An difríocht idir athruithe ar: "An Vicipéid"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag baint: nv:Íiyisíí Naaltsoos
MacTire02 (plé | dréachtaí)
+cat
Líne 37: Líne 37:


[[Catagóir:Vicipéid]]
[[Catagóir:Vicipéid]]
[[Catagóir:Láithreáin ghréasáin]]
[[Catagóir:Láithreáin oiriúnaithe don Ghaeilge]]
[[Catagóir:Láithreáin oiriúnaithe don Ghaeilge]]



Leagan ó 20:03, 25 Eanáir 2013

Suaitheantas don Vicipéid

Ciclipéid Ghréasán-bhunaithe, ilteangach is ea an Vicipéid agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus bíonn sé de dheis ag duine ar bith le rochtain Idirlín acu a bhfuil ann a athrú. Is iomaí Vicipéid atá ann, mar shampla Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge. Scríobhadh an chéad alt sa leagan Gaeilge i mí Eanáir 2004 agus faoi láthair tá 60,137 alt ann.

Stair

Tháinig an leagan Béarla Wikipedia (comhfhocal den fhocal Havaíoch wiki – "scioptha" agus an focal Béarla encyclopedia) ar an bhfód sa bhliain 2000[1] mar chomhthogra den chiclipéid phroifisiúnta Nupedia. Tá an togra ar fad faoi stiúir an eagrais Wikimedia Foundation a fheidhmíonn ar bhonn neamh-bhrabach. Braitheann an eagraíocht ar shíntiúis le coinneáil ag imeacht.

Ó bunaíodh í, tá clú agus cáil na Vicipéide tar éis fás go sciobtha. Tá roinnt tograí eile (Wikibooks, Wiktionary, srl.) atá gaolta leis an Vicipéid tar éis teacht chun cinn de bharr caithréime na Vicipéide.

Eagraoíocht

Ag cur an Vicipéid in eagar – leathanach roimh agus ina dhiaidh a chuid eagraíocht.

Moltar go láidir d'eagarthóirí cloí le dearcadh neodrach sa tslí is go ndéantar achoimriú ar dhearcaí éagsúla ar ábhar ionas nach mbíonn ailt scríofa i mbealach claonta.

Conspóid

Luaitear an Vicipéid go minic sna meáin agus sa saol acadúil ach fós féin, tá roinnt ceisteanna ardaithe maidir le hiontaofacht na Vicipéide. Tá moladh agus cáineadh faighte aici maidir leis an tslí a dháiltear í, a eagraítear de shíor í, an clúdach leathan atá aici chomh maith leis an ngné ilteangach atá ag baint léi.

Tá conspóid ag baint leis an Vicipéid mar shaothar tagartha. De bharr go bhfuil sí an-oscailte tarlaíonn loitiméireacht (creachadóireacht), míchruinneas, neamh-chomhsheasamacht, caighdeán measctha agus tuairimí gan bunús. Cuireadh ina leith freisin go bhfuil easpa údaráis agus easpa freagrachta ag baint léi. É sin ar fad ráite, tá tóir mhór ann le haghaidh scóp agus doimhneas a cuid alt, chomh maith lena hathruithe rialta agus úsáidtear go rialta í mar fhoinse thagartha.

Tagairtí

  1. http://www.beo.ie/alt-wikipedia-tionscadal-an-fhiuntach-ar-fad.aspx

Naisc sheachtracha

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA ak:Wikipedia