An difríocht idir athruithe ar: "An Leafcóis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
TjBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: or:ନିକୋସିଆ
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: pa:ਨਿਕੋਸੀਆ
Líne 123: Líne 123:
[[or:ନିକୋସିଆ]]
[[or:ନିକୋସିଆ]]
[[os:Никоси]]
[[os:Никоси]]
[[pa:ਨਿਕੋਸੀਆ]]
[[pl:Nikozja]]
[[pl:Nikozja]]
[[pms:Nicosìa]]
[[pms:Nicosìa]]

Leagan ó 15:20, 3 Eanáir 2013

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha Is í an Leafcóis (mal. An Niocóis; ainm áitiúil: Lefkosia, Gréigis: Λευκωσία, Tuircis: Lefkoşa, Béarla: Nicosia) príomhchathair na Cipire, agus í ar an gcathair is mó sa tír freisin. Tá an Leafcóis suite i lár an oileáin chois Abhainn Pedieos ar mhachaire Mesaoria. Leis na blianta anuas tá an chathair roinnte idir an Chipir Theas agus an Chipir Thuaidh, an t-aon chathair ar domhan atá roinnte ag balla míleata. Déanann an chuid ó thuaidh den chathair gnó mar phríomhchathair do Phoblacht Thurcach na Cipire, stát a cuireadh ar bun nuair a rinne fórsaí na Tuirce ionradh ar an tír sa bhliain 1974. Ní thugann stát ar bith ach an Tuirc féin aitheantas don 'Phoblacht' sin, áfach

Tá cónaí ar timpeall 270,000 duine sa chuid Ghréagach den chathair.

Stair

Agios Ioannis

Bhí ionad straitéiseach ag an gCipir sa Mheánmhuir leis na mílte bliain, agus bhí baile de chineál éigin san áit a bhfuil an Leafcóis inniu ón mbliain 5,000 RC ar aghaidh, a bheag nó a mhór. Meastar gurb as Lefkos, mac leis an Rí Tolamaes a hAon san Éigipt a ainmníodh an áit. Rinne Lefkos an chathair a athchóiriú timpeall 300 RC, ach ní raibh sí ina príomhchathair roimh an aonú haois déag. Bhí ríthe de chuid rítheaghlach Lusignan i réim sa Chipir ón mbliain 1192 ar aghaidh, go dtí gur ghabh an Veinéis seilbh ar an tír sa bhliain 1489. Tháinig na Turcaigh i gceannas ar an gCipir ina ndiaidh siúd, is é sin, sa bhliain 1571. Nuair a bhí na Teamplóirí i réim sa Chipir, ghreamaigh an t-ainm Nicosia den chathair, ó nach raibh ridirí na Crosáide in ann an t-ainm comhaimseartha Gréigise, Kallinikisis, a fhuaimniú i gceart. Le linn réim mhuintir Lusignan, tógadh an-chuid pálás, mainéar, séipéal agus mainistreach san áit, ach nuair a rinne na Turcaigh léigear ar an gcathair, fágadh an-damáiste ar na foirgnimh galánta. Maraíodh nó gortaíodh 20,000 duine.

Bhí tubaiste mór ann sa naoú haois déag chomh maith, nuair a cuireadh éirí amach faoi chois sa bhliain 1821. Shiúil an calar ar mhuintir na Leafcóise sa bhliain 1836, agus scrios dóiteán cuid mhór den chathair i 1857. Ghabh na Sasanaigh seilbh ar an oileán sa bhliain 1878, agus bhí Nicosia ina lárionad riaracháin acu.

Bhí an foréigean go dona sa chathair go gairid sular ghnóthaigh an Chipir a neamhspleáchas sa bhliain 1960. Chuidigh rialtas na Gréige leis na míleataigh an chumhacht a shealbhú le lámh láidir sa bhliain 1974, agus go gairid ina dhiaidh sin, rinne an Tuirc ionradh ar an oileán. Mar sin a fágadh an t-oileán agus an phríomhchathair féin faoi chríochdheighilt, staid a fhanann i bhfeidhm inniu féin.

Naisc sheachtracha