An difríocht idir athruithe ar: "Bogearraí mailíseacha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.2) (Robot: Modifying ko:악성코드 to ko:악성 소프트웨어
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: tl:Malware
Líne 77: Líne 77:
[[ta:தீப்பொருள்]]
[[ta:தீப்பொருள்]]
[[th:มัลแวร์]]
[[th:มัลแวร์]]
[[tl:Malware]]
[[tr:Kötü amaçlı yazılım]]
[[tr:Kötü amaçlı yazılım]]
[[uk:Шкідливий програмний засіб]]
[[uk:Шкідливий програмний засіб]]

Leagan ó 00:44, 31 Eanáir 2013

Is éard atá i gceist le bogearraí mailíseacharíomhchláir (ríomhoidis, bogearraí) a thagann isteach ón Idirlíon le seadú a dhéanamh i ríomhaire an úsáideora i nganfhios dó. Sa ghnáthchaint, is minic a thugtar "víreas" ar gach sórt bogearraí mailíseacha, ach le fírinne, is iomaí cineál eile atá ann, mar shampla:

  • Péisteanna ríomhaire. Is éard atá i gceist le péist ríomhaire ná ríomhchlár atá á iomadú féin agus ag fágáil cóipeanna de féin ar fud an chórais. Ní greamaíonn na péisteanna d'aon ríomhchlár eile, mar a dhéanann na víris.
  • Capall Traíoch. Is éard is capall Traíoch ann ná bogearra a thugann le fios go bhfuil sé le jab áirithe a dhéanamh, ach ina áit sin, nó fiú sa bhreis air sin, iompraíonn sé isteach orduithe nó scripteanna faoi cheilt ar féidir dóibh dochar éigin a dhéanamh do shonraí an úsáideora, dá ríomhaire nó dá phríobháideacht. Is iomaí spárálaí scáileáin "saor in aisce" a bhíonn ina chapall Traíoch.
  • Trealamh fréamhrochtana. Is éard atá i gceist le trealamh fréamhrochtana ná bogearra nó foireann bogearraí - "trealamh" - a chuireann ar do chumas pribhléidí an riarthóra - "fréamhrochtain", de réir théarmaíocht an chórais Unix - a bhaint amach duit gan cheadúnas na ndaoine eile a úsáideann an ríomhaire céanna.
  • Bogearraí spiaireachta. Mar a thugann an t-ainm féin le fios, is ríomhchláir iad seo a bhíonn ag coinneáil diansúile ar an dóigh a n-úsáideann an duine an ríomhaire.
  • Cuid de na bogearraí fógraíochta, ar a laghad.

Bunús agus cuspóirí

Cuid de na bogearraí mailíseacha, ní raibh iontu ar dtús ach turgnaimh eolaíochta nó clis mhagaidh. Iad siúd a d'fhorbair iad, ní raibh siad ag iarraidh dochar tromchúiseach a dhéanamh d'aon duine ná dá ríomhaire. Na ríomhchláraitheoirí óga a bhíodh á scríobh, ní raibh i gceist acu ach éirí eolach ar bhealaí na víreas, go háirithe chomh tapa agus a bhí siad ag léim ó ríomhaire go ríomhaire. Dealraíonn sé nach raibh ach cleas magaidh i gceist leis na víris ab fhairsinge a leath, chomh déanach leis an mbliain 1999.

Na víris atá ceaptha le loitiméireacht a dhéanamh nó leis na sonraí a dhíothú, tá níos mó i gceist leosan ná cleas magaidh. In imeacht ama, áfach, tháinig víris eile ar an bhfód agus iad dírithe ar bhrabús gnó a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ríomhairí daoine eile i nganfhios dóibh. Is féidir leis an gcoirpeach dul i muinín na ríomhairí ionfhabhtaithe (truaillithe) le litreacha turscair (spam) a chur sa ríomhphost, ábhar coiriúil (pornagrafaíocht leanaí, mar shampla) a choinneáil ar stóras, nó ionsaí diúltaithe seirbhíse a chur i gcrích mar shracaireacht.

Na víris is na péisteanna

Is iad na víris is na péisteanna na cineálacha bogearraí mailíseacha is mó a bhíonn i mbéal an phobail. Is éard atá i gceist leo ná bogearraí atá á leathadh mar a bheadh tolgadh galair ann. Is é is víreas ann ná ríomhchlár atá tar éis é féin a chur le ríomhchlár úsáideach éigin. Nuair a rithfear an ríomhchlár seo, rithfear an víreas san am céanna, agus na bogearraí úsáideacha eile á thruailliú ar an dóigh chéanna. Mar sin, níl sa víreas féin, go bunúsach, ach oideas a atáirgthe féin. Is féidir, áfach, "pálasta" a chur leis an oideas seo, is é sin, an chuid den víreas a chuireann gníomhaíochtaí eile i gcrích, agus iad docharach go minic. (Tháinig an téarma sin "pálasta" ón spásaireacht, nó is éard atá i gceist leis an bpálasta ansin ná na daoine nó an taiscéalaí spáis atá á iompar ag an roicéad.) Tá an víreas i dtuilleamaí bogearraí eile le hé féin a atáirgeadh is a leathadh, ach níl srianta den chineál sin leis an bpéist: bíonn na péisteanna á leathadh féin ó ríomhaire go ríomhaire tríd na líonraí ríomhairí, cosúil leis an Idirlíon. Bhí víris agus péisteanna ann roimh lá an Idirlín féin, áfach. San am sin, bhí siad ag dul ó ríomhaire go ríomhaire nuair a bhí na geocaigh ríomhairí, abair, ag cóipeáil ríomhchláir óna chéile agus ag tabhairt dioscaí le ríomhchláir ar iasacht dá chéile.

Na capaill Thraíocha, na trealaimh fhréamhrochtana, agus na doirse cúil

Le go bhféadfadh an ríomhchlár mailíseach dul chun dochair don ríomhaire, caithfidh sé a bheith folaithe, nó mura bhfuil, is féidir go n-aithneoidh an t-úsáideoir go bhfuil rud éigin cearr, ionas go gcuirfidh sé an ríomhaire as nó go scriosfaidh sé an bogearra naimhdeach sula mbeidh an camghnó déanta. Ar ndóigh, ní mór fíor-chuspóir an bhogearra mhailísigh a choinneáil faoi cheilt leis an úsáideoir a mhealladh chun é a shuiteáil ar an ríomhaire. Na bogearraí mailíseacha atá bunaithe ar an smaoineamh seo, tugtar capaill Thraíocha, nó Traígh, orthu.

Sa chiall is fairsinge, is é is ciall le "capall Traíoch" ná bogearra a mheallann an duine chun é a shuiteáil agus úsáid chiallmhar éigin a bhaint as, ach nuair a shuiteálfaidh an t-úsáideoir é, tiocfaidh pálasta folaithe isteach a bhfuil urchóid éigin ag baint leis. Is féidir don Traíoch cleas mailíseach éigin a imirt ar an úsáideoir, mar shampla a chuid sonraí a scrios, ach inniu, is minicí a shuiteálfaidh an Traíoch tuilleadh ríomhchláir lena úsáid féin a bhaint as an ríomhaire. Tugtar scaoilteoir ar an gcineál Traíoch a úsáidtear le síol a chur le heipidéim phéisteanna tríd an chéad phéist a scaoileadh saor ar an chéad ríomhaire.