An difríocht idir athruithe ar: "Pápa Eoin Pól II"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
Rubinbot (plé | dréachtaí)
m r2.5.4) (Robot: Modifying tl:Juan Pablo II to tl:Papa Juan Pablo II
Líne 187: Líne 187:
[[ta:திருத்தந்தை இரண்டாம் அருள் சின்னப்பர்]]
[[ta:திருத்தந்தை இரண்டாம் அருள் சின்னப்பர்]]
[[th:สมเด็จพระสันตะปาปาจอห์น ปอลที่ 2]]
[[th:สมเด็จพระสันตะปาปาจอห์น ปอลที่ 2]]
[[tl:Juan Pablo II]]
[[tl:Papa Juan Pablo II]]
[[tr:II. Ioannes Paulus]]
[[tr:II. Ioannes Paulus]]
[[uk:Іван Павло II]]
[[uk:Іван Павло II]]

Leagan ó 03:00, 15 Eanáir 2013

Teimpléad:Bosca Sonraí Pápa

Ba é an Pápa Eoin Pól II (Laidin: Ioannes Paulus PP. II), nó Karol Józef Wojtyła (18 Bealtaine, 1920 - 2 Aibreán, 2005), a bhí ina Phápa ón 16 Deireadh Fómhair, 1978 go dtí lá a bháis sa bhliain 2005. Bhí sé i gceannas ar an Eaglais Chaitliceach le beagnach 27 mbliana, agus ba é Eoin Pól an dara Pápa ab fhaide a d'fhan i mbun na hoifige. Ba é an t-aon Pholannach amháin a bhí ina Phápa riamh, agus é ar an chéad Phápa neamh-Iodálach ó laethanta Aidrian VI sna 1520idí anuas. Níor canónaíodh é go hoifigiúil go fóill, ach rinneadh naomhphatrún Lá Óige an Domhain de a bheidh á cheiliúradh i Sydney san Astráil sa bhliain 2008. Chuir sé féin tús leis an bhféile chéanna sa bhliain 1986.

I dtús a réimis, bhain sé amach an-chlú toisc chomh láidir is a bhí sé ag cur in aghaidh an Chumannachais, agus is minic a luaitear é mar dhuine acu siúd ba mhó a rinne leis an impireacht Shóivéadach a chur de dhroim an tsaoil. Sa dara leath dá réimeas, ba mhinic a cháin sé idir Fhaisisteachas agus Chumannachas ina chuid óráidí, chomh maith le cogadh, deachtóireacht, ábharachas, caipitleachas neamhshrianta, agus na rudaí go léir ar thug sé "cultúr an bháis" orthu, cosúil leis an nginmhilleadh, an eotanáise, agus pionós an bháis.

Nuair a bhí Eoin Pól II ina Phápa, chuaigh tionchar na hEaglaise go mór i laghad sna tíortha tearcfhorbartha. San am céanna, áfach, ghlac cuid mhaith daoine leis an gcreideamh Caitliceach sa Tríú Domhan. Rinne sé taisteal ar fud an domhain, níos mó ná aon Phápa eile agus níos mó fiú ná cuid mhór de na ceannairí polaitiúla. Bhí na seacht dteangacha ar a thoil aige, nó amach ón bPolainnis, a bhí aige ó dhúchas, bhí Laidin, Iodáilis, Fraincis, Béarla, Gearmáinis, Spáinnis, Cróitis, Rúisis agus Portaingéilis aige.

Sa bhliain 1992, haithníodh go raibh galar Parkinson air. Ar an 2 Aibreán 2005, shíothlaigh sé ina chuid seomraí, agus slua mór daoine ag coinneáil bigile ina onóir i gCearnóg Naomh Peadar. Tháinig na milliúin de dhaoine go dtí an Róimh leis an bPápa a fhaire is a thórramh. Bhí sé ag streachailt leis na galair éagsúla a bhí ag luí air blianta deireanacha a shaoil, agus bhí an cheist i mbéal an phobail, ar chóir dó éirí as an bPápacht roimh a bhás. Ar an 9 Bealtaine 2005, d'ainmnigh a chomharba é don bheannú, an chéad chéim i gcanónú na naomh san Eaglais Chaitliceach, beag beann ar an moill cúig bliana ba nós a choinneáil i gcásanna mar seo.

A láidreacht ar an seanfhoirceadal Críostúil go bhfuil ginmhilleadh, gnéas homaighnéasach agus frithghiniúint mímhorálta, a leanúint leis an traidisiún d'oirniú do fir amháin don sagartacht, ag múineadh nach raibh cead ag daoine colscartha pósadh arís gan deimhniú ar neamhní, go bhfuil pósadh fíor sacraimintiúil idir fear amháin agus bean amháin, ag cur brú ar na leasanna as coimeád riachtanach an riailbhéas gan gnéas do na sagairt, agus a fhreasúra in aghaidh saoltachais atá smaointe ar le a lán daoine mar chruthú go raibh sé "coimeádeach".

Tá sé le feiscint anseo nach bhfuil sé éasca lipéid pholaitíochta a chur ar an bPápa sin.

I rith a réimeas, thaistil an Pápa go fairsing, thug sé cuairt ar bhreis is céad tír, níos mó ná duine amháin as a réamhtheachtaí. Rinne sé níos mó naomhaí ná gach pápa roimhe le chéile. Bhí sé ina Phápa i rith tréimhse ina maolú an tionchar don Eaglais i dtíortha forbartha ach mhéadaigh a thionchar sa Tríú Domhan.

Bhí an-tóir ar Phápa Eoin Pól II timpeall an domhain, ag mealladh na sluaite is mó i stair (go minic ag mealladh sluaite le breis is milliún duine in áit amháin, le breis is ceithre mhilliún duine ag Lá Domhanda na nÓg i Manila), agus bhí an-mheas ag daoine taobh amuigh don Eaglais Chaitliceach air, d'ainneoin lochtú láidir ó roinnt ceathrú. Bhí Eoin Pól II líofa i líonmhar teangacha: a Pholainnis dhúchais, an Iodáilis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Béarla, an Spáinnis, an Rúisis, an Phortaingéilis agus an Laidin.

Go déanach sna 1990idí, fáthmheasadh le Galar Parkinson é. Ar an 2 Aibreán, 2005 ag 9:37in am Vatacáine, fuair Pápa Eoin Pól II bás nuair a bhí slua mór ag coimeád bigile ar Chearnóg Pheadair. Chuaigh na milliúin duine go dtí an Róimh chun a gcuid meas a léiriú don chorp agus chun dul go dtí an sochraid. Bhí na blianta deireanacha dá shaol marcaithe lena throid in aghaidh na dtinnis éagsúla a bhí air, ag saighdeadh roinnt imní go raibh air eirí as an bPápachas, ach ag féachaint ar ais bhí a chinnteachas feicthe mar thaispeántas inmholta de mhisneach.

Réamhrá

Pápa Eoin Pól II

Cuimhneofar ar an bhfear as An Pholainn mar "Phápa na nDaoine". Bhí meas ag daoine timpeall an domhain air, ag na Críostaí agus na neamh-Chríostaí freisin. Shroich lámha an Phápa Eoin Pól II timpeall an domhain.

Tá a phápacht cuimhnithe lena mhodh oibre éacúiméineach dothuirsithe chun lóistín a thabhairt do chomhlachtaí Críostúil eile agus freisin chun teagmháil níos fearr a dhéanamh leis an Domhan Ioslamach. Ag a shochraid, bhí a lán creideamh neamh-Chríostúil léirithe, san áireamh ionadaí ón nGiúdachas, Ioslam agus Búdachas.

Chuir Eoin Pól II brú ar an rud a d'ainmnigh sé "an glaoch uilíoch don naofacht" agus rinne sé iarracht chun ról an Eaglaishttp://upload.wikimedia.org/wikipedia/en/c/c9/Button_strike.png Chaitliceach a shainiú sa domhan nua-aimseartha. Labhair sé amach in aghaidh idé-eolaíochtaí agus polaitíochta an Chumannachais, an fheimineachais, an impiriúlachais, an réasúnachais, an éadóchais, an fhaisisteachais (an Naitseachas san áireamh), an chiníochais agus an chaipitleachais doshrianta. Ina lán bealaí, throid sé in aghaidh na leithcheala, an tsaoltachais agus na bochtaineachta. Cé go raibh sé ar théarmaí cairdiúla lena lán ceannairí agus príomhshaoránaigh an Domhan Thiar, thaisc sé freasúra go speisialta don rud a chreid sé mar na h-éifeachtaí creimneacha spioradálta an tomhaltachais nua-aimseartha Iartharaigh agus na meabhair shaolta agus pheacúla na ndaonraí Iartharacha.

Chuir Eoin Pól II brú arís ar theagaisc traidisiúnta Chaitliceacha mar bhí sé in aghaidh ginmhillte, frithghiniúna, phionóis an bháis, teagaisc cillín cosach suthach, clónála dhaonna, na heotanáise, agus chogaidh. Chosain sé freisin teagaisc thraidisiúnta ar phósadh agus róil gnéis mar bhí sé in éadan an cholscartha, phósadh céanna-gnéis agus oirniú na mban. Uaireanta cáineadh a chuid dearcthaí coimeádacha mar tuairimí iargúlta. Ghlaoch Eoin Pól II ar leanúnaithe bheith ag vótáil de réir teagaisc Chaitliceach, agus mhol sé do shagairt an Chomaoineach Naofa a shéanadh ar pholaiteoirí a chuaigh ar seachrán.

