An difríocht idir athruithe ar: "Hugo Chávez"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
TjBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag baint: bn:হুগো শ্যাভেজ
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: bn:হুগো চাভেজ
Líne 36: Líne 36:
[[be-x-old:Уга Чавэс]]
[[be-x-old:Уга Чавэс]]
[[bg:Уго Чавес]]
[[bg:Уго Чавес]]
[[bn:হুগো চাভেজ]]
[[br:Hugo Chávez]]
[[br:Hugo Chávez]]
[[bs:Hugo Chávez]]
[[bs:Hugo Chávez]]

Leagan ó 14:19, 8 Eanáir 2013

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Is é Hugo Rafael Chávez Frias uachtarán reatha Veiniséala. Rugadh é ar 28 Iúil 1954, an dara mac ag beirt mhúinteoir, agus bhí sé ina oifigeach airm óna óige. Nuair a theip ar éirí amach míleata in aghaidh rialtas na tíre, ina ndearna Chávez agus oifigigh eile iarracht an phríomhchathair a ghabháil, cuireadh chun príosúin é ar feadh dhá bhliain. Bhunaigh sé "Gluaiseacht na Cúigiú Poblachta" (MVR—Movimiento Quinta República), i 1992. Toghadh é ina Uachtarán i 1998 mar gheall ar na geallúintí a thug sé go dtroidfeadh sé in aghaidh an bhochtanais agus na caimiléireachta. Ghnóthaigh sé 56% den vóta sa toghchán. Ó shin i leith tá feachtaisí oideachais agus sláinte ar bun aige chun 'Réabhlóid Bolivarach' a chur ar bun agus tá iarrachtaí á ndéanamh aige chun comhghuallaíocht a bhunú idir tíortha Mheiriceá Laidineach agus neamhspleáchas a bhaint amach dóibh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá meánaicmí agus uasaicmí Veiniséala an-naimhdeach i gcoinne Chávez, agus cuireann siad caimiléireacht toghcháin, sárú cearta daonna agus cos ar bolg ina leith. Rinneadh iarracht é a chur as oifig in éirí amach airm i 2002 le cabhair ón SAM, ach tháinig slua ollmhór amach ar na sráideanna ag tacú leis agus cuireadh ar ais in oifig é. Bhuaigh sé reifreann i 2004 a d'fhág i gceannas na tíre é. Rinne sé socrú le Cúba chun dochtúirí a fháil le dul i mbun seirbhísí leighis sna bruachbhailte bochta nuair a dhiúltaigh dochtúirí meánaicmeacha a thíre féin tacú lena scéimeanna, agus chuir sé ola saor ar fáil do réimeas Fidel Castro mar íocaíocht.

Táthar in amhras i gcónaí maidir le cumas rialaithe Chávez, agus eacnamaíocht na tíre ag brath go hiomlán ar phraghas ard na peitriliam. Le déanaí, tá Veiniséala i mbun cainteanna le tíortha eile sa chomharsanacht chun píopaí gáis a thógáil a chuirfeadh gás nádúrtha ar fáil ar fud Mheiriceá Theas.

Teimpléad:Nasc AR