An difríocht idir athruithe ar: "An Cheathrú Rua"
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: nl:An Cheathrú Rua |
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: ka:კარარო |
||
Líne 34: | Líne 34: | ||
[[eu:An Cheathrú Rua]] |
[[eu:An Cheathrú Rua]] |
||
[[ja:キャラロー]] |
[[ja:キャラロー]] |
||
[[ka:კარარო]] |
|||
[[nl:An Cheathrú Rua]] |
[[nl:An Cheathrú Rua]] |
||
[[ru:Карраро]] |
[[ru:Карраро]] |
Leagan ó 21:42, 4 Feabhra 2013
Sráidbhaile mór is ea An Cheathrú Rua (Carraroe as Béarla go traidisiúnta) atá suite i gContae na Gaillimhe, Éire. Tá sí i lár Ghaeltacht Chonamara. Tá tarraingt ar an gCeathrú Rua mar cheantar turasóireachta le fada an lá. Tá clú agus cáil ar Húicéirí na Gaillimhe (Púcáin) agus ar Thrá an Doilín. Tagann formhór na dturasóirí chuig an gceantar chun iad a fheiceáil agus Gaeilge a fhoghlaim. Tagann go leor eile chun blaiseadh den chultúr agus den traidisiún láidir atá ar fud na háite. I rith an tsamhraidh cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Is ar an gCeathrú Rua atá Coláiste Chiaráin suite, agus na mílte scoláire óga ag teacht ansin gach uile bhliain chun freastal ar na cúrsaí Gaeilge. Bíonn geallta báid agus rásaí curach ar an mbaile freisin.
Gaeilge
Is í an Ghaeilge (Canúint Chonnachta go sainiúil) príomhtheanga labhartha na Ceathrún Rua, agus tá sí ar na háiteanna is láidre Gaeilge i nGaeltacht Chonnacht agus in Éirinn na laethanta seo. Tá thart ar 3,400 duine ina gcónaí sa sráidbhaile agus labhraíonn thart ar 85% acu Gaeilge go laethúil, de réir fhigiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge.
An sráidbhaile
Tá an ceantar méadaithe go mór le blianta beaga anuas, tá athrú suntasach tagtha ar an mbaile. Cúpla bliain ó shin ní raibh sa mbaile ach cúpla siopa, tithe ósta agus eastát tionsclaíochta amháin, tá go leor tógáil á déanamh san cheantar le gairid, tá páipéar nuachta náisiúnta Foinse bunaithe anseo anois chomh maith le foirgnimh de chuid ollscoil na Gaillimhe. Tá go leoir tithíochta príomháidí agus eastáit tithíochta tógtha sa mbaile le cúpla bliain anuas chomh maith le go leor tionscnamh eile atá á dtógáil faoi láthair.
Áras Mháirtín Uí Chadhain
Tá Áras Mháirtín Uí Chadhain, foirgneamh de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina reachtáltar cúrsaí teanga, ríomhaireachta srl., lonnaithe ar an gCeathrú Rua.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |