An difríocht idir athruithe ar: "An Urdais"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: el:Ουρντού
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: or:ଉର୍ଦ୍ଦୁ ଭାଷା
Líne 97: Líne 97:
[[no:Urdu]]
[[no:Urdu]]
[[oc:Ordo]]
[[oc:Ordo]]
[[or:ଉର୍ଦ୍ଦୁ ଭାଷା]]
[[pa:ਉਰਦੂ ਭਾਸ਼ਾ]]
[[pa:ਉਰਦੂ ਭਾਸ਼ਾ]]
[[pi:उर्दू भाषा]]
[[pi:उर्दू भाषा]]

Leagan ó 18:52, 10 Eanáir 2013

Teimpléad:Teanga

Is teanga í an Urdais a labhraítear sa Phacastáin agus san India. Le fírinne, is ionann iad an Urdais agus an Hiondúis, ach amháin go bhfuil an Hiondúis á labhairt ag na Hiondúigh, agus an Urdais ag na Muslamaigh Indiacha agus Phacastánacha. Scríobhtar an Urdais leis na litreacha Arabacha, agus an Hiondúis leis na litreacha Déiveanágracha. Thairis sin, is iomaí focal Araibise agus Peirsise a úsáidtear sa leagan scríofa den Urdais. Ón taobh eile de, bíonn na Hiondúigh ag iarraidh a dteanga féin a shaibhriú le focail Sanscraite.

Tá an Urdais ag seasca-seachtó milliún duine ó dhúchas, ach thairis sin, mar theanga oifigiúil sa Phacastáin, caithfidh muintir na tíre sin í a fhoghlaim mar dhara teanga, agus mar sin, is féidir a rá go bhfuil sí go líofa ag oiread eile de dhaoine. Ceann de theangacha oifigiúla na hIndia í freisin, chomh maith leis an Hiondúis agus le teangacha na réigiún.

Tá litríocht shaibhir ag an Urdais. Faoi thionchar na Peirsise, tháinig sraith de chineálacha éagsúla filíochta ar an bhfód le fada, ach ar na saolta seo, scríobhtar go leor úrscéalta agus saothar próis eile freisin. Is follasach go raibh an litríocht Bhéarla ina réamhshampla agus ina spreagadh mór ag na húrscéalaithe.

Mar sin féin, is iad na gearrscéalta an seánra is tábhachtaí i bprós na hUrdaise, cosúil leis an nGaeilge. Gearrscéalaithe tábhachtacha Urdaise iad Saadat Hasan Manto, Qurat-ul-Ain Haider, Munshi Premchand, Ismat Chughtai, Krishan Chander, Ghulam Abbas, Banu Qudsia agus Ahmed Nadeem Qasmi.


Teimpléad:Nasc AR