An difríocht idir athruithe ar: "Píotsa"
m r2.7.2+) (Robot: Modifying ml:പിറ്റ്സ to ml:പിത്സ |
m r2.7.3) (Robot: Modifying hi:पिज्जा to hi:पिज़्ज़ा |
||
Líne 40: | Líne 40: | ||
[[gl:Pizza]] |
[[gl:Pizza]] |
||
[[he:פיצה]] |
[[he:פיצה]] |
||
[[hi: |
[[hi:पिज़्ज़ा]] |
||
[[hr:Pizza]] |
[[hr:Pizza]] |
||
[[hu:Pizza]] |
[[hu:Pizza]] |
Leagan ó 11:18, 19 Eanáir 2013
Arán cothrom réidh is ea é an píotsa a gcuirtear táthchoda éagsúla sa mhullach air, cosúil le glasraí, feoil, iasc nó beacáin, in éineacht le trátaí, cáis agus spíosraí éagsúla. Tháinig an píotsa ón Iodáil, agus dealraíonn sé go n-itheadh na sean-Rómhánaigh féin arán a bhí cosúil leis an bpíotsa.
San Iodáil, b'é an píotsa príomhbhia na ndaoine bochta sa naoú haois déag, agus ba le Napoli thar aon áit eile a samhlaíodh é. Shroich an píotsa Meiriceá i ndeireadh na naoú haoise déag, nuair a bhí na mílte Iodálaigh ag dul ar imirce agus ag cur fúthu sna Stáit Aontaithe, agus iad ag tabhairt a gcuid bia leo, ar ndóigh. Níor thug na sluaite síoraí taobh amuigh de na pobail Iodálacha i Meiriceá taithneamh don phíotsa ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, áfach. Na saighdiúirí Meiriceánacha a bhí ina n-arm forghabhála san Iodáil i ndeireadh an chogaidh, ní raibh siad sásta le bia an airm, agus b'fhearr leo dul ar lorg an bhia áitiúil Iodálaigh - agus is é an píotsa an cineál bia ba réidhe a bhí ar fáil. Nuair a d'fhill siad abhaile, lean siad leo ag ithe píotsaí, agus de réir a chéile, tháinig borradh mór ar an bpíotsadóireacht mar ghnó. Sa deireadh, scaip an píotsa ar fud an domhain le cuidiú na sreangshiopaí mearbhia Meiriceánacha.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |