An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Duibhir (réabhlóidí)"
stíl na vicipéide |
Guliolopez (plé | dréachtaí) m Rang +IV |
||
Líne 6: | Líne 6: | ||
D'éag sé ar an 23 Lúnasa 1825. I 1898 nochtadh leacht mór ar a uaigh os comhair 200 míle duine. |
D'éag sé ar an 23 Lúnasa 1825. I 1898 nochtadh leacht mór ar a uaigh os comhair 200 míle duine. |
||
{{stumpa}} |
|||
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1772|Dwyer, Michael]] |
|||
[[Catagóir:Básanna i 1825|Dwyer, Michael]] |
|||
[[en:Michael Dwyer]] |
Leagan ó 12:49, 27 Samhain 2006
Náisiúnaí Éireannach ab ea Michael Dwyer (1772 - 23 Lúnasa 1825). Ball de na hÉireannaigh Aontaithe ab ea e, agus bhí sé páirteach in Éirí Amach 1798. Nuair a theip ar an Éirí Amach chúlaigh sé le buíon fear go Gleann Imeáil, agus throid siad ar feadh cúig bliana eile i Sléibhte Chill Mhantáin go dtí mí na Nollag 1803, nuair a theip ar éirí amach Robert Emmet i mBaile Átha Cliath.
Bhí ag éirí chomh maith sin le feachtas Uí Dhuibhir go raibh ar na húdaráis bóthar míleata a thógáil ón chathair isteach sna sléibhte, agus cúig bheairic air, sula raibh siad ábalta é a ghabháil. Tar éis mórán eachtraí d'aontaigh Ó Duibhir go ngéillfeadh sé a fhad is go dtabharfaí saorchead dó féin agus dá chuid fear go Meiriceá. Ach cuireadh i bPríosún Chill Maighneann é agus as sin chun na hAstráile é, lena bhean agus a gceathrar clainne. Bhí feirm aige ansin, ach bhí deacrachtaí aige leis na húdaráis arís. Cuireadh go hOileán Norfolk é ar feadh tamaill ach tugadh pardún dó agus d'fhill sé ar an fheirmeoireacht.
Bhí sé i gceannas ar na póilíní i gceantar in aice le Sydney, ach briseadh as a phost é mar gheall ar a chuid ólacháin. Bhí teach tábhairne aige ar feadh tamaill chomh maith, ach níor éirigh go maith leis. Bhí talamh á cheannach agus á dhíol aige ansin agus rinne sé go leor airgid chun teach phobail (séipéal) a thógáil.
D'éag sé ar an 23 Lúnasa 1825. I 1898 nochtadh leacht mór ar a uaigh os comhair 200 míle duine.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |