorainn na Moldóive agus na Rómáine. An cineál Ungáirise a labhraíonn siad, tá sí scoilte ó na canúintí Ungáirise eile, agus níor imir leasú na teanga a thionchar uirthi. Mar sin, tá sí níos cosúla le hUngáiris na Meánaoiseanna ná le hUngáiris chaighdeánach an lae inniu.