An difríocht idir athruithe ar: "Onteolaíocht"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: ur:علم الوجود
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: war:Ontolohiya
Líne 70: Líne 70:
[[ur:علم الوجود]]
[[ur:علم الوجود]]
[[vi:Bản thể luận]]
[[vi:Bản thể luận]]
[[war:Ontolohiya]]
[[zh:本体论 (哲学)]]
[[zh:本体论 (哲学)]]
[[zh-min-nan:Pún-thé-lūn]]
[[zh-min-nan:Pún-thé-lūn]]

Leagan ó 03:58, 24 Eanáir 2013

San fhealsúnacht, is ionann an onteolaíocht agus an taighde a dhéantar ar an mbeith nó ar an eiseadh, agus is é atá idir lámhaibh ag na honteolaithe ná bunchatagóirí agus bunchoibhnis na beithe nó an eisidh le bheith in ann beitheanna agus cineálacha de bheitheanna a shainmhíniú taobh istigh d'fhráma na réaltachta. Is féidir a rá gurb é an dóigh a gcoincheaptar an réaltacht is ábhar staidéir don onteolaí.

Deir fealsúna áirithe, iad siúd atá faoi thionchar Phlatóin thar aon dream eile acu, go dtagraíonn gach ainmfhocal do bheith ar leith. Tá fealsúna eile ann agus an tuiscint acu nach amhlaidh atá, ach go bhfuil ainmfhocail ann a thagraíonn do chruinneagáin de réada nó d'imeachtaí. De réir an dearcaidh seo, ní thagraíonn an focal úd intinn d'aon rud amháin, ach d'iomlán na n-imeachtaí intinne a dtéann an duine tríothu. Cosúil leis sin, tagraíonn an focal úd sochaí do chruinneagán de dhaoine a bhfuil saintréithe ar leith ag baint le gach mac máthar agus iníon athar acu.