An difríocht idir athruithe ar: "Tílicín"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.3) (Robot: Modifying ar:ثيلسين to ar:قط تسمانيا
m r2.7.3) (róbat ag mionathrú: tr:Tasmanya kaplanı
Líne 162: Líne 162:
[[th:ไทลาซีน]]
[[th:ไทลาซีน]]
[[tl:Tilasino]]
[[tl:Tilasino]]
[[tr:Tazmanya kaplanı]]
[[tr:Tasmanya kaplanı]]
[[uk:Тилацин]]
[[uk:Тилацин]]
[[ur:تسمانی بھیڑیا]]
[[ur:تسمانی بھیڑیا]]

Leagan ó 15:04, 4 Eanáir 2013

Teimpléad:Taxobox

Bhí an Tílicín (Thylacinus cynocephalus nó ‘ainmhí madracheannach púitse’) ar an mársúipeach feoiliteach ba mhó a bhí ann lenár linn. Tagann an t-ainm seo ón bhfocal Gréigise θύλακος (thýlakos) a chiallaíonn "púitse" nó "mála".

Thug coilínigh na hAstráile a lán ainmneacha air: an Faolchú Tasmánach, an Tíogar Tasmánach (de bharr a dhroma stríocaigh), an Híéna agus eile. Ní raibh gaol ag an Tílicín le haon cheann de na spéicis úd, cé gur leis an bhfaolchú ba mhó a bhí dealramh aige.

Bhí an Tílicín an-tearc ar an mór-roinn fiú roimh theacht na nEorpach, mura raibh sé imithe in éag ann, ach mhair sé sa Tasmáin. 2,000 bliain ó shin ar a laghad a d’imigh an Tílicín in éag ar an mór-roinn, rud a tharla, is dócha, de bharr theacht an diongó agus, b’fhéidir, thóir na sealgairí. Sa Tasmáin, nuair a tháinig na coilínigh, síleadh go maródh na tílicíní beithígh agus caoirigh, agus tugadh 2,063 deontas do shealgairí dá bharr. B’ionann gnáthóg na dtílicíní agus an talamh feirmeoireachta ab fhearr. Ina theannta sin ní mór madraí, galracha agus milleadh gnáthóige a chur san áireamh. Tá daoine ann fós a deir go bhfaca siad tílicíní, ach orthusan atá a chruthú.[1]

Ainmhí creiche a bhí sa Tílicín, agus meastar gurb é an an Diabhal Tasmánach nó an Numbat is gaire gaol dó. Bhí dath buídhonn ar an Tílicín agus idir cúig déag agus fiche de stríoc dhorcha ar a dhroim ó ghualainn go heireaball. Ba chosúil a chloigeann le cloigeann an mhadra allta, bhí eireaball gearr righin air agus bhí na cosa cuíosach gearr. Clúmh tiubh gearr bog a bhí air, clúmh a bhí suas le 15 mm ar fad. Ba ghearr iad na cluasa (timpeall 80 mm ar fad), iad díreach, cruinn, agus clúmh gearr orthu. Bhí gialla móra láidre aige agus 46 fhiacail. Ba mhó an cineál fireann ná an cineál baineann, de ghnáth. Bhí púitse ar an gceann baineann agus béal ar a chúl; bheireadh sí trí nó ceithre de choileáin agus iad spleách uirthi go dtí go raibh siad leathfhásta ar a laghad. Leathphúitse a bhí ar an gceann fireann agus béal ar a chúl freisin, rud a chuideodh leis a bhaill ghiniúna a chosaint agus é ag rith tríd an scrobarnach.[2]

Istoíche ab fhearr leis an Tílicín dul ag sealgaireacht, agus imeacht mhall stompaithe faoi. Uaireanta rachadh tílicíní ag sealgaireacht ina bpéire. Ba rogha leo marsúipiaigh eile ar nós cangarúnna, agus creimirí beaga nó éin.

Is ar an gcósta thuaidh agus thoir agus ar na machairí lárnacha ba mhó a raibh fáil ar an Tílicín sa Tasmáin.

