An difríocht idir athruithe ar: "California"
m r2.7.2+) (róbat ag suimiú: eml:Califòrgna |
Ptbotgourou (plé | dréachtaí) m r2.7.2) (Robot: Modifying fa:کالیفرنیا to fa:ایالت کالیفرنیا |
||
Líne 101: | Líne 101: | ||
[[et:California]] |
[[et:California]] |
||
[[eu:Kalifornia]] |
[[eu:Kalifornia]] |
||
[[fa:کالیفرنیا]] |
[[fa:ایالت کالیفرنیا]] |
||
[[fi:Kalifornia]] |
[[fi:Kalifornia]] |
||
[[fo:Kalifornia]] |
[[fo:Kalifornia]] |
Leagan ó 15:41, 20 Feabhra 2013
Teimpléad:Bosca Sonraí Stáit S.A. Is stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é California nó an Chalafóirn[1][2] mar a ghlaotar uirthi as Gaeilge uaireanta (cf. Calafóirniam nó Calafóirneach). Tá sé suite in iarthar na tíre ar chósta an Aigéin Chiúin. Is é an stát is mó sa tír ó thaobh daonra de agus an tríú stát is mó de réir achair. Is é "an Stát Órga" leasainm oifigiúil an stáit. D´fhéadfadh sé go mbaineann sé seo leis an ór ar thángthas air sa bhliain 1848 (agus a chuir tús le Fuadar Óir Chalifornia) nó mar go bhfuil dath an óir, nach mór, ar go leor de thalamh an stáit sa samhradh. Úsáidtear an giorrúchán CA don phost, agus baineann an Associated Press feidhm as Calif. Is é Sacramento príomhchathair na Calafóirne.
Daonra dlúth atá i ndeisceart na Calafóirne, agus is lú an líon daoine atá le fáil sa taobh thuaidh. Is é Los Angeles, sa deisceart, an chathair is mó sa stát agus is é an dara cathair is mó sna Stáit Aontaithe. Is é mórcheantar San Francisco, sa dtuaisceart, an dara ceantar uirbeach is mó sa stát. Maireann formhór an daonra laistigh de 50 míle (80 km) ón Aigéan Ciúin.
Ainm an Stáit
Creidtear go dtagann ainm an stáit ó Las sergas de Espladián (Eachtraí Spladian), úrscéal ón 16ú haois le Garci Rodríguez de Montalvo, a raibh oileán ann darbh ainm "California" a bhí ar nós Parthais. D'fhéadfadh sé go gciallaíonn an focal "chomh te le hoigheann" (cali > te, fornia > oigheann).
Tíreolaíocht
Tá éagsúlacht mhór ag baint le tíreolaíocht Chalifornia ón gcósta thiar go dtí sliabhraon an Sierra Nevada thoir, agus ó dheas arís chun Gleann an Bháis sa deisceart - ceann de na háiteanna is teo ar domhain. Tá an Gleann Láir idir an t-aigéan agus na sléibhte agus is é seo an príomhshuíomh talmhaíochta sa stát.
Bailte sa Chalafóirn
Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
---|---|---|---|
|
Tagairtí
- ↑ http://www.irishgaelictranslator.com/translation/topic29648.html
- ↑ Leathnach 181, Foclóir Gaeilge-Béarla, Niall Ó Dónaill, an Gúm.