An difríocht idir athruithe ar: "An Giúdachas"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: pa:ਯਹੂਦੀ ਧਰਮ
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: gv:Yn Ewaghys
Líne 61: Líne 61:
[[gd:Iùdhachd]]
[[gd:Iùdhachd]]
[[gl:Xudaísmo]]
[[gl:Xudaísmo]]
[[gv:Yn Ewaghys]]
[[hak:Yù-thai-kau]]
[[hak:Yù-thai-kau]]
[[he:יהדות]]
[[he:יהדות]]

Leagan ó 03:34, 8 Feabhra 2013

Realta Dháibhí, siombail an Ghiúdachais. Feictear ar bhratach Stát Iosraeil í freisin.
Meanóra, siombail thábhachtach eile de chuid an chreidimh seo. Cuid d'armas Iosraeil é fosta.

Is é an Giúdachas, nó an tIúdachas, reiligiún na nGiúdach. Ceann de na reiligiúin aondiacha is sine ar domhan atá ann, agus ceann de na reiligiúin is sine atá á gcleachtadh fós. Tá airteagail chreidimh agus stair an Ghiúdachais ina gcroílár do bhunús na gcreideamh Ábrahamach eile, an Chríostaíocht agus an tIoslam san áireamh.

Níl aon údarás lárnach nó dogma comhaontach ag an nGiúdachas, ach tá roinnt prionsabal creidimh ag an reiligiún ilghnéitheach seo a choinníonn le chéile é. An ceann is tábhachtaí ná creideamh in aon Dia amháin atá uilefhiosach uilechumhachtach uiledhea-mhéiniúil tarchéimnitheach, a chruthaigh an chruinne agus gach rud atá inti, agus a bhfuil baint aige fós le riaradh na cruinne seo. De réir mar a chreidtear, b'é an Dia céanna a chruthaigh an chruinne agus a shocraigh cúnant leis na Giúdaigh agus a chuir a chuid dlíthe agus aitheanta in iúl dóibh sa Tórá. Caitheann an Giúdach fíréanta cuid mhó ama ag staidéar na ndlíthe agus na n-aitheanta seo le bheith in ann iad a urramú mar is cóir, agus litríocht iomlán - an Talmúd - scríofa ag Giúdaigh léannta na n-aoiseanna a chuaigh thart leis na dlíthe seo a mhíniú do na fíréin.

Teimpléad:Link FA