Éabhlóid

Pictiúr Thylacinus potens' (potens = tréan), tílicín ón Méicéineach. An gaol ba thoirtiúla a bhí ag Thylacinus cynocephalus, go bhfios dúinn.

Tháinig an Tílicín nua-aimseartha ar an saol timpeall ceithre mhillún bliain ó shin. Thángthas ar spéicis de na Thylacinidae atá chomh sean le tús an Mhéicéinigh. Ó na nóchaidí i leith tá seacht spéiceas iontaisithe ar a laghad faighte ag Riversleigh, áit a bhaineann le Páirc Náisiúnta Lawn Hill in iarthuaisceart Queensland.[3]

Fuarthas iontaisí den Tílicín in Victoria, san Astráil Theas, san Astráil Thiar agus in Queensland. Tháinig siad ar a lán iontaisí ag láithreán Riversleigh (láithreán Oidhreachta Domhanda) in iarthuaisceart Queensland, iad idir 30 milliún bliain d’aois agus beagnach 12 milliún bliain d’aois. Bhí seacht spéiceas ar a laghad ina measc, ó cheann a raibh toirt chait ann go dtí ceann a raibh chomh mór le sionnach. Ocht milliún bliain ó shin ní raibh fágtha san Astráil ach aon spéiceas amháin, Thylacinus potens.[4][5]

Tugann Nimbacinus dicksoni léargas ar na tílicíní is sine. Bhí Nimbacinus chomh mór le sionnach, agus fuarthas cnámharlach iomlán beagnach ag Riversleigh. Leis an Méicéineach a bhain sé, agus é ar an aon spéiceas tílicíneach seachas Thylacinus a fuarthas go dtí seo. Bhí soc fada ar na tílicínigh go léir, trí réamhchúlfhiacail i ngach ngiall, agus rinn ar na cúlfhiacla a bhí géaraithe chun feoil a ithe. I gcomparáid le tílicíní níos luaithe, ar nós Mutpuracinus archibaldi agus Badjcinus turnbulli, bhí réigiún na cluaise láir níos sainfheidhmeanaí i Nimbacinus dicksoni, agus bhí difríochtaí éigin idir é siúd agus Thylacinus cynocephalus i ngeall ar na fiacla.[6].

Thángthas ar an oiread sin spéiceas de Thylacinus le fiche bliain anuas gur cuireadh beocht úr sa díospóireacht faoin ngaol a bhí idir na tílicíní agus faoina sinsir. Shíltí gur eascair na tílicíní ó cheann de na dasyuridae sa Tréimhse Olaigicéineach. Rinneadh amach ó anailís fhíliginiteach, agus sonraí Nimbacinus dicksonii san áireamh, gurb amhlaidh gurbh iad na tílicíní ba shine, agus go raibh na dasyuridae níos deanai agus níos sainfheidhmeanaí. Os a choinne sin, áfach, rinne staidéar eile amach gurbh iad na tílicíní ba thúisce a tháinig. Ceist í nár réitíodh fós.[7]

Bhí an Tílicín le fáil go forleathan san Astráil agus as Nua-Ghuine sa Tréimhse Holaicéineach, cé nach raibh sé líonmhar riamh.[8]

Ba shampla den éabhlóid aontreoch é an Tílicín sa mhéid gur chosúil é ar mhórán slite leis na Canidae (madraí) - fiacla géara, gialla láidre, sála ardaithe agus an saghas céanna coirp acu araon, agus an nideog éiceolaíoch chéanna acu.

Fionnachtain agus Tacsanomaíocht

Tír an Tílicín: Great Oyster Bay ar Leithinis Freycinet

Ba iad na Bundúchasaigh na chéad daoine a bhuail leis an Tílicín, rud atá le tuiscint as íomhánna greanta nó péinteáilte atá trí mhíle bliain d’aois ar a laghad. [9] Tá íomhánna greanta cloiche den saghas seo le fáil i Leithinis Bhurrup san Astráil Thiar. Tá na hiarsmaí is déanaí den Tílicín timpeall 3,300 bliain d’aois, agus fuarthas iad in Uaimh Murra-el-elevyn ar Mhachaire Nullarbor, áit ar fada ina fhásach í. In uaimh eile atá ann thángthas ar chonablach a bhí 4,600 bliain d’aois agus bail iontach maith air de bharr thirime an aeir; b’fhéidir an teanga agus an meall súile clé a aithint fós. Tá sé á chaomhnú anois ag Iarsmalann na hAstráile Thiar.[10]

Ba iad na Francaigh na chéad Eorpaigh a chonaic sa Tasmáin é, rud a tharla ar 13 Bealtaine 1792, mar a scríobh an nádúraí Jacques Labillardière, ball d’fheachtas D’Entrecasteaux. Sa bhliain 1805 chuir William Patterson, Leifteanant-Ghobharnóir na Tasmáine, mionchuntas chun an Sydney Gazette. [11] Thug George Harris, Leas-Ard-Suirbhéir na Tasmáine, an chéad mhionchuntas eolaíoch sa bhliain 1808, cúig bliana tar éis gur chuir na hEorpaigh fúthu ann. [12] Cheangail Harris an Faolchú den ghéineas Didelphis a chum Linnaeus don Pasam Meiriceánach, agus thug sé Didelphis cynocephala (Pasam Madracheannach) air. Ach aithníodh gur ghéineas ar leith iad na marsúipiaigh Astrálacha, agus sa bhliain 1796 chum Geoffroy Saint-Hilaire an géineas Dasyurus. Cheangail sé an Tílicín de seo sa bhliain 1810.

Chun meascán na Gréigise agus na Laidine a réiteach rinneadh cynocephalus d’ainm an spéicis, agus sa bhliain 1824 chum Temminck géineas ar leith dó, Thylacinus.

Nótaí

Leabhair

  • Flood, Josephine (1984). Archaeology of the Dreamtime: The Story of Prehistoric Australia and Her People. Collins. ISBN 0002172968
  • Guiler, E. (1985). Thylacine: The Tragedy of the Tasmanian Tiger. Oxford University Press. ISBN 0-19-554603-2
  • Guiler, E. & Godard, P. (1998). Tasmanian Tiger: A lesson to be learnt. Abrolhos Publishing. ISBN 0-9585791-0-5
  • Guiler, E. R. (1961a). "Breeding season of the Thylacine." Journal of Mammalogy 42(3): 396–397.
  • Guiler, E. R. (1961b). "The former distribution and decline of the Thylacine." Australian Journal of Science 23(7): 207–210.
  • Lord, C. (1927). "Existing Tasmanian marsupials." Papers and Proceedings of the Royal Society of Tasmania 61: 17–24.
  • Lowry, D. C. (1967). "Discovery of a Thylacine (Tasmanian Tiger) Carcase In a Cave Near Eucla, Western Australia." Helictite.
  • Paddle, R. (2000). The Last Tasmanian Tiger: The History and Extinction of the Thylacine. Cambridge University Press. ISBN 0-521-53154-3
  • Park, A. (1986). "A Tasmanian Tiger Extinct or Merely Elusive." Australian Geographic 1(3): 66–83.
  • Pearce, R (1976). "Thylacines in Tasmania." Australian Mammal Society Bulletin 3: 58.
  • Smith, S. J. (1980). "The Tasmanian Tiger - 1980. A report on an investigation of the current status of thylacine Thylacinus cynocephalus, funded by the World Wildlife Fund Australia." Hobart: National Parks and Wildlife Service, Tasmania.

Irisí

  • Johnson, C.N. agus Wroe, S. ‘Causes of extinction of vertebrates during the Holocene of mainland Australia: arrival of the dingo, or human impact?’ The Holocene, Volume 13, Issue 6, November 2006.
  • Werdelin, L. ‘Comparison of Skull Shape in Marsupial and Placental Carnivores,’ Australian Journal of Zoology, Volume 34, Issue 2, 1986.

Naisc Eachtracha

Eolas ar líne

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR