An difríocht idir athruithe ar: "Séarlas Mór"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Jotterbot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (Robot: Modifying hy:Կարլոս Մեծ to hy:Կառլոս Մեծ
HRoestBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.5) (róbat ag suimiú: pms:Carl Magn
Líne 114: Líne 114:
[[oc:Carlesmanhe]]
[[oc:Carlesmanhe]]
[[pl:Karol Wielki]]
[[pl:Karol Wielki]]
[[pms:Carl Magn]]
[[pnb:شارلمین]]
[[pnb:شارلمین]]
[[pt:Carlos Magno]]
[[pt:Carlos Magno]]

Leagan ó 06:00, 10 Feabhra 2013

Teimpléad:Bosca Sonraí Monairc

Rí de chuid na bhFranc (768814) a bhí i Séarlas Mór (74274728 Eanáir 814). Lena linn, d'éirigh ríocht na bhFranc níos mó, go dtí go raibh sí ina hImpireacht, ar corpraíodh an chuid is mó d'Iarthair agus Lár na hEorpa istigh ann. Le linn a réimeas, chloígh sé an Iodáil agus bhronn an Pápa Leo 111 an gradam 'Imperator Augustus' air, ar an 25 Nollaig 800. Dá réir sin, bhí sé, ar feadh seal, ina chéile comhraic don Impire Biosántach i gCathair Chonstaintín. A bhuí leis na gabhálacha agus na leasuithe a rinne sé, bhí ról an-tábhachtach ag Séarlas Mór i múnlú iarthar na hEorpa le linn na meánaoiseanna. Baineann an tAthbheochan Carolingeach lena réim freisin, athbheochan a bhain leis na healaíona agus leis an oideachas san iarthar. Tá Séarlas Mór liostaithe mar Séarlas I i liostaí ríoga na Fraince, na Gearmáine (áit a dtugtar Karl der Große air), agus na hImpire Naofa Rómhánach.

Mac leis an Rí Pépin Gearr agus Bertrada de Laon ab ea Séarlas Mór. Tháinig sé i gcumhacht i ndiaidh a athar agus roinn sé an cumhacht lena dheartháir Carloman I, go dtí go bhfuair seisean bás go tobann sa bhliain 771. Lean Séarlas Mór beartais a athar sa mhéid a bhain leis an phápacht. Thug sé cúnamh don Phápa, ag baint an chumhachta de na Lombardaig san Iodáil, agus chuir sé cogadh ar na Saraistíní a bhí ag bagairt ar a ríocht sa Spáinn. Is le linn an ama seo, d'fhulaing sé an briseadh ba mheasa dá shaol, ag Roncesvalles (778), coinnithe i gcuimhne i La Chanson de Roland, Throid sé freisin in aghaidh dreamanna san oirthear, go háirithe na Sacsanaigh, agus tar éis cogaidh fhada, chuir sé iad faoi chois. Nuair a thiontaigh siad ar an gCríostaíocht, comhthathaíodh iad sa ríocht agus chuir siad le fás an ríshleachta Ottonaigh.

Searlas Mór- pictiúr le hAlbrecht Dürer


Teimpléad:Link GA