D'éirigh Eoin Pól II bheith ainmnithe mar an "Pápa Oilithreach" mar thaistil sé níos mó faide ná a réamhtheachtaí ar fad le chéile. De réir Eoin Pól II, sheas na turais mar iarrachtaí droichid a thógáil (ag coimeád lena theideal mar Pontifex Maximus, go litriúil Máistir na hTógálaithe-Droichid) idir náisiúin agus creidimh, ag iarraidh go scriostar scoilteanna a rinneadh tríd na staire.

Rinne sé 1,340 naomhaí, níos mó naomhaí ná aon phápa eile. Dearbhaíonn an Vatacáin go ndearna sé níos mó naomhaí ná gach pápa le chéile i rith na cúig chéad bliana seo caite, agus as saghas cultúrtha níos mó. Ach níl a fhios againn an ndearna sé níos mó naomhaí ná gach pápa eile le chéile, mar atá sé ráite, mar tá a lán de na cuntais neamhiomlán nó neamhbheacht. Ach, tá fhios againn go leabhairchruth a cealaithe don oifig Promotor Fidei ("Tionscnóir don Creideamh" agus tús an téarma Cosantóir an Diabhail) an phróisis. Cháin a lán daoine é dá bharr sin.

Fuair Pápa Eoin Pól II bás ar an 2 Aibreán, 2005 tar éis troid fhada in aghaidh Galair Parkinson agus galar eile. Díreach i ndiaidh a bháis, d'éiligh mórán dá leanúnaithe go ndéanadh naomh de chomh luath agus is féidir, ag scairte "Santo Subito" ("Naomh Láithreach" in Iodáilis). Seoladh L'Osservatore Romano agus Pápa Beinidict XVI, comharba Pápa Eoin Pól II, mar "Mór".

Ba chomharba Eoin Pól II é Déan Coláiste na gCairdinéal, Cairdinéal Iósaf Ratzinger as an nGearmáin, iar-cheannaire Phobal don Fhoirceadal don Chreideamh a bhí i gceannas ar Aifreann na Marbh d'Eoin Pól II.

Beathaisnéis

Saol luath

Rugadh Karol Józef Wojtyła ar an 18 Bealtaine 1920 i Wadowice i ndeisceart na Pholainne. Fuair a mháthair, Emilia Kaczorowska, bás i 1929, nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d'aois agus thug a athair airgead dó chun staidéar a dhéanamh. Bhí a óige marcaithe le teagmháil rialta leis an bpobal Giúdach i Wadowice a bhí ag rafar ag an am; tá cruthú ann go raibh máthair an Karol óg bainte as an bpobal Giúdach.

Chláraigh Karol ag an Ollscoil Jagiellonian i gKraków. D'oibrigh sé mar leabharlannaí saorálach agus rinne sé traenáil riachtanach míleata san Lígion Acadúil. Ina óige bhí sé ina lúthchleasaí, aisteoir agus scríbhneoir drámaí agus d'fhoghlaim sé aon teanga déag i rith a shaoil, san áireamh an Laidin, an Ghréigis, an Spáinnis, an Fhraincis, an Iodáilis, an Ghearmáinis, Béarla agus ar ndóigh a Pholainnis dhúchais. Bhí sé ábalta an Rúisis a labhairt freisin ach ní raibh sé líofa.

I rith an Dara Cogadh Domhanda bhí scoláirí ón Ollscoil Jagiellonian gafa agus bhí an ollscoil curtha faoi chois. Bhí ar gach fear sláintiúil post a bheith aige. D'oibrigh sé mar theachtaire bialainne agus mar oibrí i gcairéal aolchloiche.

Saol san eaglais

I 1942 chuaigh sé isteach sa gcliarscoil faoi talamh reachtaithe leis an Ard-Easpaig na Kraków, Cairdinéal Sapieha. Bhí Karol Wojtyła oirnithe mar shagart ar an 1 Samhain, 1946. Tar éis am gearr, cuireadh é go dtí Ollscoil Pápach Naomh Tomáis Aquinas chun staidéar a dhéanamh ar dhiagacht. Bronnadh céim air ansin agus níos déanaí bhain sé dochtúireacht amach i ndiagacht naofa. Bhí an dochtúireacht sin, an chéad as péire, bunaithe ar an tráchtas Laidine Doctrina de fide apud S. Ioannem a Cruce (Teagaisc an Chreidimh de réir Naomh Eoin na Croise). Cé gur ghlac gach uile dhuine a chuid oibre don dochtúireacht i Meitheamh sa bhliain 1948, níor bronnadh an chéim air mar ní raibh an t-airgead aige chun téacs a thráchtais a chlóbhualadh (riail de chuid na hollscoile). I mí na Nollag sa bhliain chéanna, chlóbhuail sé a thráchtas agus bhí sé glactha i ndámh na ndiagacht in Ollscoil Jagiellonian i gKraków, agus faoi dheireadh fuair Wojtyła a chéim.

Teimpléad:Link FA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Link GA