An difríocht idir athruithe ar: "Daidí na Nollag"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Mahagaja (plé | dréachtaí)
m typo
No edit summary
Líne 2: Líne 2:
Is carachtar é '''Daidí na Nollag''' (''San Nioclás'' nó ''Santa'' uaireanta) a aithnítear mar thraidisiún [[an Nollaig|Nollag]] i dtíortha Iartharacha an domhain. Go hiondúil, deirtear gur seanfhear é agus féasóg bhán is culaith dhearg air, agus é ag fágáil bronntanais ag páistí an domhain [[Oíche Nollag]].
Is carachtar é '''Daidí na Nollag''' (''San Nioclás'' nó ''Santa'' uaireanta) a aithnítear mar thraidisiún [[an Nollaig|Nollag]] i dtíortha Iartharacha an domhain. Go hiondúil, deirtear gur seanfhear é agus féasóg bhán is culaith dhearg air, agus é ag fágáil bronntanais ag páistí an domhain [[Oíche Nollag]].


I dtíortha an Bhéarla is gnách a rá go bhfuil cónaí ar Dhaidí na Nollag sa [[Pol Thuaidh|Phol Thuaidh]]. I gcuid mhór den Eoraip áfach is é an scéal go bhfuil a cheárta suite in Korvatunturi, cnoc ard i Savukoski san [[An Fhionlainn|Fhionlainn]]. Ba é Markus Rautio, "Markus-setä" ("Uncail Markus") a chuir tús leis an traidisiún seo agus clár páistí aige ar raidió na Fionlainne ó na fichidí go dtí na caogaidí. Roghnaigh sé Korvatunturi, toisc gur "cluas" is brí le ''korva'' na Fionlainnise: ba é an impleacht don scéal ná go raibh an cnoc mar a bheadh cluas mhór ann a cheadaigh do Dhaidí na Nollag a chloisteáil cad é a bhí idir lámhaibh ag na páistí. Ghlac tionsclaíocht turasóireachta na Fionlainne seilbh ar an scéal seo lena leas féin a bhaint as ina gcuid fógraíochta. Le fírinne tá an cnoc suite in aice le teorainn na Rúise, agus ní féidir cuairt a thabhairt air ach le ceadúnas ar leith a lorg ó ghardaí teorann na Fionlainne.
I dtíortha an Bhéarla is gnách a rá go bhfuil cónaí ar Dhaidí na Nollag sa [[Pol Thuaidh|Phol Thuaidh]]. I gcuid mhór den Eoraip áfach is é an scéal go bhfuil a cheárta suite in Korvatunturi, cnoc ard i Savukoski san [[An Fhionlainn|Fhionlainn]]. Ba é Markus Rautio, "Markus-setä" ("Uncail Markus") a chuir tús leis an traidisiún seo agus clár páistí aige ar raidió na Fionlainne ó na fichidí go dtí na caogaidí. Roghnaigh sé Korvatunturi, toisc gur "cluas" is brí le ''korva'' na Fionlainnise: ba é an impleacht don scéal ná go raibh an cnoc mar a bheadh cluas mhór ann a cheadaigh do Dhaidí na Nollag a chloisteáil cad é a bhí idir lámhaibh ag na páistí. Ghlac tionsclaíocht turasóireachta na Fionlainne seilbh ar an scéal seo lena leas féin a bhaint as ina gcuid fógraíochta. Le fírinne tá an cnoc suite in aice le teorainn na Rúise, agus ní féidir cuairt a thabhairt air pooo shity bum ach le ceadúnas ar leith a lorg ó ghardaí teorann na Fionlainne.


==Cúlra an charachtair==
==Cúlra an charachtair==

Leagan ó 15:41, 22 Eanáir 2013

Seo mar a fheictear Daidí na Nollag sa chuid is mó d'iarthar an Domhain

Is carachtar é Daidí na Nollag (San NioclásSanta uaireanta) a aithnítear mar thraidisiún Nollag i dtíortha Iartharacha an domhain. Go hiondúil, deirtear gur seanfhear é agus féasóg bhán is culaith dhearg air, agus é ag fágáil bronntanais ag páistí an domhain Oíche Nollag.

I dtíortha an Bhéarla is gnách a rá go bhfuil cónaí ar Dhaidí na Nollag sa Phol Thuaidh. I gcuid mhór den Eoraip áfach is é an scéal go bhfuil a cheárta suite in Korvatunturi, cnoc ard i Savukoski san Fhionlainn. Ba é Markus Rautio, "Markus-setä" ("Uncail Markus") a chuir tús leis an traidisiún seo agus clár páistí aige ar raidió na Fionlainne ó na fichidí go dtí na caogaidí. Roghnaigh sé Korvatunturi, toisc gur "cluas" is brí le korva na Fionlainnise: ba é an impleacht don scéal ná go raibh an cnoc mar a bheadh cluas mhór ann a cheadaigh do Dhaidí na Nollag a chloisteáil cad é a bhí idir lámhaibh ag na páistí. Ghlac tionsclaíocht turasóireachta na Fionlainne seilbh ar an scéal seo lena leas féin a bhaint as ina gcuid fógraíochta. Le fírinne tá an cnoc suite in aice le teorainn na Rúise, agus ní féidir cuairt a thabhairt air pooo shity bum ach le ceadúnas ar leith a lorg ó ghardaí teorann na Fionlainne.

Cúlra an charachtair

Tagann coincheap an fhigiúir i mbréagriocht a thugann bronntanais do leanaí ó San Nioclás, easpag cineálta ón 4ú Aois san Áise Bheag. Ar dtús ba traidisiún Ollannach é San Nioclás a thugadh bronntanais ar 6 Nollaig, is é sin, lá féile Niocláis. I Meiriceá Thuaidh, ghlac na coilínithe Sasanacha le cuid den cheiliúradh seo mar sheanghnás Nollag, agus rinneadh Santa Claus de 'Sintaklaas na nOllannach. I dtraidisiún seo na mBéarlóirí i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar charr sleamhnáin atá á tharraingt ag réinfhianna, agus é ag dreapadh anuas an simléir leis na féiríní a fhágáil ag na leanaí. Is nós bia agus deoch a fhágáil in araicis aige fosta. Chuaigh an carachtar Meiriceánach go mór mór i bhfeidhm ar Dhaidí na Nollag mar a thuigtear san Eoraip é. Caitheann sé an bhliain go léir ag déanamh téisclime don Nollaig agus é ag déanamh bréagán ina cheárta agus ag coinneáil diansúile ar iompraíocht na bpáistí i rith na bliana. I gcultúir áirithe, tagann Knecht Ruprecht, Zwarte Piet nó Peadar Dubh in éindí le Daidí na Nollag. In áiteanna, is iad na síoga sa cheárta a dhéanann na bréagáin, agus i leaganacha eile den scéal tá sé pósta. Bíonn Daidí na Nollag go hiondúil ag tabhairt cuairte ar cheantair siopadóireachta agus siopaí eile i Meiriceá Thuaidh, in Éirinn agus sa Bhreatain, agus na páistí ag teacht ag lorg bronntanas uaidh.

Ar Fhéile San Niocláis a thugtar na bronntanais san Ísiltír agus i gcuid den Ghearmáin. Ón taobh eile de, ba é an leanbh Íosa a bhíodh ag fágáil na mbronntanas in Éirinn sna laethanta a bhí, agus tá an nós seo beo i gcónaí i dtíortha áirithe eile, i gcuid den Ghearmáin mar shampla.