An difríocht idir athruithe ar: "Printéir"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.6.2) (Robot: Modifying de:Drucker (Peripheriegerät) to de:Drucker (Gerät)
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: hy:Տպիչ
Líne 39: Líne 39:
[[hr:Pisač]]
[[hr:Pisač]]
[[hu:Nyomtató]]
[[hu:Nyomtató]]
[[hy:Տպիչ]]
[[id:Pencetak]]
[[id:Pencetak]]
[[is:Prentari (tölvufræði)]]
[[is:Prentari (tölvufræði)]]

Leagan ó 02:34, 4 Eanáir 2013

Clóire de chuid Hewlett-Packard
Clóire de chuid Canon

Is gléas forimeallach ríomhaireachta é clóire a bhaintear feidhm as le aschur ríomhaire a chlóbhualadh ar ábhair éigin amhail páipéar nó ábhar eile. Trí chnaipe a bhrúigh ar scáileán an ríomhaire, is féidir cáipéis nó comhad a chlóbhualadh go han-tapa ar fad sna clóirí. Bíonn páipéar agus dúch nó tonóir sa chlóire agus clóbhuailtear an cháipéis agus an comhad go tapa. I gclóirí an lae inniu, ní dhéanann an clóire teagmháil dhíreach leis an bpáipéar mar a tharla san am atá thart.

Is féidir le clóire bheith ceangailte le ríomhaire amháin nó líonra de ríomhairí. Bíonn cead ag gach duine sa líonra feidhm a bhaint as an gclóire. Is mar seo a bhíonn sé in oifig de ghnáth. Ní gá don clóire bheith ceangailte le ríomhaire le sreanga. Is féidir le ríomhaire nascadh le clóire trí chóras fo-dhearg nó Bluetooth. Is féidir gach cineál comhad a chlóbhualadh sna clóirí is nua-aimseartha. Is féidir cáipéisí, íomhánna, grianghraif agus taispeántais a chlóbhualadh. Is féidir leo a bheith daite más é sin mian an té a chlóbhuail iad.


Cineálacha clóirí nua-aimseartha

Is iad na príomhchineálacha clóirí atá ar an margadh anois ná: