An difríocht idir athruithe ar: "Gealacha Iúpatair"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: hy:Յուպիտերի արբանյակներ
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: pnb:مشتری دے چند
Líne 53: Líne 53:
[[oc:Satellits de Jupitèr]]
[[oc:Satellits de Jupitèr]]
[[pl:Lista naturalnych satelitów Jowisza]]
[[pl:Lista naturalnych satelitów Jowisza]]
[[pnb:مشتری دے چند]]
[[pt:Satélites de Júpiter]]
[[pt:Satélites de Júpiter]]
[[ro:Sateliții naturali ai lui Jupiter]]
[[ro:Sateliții naturali ai lui Jupiter]]

Leagan ó 18:48, 5 Eanáir 2013

Glactar leis go bhfuil, ar a laghad, trí cinn agus trí scór de ghealacha ag Iúpatar. Ba é Galileo Galilei a tháinig ar an gceithre cinn is mó acu, mar atá, Io, Europa, Ganymede, agus Callisto, nó Gealacha Galileo. Ó shin i leith, áfach, fuair na réalteolaithe amach faoina lán eile. Is gnách iad a aicmiú ina ngrúpaí mar seo:

  • grúpa Amalthea, is é sin, na cinn a bhíonn ag timpeallú Iúpatair taobh istigh d'fhithisí Ghealacha Galileo. Is iad Amalthea, Adrastea, Thebe agus Metis na gealacha sa ghrúpa seo.
  • gealacha Galileo, is é sin, na gealacha móra téagartha, Io, Europa, Ganymede, agus Callisto.
  • na satailítí mírialta, is é sin, na satailítí beaga a thimpeallaíonn Iúpatar ar fhithisí fadaithe taobh amuigh de ghealacha Galileo. Is iad seo an grúpa is mó acu.