An difríocht idir athruithe ar: "Gabriel García Márquez"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.3) (Robot: Modifying km:ហ្គ្រាប្រីអ៊ែល ហ្រ្គារ៉ាស្សៀ​ ម៉ារ៉ាហ្គេស to [[km:ហ្គ្រាប្រីអ៊ែល ហ្រ្គារ៉ាស្សៀ ម៉...
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
Líne 156: Líne 156:
[[war:Gabriel García Márquez]]
[[war:Gabriel García Márquez]]
[[wuu:伽孛里艾勒 伽勒西亚 马勒概斯]]
[[wuu:伽孛里艾勒 伽勒西亚 马勒概斯]]
[[yi:גבריאל גארסיא מארקעס]]
[[yo:Gabriel García Márquez]]
[[yo:Gabriel García Márquez]]
[[zh:加夫列尔·加西亚·马尔克斯]]
[[zh:加夫列尔·加西亚·马尔克斯]]

Leagan ó 10:53, 30 Eanáir 2013

Scríbhneoir ón gColóim is ea é Gabriel García Márquez, nó Gabo, atá ar duine de na scríbhneoirí is mó le rá i Meiriceá Theas. Tá idir úrscéalta, ghearrscéalta, aistí agus thuairiscí scríofa aige. Bhain sé amach Duais Nobel sa litríocht sa bhliain 1982. Saolaíodh ar an 6 Márta 1928 in Aracataca i gCúige Magdalena sa Cholóim é, ach is i Meicsiceo agus san Eoraip a chaith sé cuid mhór dá shaol. Deirtear gurbh eisean ba mhó a chuir an réalachas draíochta os comhair na ngnáthléitheoirí. Is é tuairim na saineolaithe gurbh iad é féin, Jorge Luis Borges, agus Julio Cortázar an triúr údar is mó i litríocht Mheiriceá Theas san fhichiú haois.

A Shaol

Iriseoir ab ea é Gabo ar dtús, agus é ag scríobh altanna ar El Heraldo i mBarranquilla agus ar El Universal i gCartagena. Bhí sé ina bhall de bhaicle neamhfhoirmeálta scríbhneoirí agus iriseoirí, Grúpa Barranquilla, agus thug an dream seo an-spreagadh dó dul chun pinn mar scríbhneoir. Ina dhiaidh sin, d'aistrigh sé go Bogotá, agus é ag obair don nuachtán laethúil úd El Espectador. Chaith sé sealanna ina chomhfhreagraí ar an gcoigríoch freisin, sa Róimh, i bPáras, i mBarcelona, i gCaracas, agus i Nua-Eabhrac.

B'é an chéad mhórshaothar a tháinig óna pheann ná Relato de un náufrago nó "Scéal an Mhairnéalaigh Longbhriste". Ar dtús, foilsíodh mar shraithscéal nuachtáin é sa bhliain 1955. Fíorscéal ab ea é faoi longbhriseadh a tharla de dheasca go raibh lastas thar an meáchan ar bhord na loinge. Long de chuid chabhlach cogaidh na Colóime a bhí ann, agus b'é ba chúis leis an meáchan breise ná go raibh earraí á smuigleáil ag an long - ábhar scannail a bhí ann, mar sin. An scéal a scríobh Gabo, tharraing sé amhras na ndaoine ar an leagan oifigiúil de na himeachtaí, ina ndearnadh laoch náisiúnta den t-aon mhairnéalach amháin a tháinig slán as, agus an milleán á chur ar an ngaoth mhór. B'é an sraithscéal seo a rinne comhfhreagraí eachtrannach de Gabo, nó b'é lár a leasa é an Cholóim a fhágáil, agus an dóigh a ndeachaigh a chuid iriseoireacht i bhfeidhm ar rialtas míleata an deachtóra Gustavo Rojas Pinilla. Tháinig an scéal i gcló ina leabhar sa bhliain 1970, agus shíl go leor de na léitheoirí san am sin gur úrscéal a bhí ann nach raibh bunús fírinne leis.

Is iomaí leabhar leis ar féidir léamh an fhicsin a bhaint as chomh maith le léamh na fírinne. Mar shampla, sa leabhar úd Crónica de una muerte anunciada ("Croinic an Bháis Réamhfhógraithe"), thug sé cur síos ar mhurdar áirithe a bhí i mbéal an phobail sa Cholóim agus an oiread is a scríobhadh faoi sna nuachtáin. Cineál úrscéal doiciméadach atá ann a d'fhéadfaí a chur i gcomparáid le In Cold Blood ("As Fuil Fhuar") le Truman Capote. Leabhar eile "idir eatarthu" is ea é El amor en los tiempos del cólera ("An Grá i dTréimhse an Chalair") ón mbliain 1985, inar inis sé scéal grá a thuismitheoirí.

Is é an saothar is rathúla leis ná an t-úrscéal úd Cien años de soledad nó "Céad bliain an uaignis", atá suite i sráidbhaile beag ficseanúil, Macondo, i bhforaois fearthainne na Colóime. Tugann an leabhar cur síos ar ghlúinte mhuintir Buendía i Macondo ó bhunú na háite i leith, agus an tionchar a imríonn stair chorrach na Colóime ar shaol na hiargúltachta i bhfad ó phríomhchathair na tíre.

Sa bhliain 1999, diagnóisíodh go raibh ailse limfeach air. Spreag an drochscéala é chun a chuid cuimhní cinn a bhreacadh síos, agus tháinig an chéad imleabhar, Vivir para contarla ("Saol le hinsint") i gcló sa bhliain 2002. Tá sé pleanáilte ag mo dhuine dhá imleabhar eile a scríobh fós. Sa bhliain 2004, arís, d'fhoilsigh García Márquez úrscéal nua, Memoria de mis putas tristes ("Cuimhne ar mo chuid striapach brónach").

Saothar as Spáinnis

  • La hojarasca, 1954.
  • Relato de un náufrago, 1955. ("Scéal an Mhairnéalaigh Longbhriste" mar shraithscéal ar an nuachtán)
  • Un día después del sábado, 1955 ("Lá i ndiaidh an tSathairn")
  • El coronel no tiene quien le escriba, 1961. ("Níl duine ar bith ag an gCoirnéal a scríobhfadh litir chuige")
  • Los funerales de la Mamá Grande, 1962. ("Sochraid na Máthara Móire")
  • La mala hora, 1962. ("An Drochuair")
  • Cien años de soledad, 1967. ("Céad Bliain Uaignis")
  • Monólogo de Isabel viendo llover en Macondo, 1968. ("Comhrá aonair Isabel, agus í ag breathnú ar an mbáisteach i Macondo")
  • Relato de un náufrago, 1970. ("Scéal an Mhairnéalaigh Longbhriste" faoi chlúdach leabhair)
  • La increíble y triste historia de la cándida Eréndira y de su abuela desalmada, 1972. ("An Scéal Brónach Dochreidte faoi Eréndira mhacánta agus faoina máthair mhór chruálach")
  • Cuando era feliz e indocumentado, 1973. ("Nuair a bhí mé sona seachas sonraithe")
  • Chile, el golpe y los gringos, 1974. ("An tSile, an forghabháil chumhachta agus na Poncáin")
  • Ojos de perro azul, 1974. ("Súile an mhadra ghoirm")
  • El otoño del patriarca, 1975. ("Fómhar an Bhoic Mhóir")
  • Todos los cuentos (1947-1972), 1976. ("Na Gearrscéalta ar fad")
  • Crónica de una muerte anunciada, 1981. ("Croinic an Bháis Réamhfhógraithe")
  • Textos costeños, 1981. ("Téacsaí ón gCósta")
  • Viva Sandino, 1982. ("Go maire Sandino")
  • El olor de la guayaba, 1982. ("Boladh na guábha")
  • El secuestro, 1982. ("An Fuadach")
  • El asalto: el operativo con el que el FSLN se lanzó al mundo, 1983.
  • Erendira, 1983.
  • Diatriba de amor contra un hombre sentado, 1994
  • El amor en los tiempos del cólera, 1985 ("Scéal grá ó laethanta an chalair")
  • Las Aventuras de Miguel Littín Clandestino en Chile, 1986 ("Eachtraí Miguel Littín faoi rún sa tSile")
  • El general en su laberinto, 1989. ("An Ginearál ina Chathair Ghríobháin")
  • Doce cuentos peregrinos, 1992. ("Dhá scéal oilithreachta déag")
  • Del amor y otros demonios, 1994. ("Scéalta faoin ngrá agus faoi dheamhain eile")
  • Noticia de un secuestro, 1996. ("Scéala faoi fhuadach")
  • Obra periodística 1: Textos costeños (1948-1952) ("Téacsaí ón gCósta", an chéad imleabhar de bhailiúchán shaothair iriseoireachta an scríbhneora)
  • Obra periodística 2: Entre cachacos (1954-1955) ("Eatarthu atá ag sodar i ndiaidh na n-uasal")
  • Obra periodística 3: De Europa y América (1955-1960) ("Ón Eoraip agus ó Mheiriceá")
  • Obra periodística 4: Por la libre (1974-1995) ("Ar a son siúd atá saor")
  • Obra periodística 5: Notas de prensa (1980-1984) ("Scéalta nuachtáin")
  • Vivir para contarla, 2002.
  • Memoria de mis putas tristes, 2004.


Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR