An difríocht idir athruithe ar: "Jules Dumont d'Urville"
m r2.7.3) (Robot: Modifying sv:Jules Dumont d'Urville to sv:Jules Dumont d’Urville |
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: zh:朱·迪蒙·迪維爾 |
||
Líne 50: | Líne 50: | ||
[[tr:Jules Dumont d'Urville]] |
[[tr:Jules Dumont d'Urville]] |
||
[[uk:Жуль Дюмон-Дюрвіль]] |
[[uk:Жуль Дюмон-Дюрвіль]] |
||
[[zh:朱·迪蒙·迪維爾]] |
Leagan ó 16:32, 19 Feabhra 2013
Ba thaiscéalaí Francach é Seach-Aimiréal Jules Sébastien César Dumont d'Urville (23 Bealtaine 1790, Condé-sur-Noireau – 8 Bealtaine 1842, Meudon), a thaiscéal an tAigéan Ciúin deisceartach, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus Antartaice.
Saol
B'é d'Urville a tháinig ar an Venus de Milo le linn a thaiscéaladh go dtí na hOileáin Gréagacha sa bhliain 1820. Tá an dealbh le feiceáil inniu san Louvre i bPáras. Sheol sé timpeall an domhain i 1822 faoi cheannas an Chaptaein Louis Isidore Duperrey, agus bhailigh sé a lán plandaí agus ainmhithe a thóg sé abhaile leis.
Sa bhliain 1826 chuaigh sé go dtí an tAigéan Ciúin, agus scrúdaigh sé Nua-Ghuine, an Nua-Shéalainn agus roinnt oileáin eile atá sa réigúin seo agus ar a dtugtar an Aigéine sa lá atá inniu ann. B'eisean a chum na téarmaí an Mhicrinéis agus an Mheilinéis i rith an turais sin. Chuaigh sé ar thuras go dtí Antartaice sa bhliain 1837, agus thug sé an t-ainm Cósta Adélie ar réigiún atá ansin, tar éis a bhean chéile. D'fhill d'Urville abhaile sa bhliain 1840, agus rinneadh seach-aimiréal de.
Cailleadh d'Urville agus a bhean chéile i dtimpiste iarnróid i Meudon na Fraince sa bhliain 1842. Tá sé curtha i Cimetière du Montparnasse, reilig i bPáras. Is measc na háiteanna a ainmníodh tar éis d'Urville tá an Mhuir d'Urville agus Oileán d'Urville san Antartaice, agus Cape d'Urville, Irian Jaya (san Indinéis, ar an oileán Nua-Ghuine), agus tOileán D'Urville sa Nua-Shéalainn.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |