An difríocht idir athruithe ar: "Fernão de Magalhães"
m róbat ag suimiú: min:Ferdinand Magellan |
m r2.7.3) (róbat ag baint: ba:Магеллан, Фернан |
||
Líne 21: | Líne 21: | ||
{{Nasc AR|sw}} |
{{Nasc AR|sw}} |
||
{{Link GA|fr}} |
{{Link GA|fr}} |
||
⚫ | |||
[[af:Ferdinand Magellaan]] |
[[af:Ferdinand Magellaan]] |
||
Líne 30: | Líne 32: | ||
[[ay:Fernando de Magallanes]] |
[[ay:Fernando de Magallanes]] |
||
[[az:Fernan Magellan]] |
[[az:Fernan Magellan]] |
||
[[ba:Магеллан, Фернан]] |
|||
[[bar:Ferdinand Magellan]] |
[[bar:Ferdinand Magellan]] |
||
[[bat-smg:Ferdėnands Magelans]] |
[[bat-smg:Ferdėnands Magelans]] |
||
Líne 88: | Líne 89: | ||
[[lt:Fernandas Magelanas]] |
[[lt:Fernandas Magelanas]] |
||
[[lv:Fernāns Magelāns]] |
[[lv:Fernāns Magelāns]] |
||
⚫ | |||
[[mk:Фернандо Магелан]] |
[[mk:Фернандо Магелан]] |
||
[[ml:ഫെർഡിനാന്റ് മഗല്ലൻ]] |
[[ml:ഫെർഡിനാന്റ് മഗല്ലൻ]] |
Leagan ó 01:16, 10 Feabhra 2013
Taistealaí farraige Portaingéalach ab ea é Fernão de Magalhães (Béarla: Ferdinand Magellan, Spáinnis: Fernando de Magallanes, 1480 – 27 Aibreán, 1521), a thug turasanna tábhachtacha taiscéalaíochta i seirbhís na Spáinne. B'eisean a bhí i gceannas ar an chéad turas rathúil timpeall an domhain. Níor éirigh leis, áfach, an turas sin a chríochnú, nó cailleadh i gCath Mactan in Oileán Cebu é, ceann de na hOileáin Fhilipíneacha. Cath ab ea é a tharraing sé anuas air féin, nuair a chuir sé ladar i gcúrsaí polaitíochta na mbundúchasach i Cebu.
Na Chéad Turasanna a Thug Sé
Chuaigh Magalhães ar a chéad turas farraige sa bhliain 1505, nuair a bhí sé cúig bliana fichead d'aois. An uair sin, bhí sé ar duine acu siúd a bhí le Francisco de Almeida a insealbhú mar leasrí Portaingéalach. B'ansin a tháinig Magalhães i ndeabhaidh lainne an chéad uair, nó fuair siad rompu taoiseach a bhí tar éis cáin a íoc le Vasco da Gama trí bliana roimhe sin, agus é ag diúltú Almeida faoin gcáin anois. Ansin, d'ionsaigh lucht leanúna Almeida é, agus ghabh siad Kilwa i dTansáin an lae inniu.
Sa bhliain 1506, chuaigh Magalhães go dtí na hIndiacha Thoir, agus é ag glacadh páirte sna turasanna taiscéalaíochta go dtí Oileáin na Spíosraí. I bhFeabhra 1509, throid sé i gcath farraige Diu, a chuir deireadh le tionchar na Tuirce Otamánaí sa chearn sin den domhan. Bronnadh dintiúirí an chaiptín ar Mhagalhães sa bhliain 1510. Chaill sé an coimisiún, áfach, sa bhliain a bhí chugainn, nuair a thug sé turas soir ar a long gan chead a fháil ó na húdaráis chuí roimhe sin. B'éigean dó filleadh go dtí an Phortaingéil sa bhliain 1512.
Sa bhliain 1513, cuireadh Magalhães go dtí Maracó, áit ar throid sé i gCath Azamor. B'ansin a goineadh go tromchúiseach sa ghlúin é. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar saoire gan chead a iarraidh ar Almeida, agus milleánaíodh é faoi thradáil neamhdhlíthiúil leis na Muslamaigh. Mar sin, bhain Almeida a dhea-shúil de. Ní raibh i gcuid mhór de na líomhaintí ach gnáthaithiseoireacht nach ndeachaigh chun na cúirte riamh, ach mar sin féin, ní raibh cara fágtha ag Magalhães i gcúirt an rí nua, Manuel a hAon. Mar sin, chuaigh Magalhães i muinín rí na Spáinne ar lorg oibre mar chaptaen farraige.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |