An difríocht idir athruithe ar: "Aalborg"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Eusc (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: fo:Aalborg
Líne 61: Líne 61:
[[fa:آلبورگ]]
[[fa:آلبورگ]]
[[fi:Aalborg]]
[[fi:Aalborg]]
[[fo:Aalborg]]
[[fr:Aalborg]]
[[fr:Aalborg]]
[[frr:Aalborg]]
[[frr:Aalborg]]

Leagan ó 00:13, 19 Eanáir 2013

Caoláire Limfjord le Aalborg i ndeisceart agus Nørresundby i dtuaisceart (grianghraif tógtha os cionn na cathrach ón spéir)
Aalborg: Radharc na cathrach

Cathair sa Danmhairg is ea AalborgÅlborg. Tá an chathair suite cois caoláire Limfjord i dtuaisceart na hIútlainne, leithinis mhór idir an Mhuir Bhailt agus an Mhuir Thuaidh. Tá tuairim is 105,000 duine ina gcónaí sa chathair féin (2012) agus breis is 126,000 duine má chuirtear fobhaile Nørresundby san áireamh. Is iad na cathracha Odense, Aarhus agus Cóbanhávan amháin atá níos mó ná Aalborg. Mar sin, is í Aarhus an ceathrú cathair is mó sa Danmhairg.

Tá calafort tábhachtach ann agus aerfort sách mór chomh maith. Iompraíonn lastlonga an comhlachta Royal Arctic Line lasta idir príomhchathair Nuuk sa Ghraonlainn agus calafort Aalborg sa Danmhairg. Is é Aalborg Lufthavn an tríú aerfort is mó sa Danmhairg atá suite i Lindholm in iarthuaisceart na cathrach. Is féidir eitilt ó Aalborg go hOileáin Fharó.

Chomh maith le sin tá dhá ollscoil suite sa chathair. Ollscoil Teicneolaíochta Aalborg (bunaithe sa bhliain 1974) agus Ardscoil Cheoil Tuaisceart na hIútlainne (Nordjysk Musikkonservatorium). Is féidir ceachtanna ceoil clasaiceach chomh maith le ceachtanna ceoil nua-aimseartha le freastail ar an gceolscoil.

Íomhánna

Daoine cáiliúla

Nasc-Bhailte

Tá Aalborg nascaithe le neart bailte nó cathrach ar fud na cruinne, ina measc

Naisc sheachtracha