An difríocht idir athruithe ar: "Chordata"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag baint: diq:Xordayıni
m r2.6.2) (Robot: Modifying li:Chordata to li:Chordabieste
Líne 218: Líne 218:
[[la:Chordata]]
[[la:Chordata]]
[[lb:Chordadéieren]]
[[lb:Chordadéieren]]
[[li:Chordata]]
[[li:Chordabieste]]
[[lij:Chordata]]
[[lij:Chordata]]
[[lt:Chordiniai]]
[[lt:Chordiniai]]

Leagan ó 23:22, 22 Nollaig 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí Tacsanomaíochta Is grúpa ainmhithe iad na Cordaigh ( Chordata ) an Fíleam a chuimsíonn ainmhithe veirteabracha, maille le ainmithe eile nach veirteabraigh iad ach a bhfuil dlúth bhaint acu leo.

Tá nasc eatarthu toisc go raibh ag am éigean ina gcuid saolréanna nótacorda ,scoiltíní faraingeacha nó geolbhaigh, instíl, agus ruball iaranasach acu. Ní colún veirteabrach a bhíonn i suth an ainmhí veirteabraigh ach néarfheadán cuasach droma nó nótacorda,agus is thart timpeall ar an nótacorda a chumtar an colún veirteabrach, le linn don nótacorda féin a bheith ag dul i léig agus forbairt ag teacht ar an suth. Tá eolaithe áirithe den bharúil áfach, go bhfuil spagaí agus ní scoiltíní faraingeacha riachtanach mar fhíor-cháilitheoirí.

Go bunúsach, is cordaigh iad na hainmhithe a mbíonn cnámh droma acu. Cordach is ea Homo sapiens agus gach mamach eile chomh maith.

Fóroinntear Fíleam na gCordach (phylum Chordata) i dtrí: Urochordata, Cephalochordata, agus Vertebrata

Tá nótacorda agus néarchorda ag larbhaí na nUrocgordata, ach cailltear iad san aosacht. Tá nótacorda agus néarchorda ag na Cephalochordata ach ní veirteabraí. I ngach veirteabrach, ach amháin an chailleach (Myxine glutinosa nó Hagfish sa Bhéarla), bíonn an néarfheadán cuasach droma timpeallaithe le veirteabraí loingeánacha nó cnámhacha agus go ginearalta bíonn an nótacorda níos lú. Tá na cordaigh agus na hemichordate (a dtrí chomhfhíleam), comhdhéanta den sárfhíleam Deuterostomia agus is iad an grúpa is mó san sárfhíleam seo.

Tá na grúpaí cordach atá ar marthain gaolta de réir an chrainn fhíliginitigh a thaispeántar thíos. Ní mar a gcéanna mórchuid de na dtacsaí atá luaite ann agus na ranganna traidisiúnta , os rud é nach go bhfuil roinnt maith díobh parafhíliginiteach.


Tá iarrachtaí ar rangú na gcordach a thabhairt chun críche faoi amhras go fóill agus níl ár gcomhthuiscint ar ghaolmhaireacht roinnt cordach thar moladh beirte.

Aicmiú

Tacsanomaíocht

Tógadh an scéimire seo a leanas as an tríú eagrán den leabhar Vertebrate Palaeontology.[1] Ach é a bheith struchtúrtha ar bhealach a thaispeánann na gaolta éabhlóideacha ( cosúil le chraobhghram ("cladogram" sa Bhéarla), coimeádtar ranganna traidisiúnta a bhí in úsáid i dtacsanamaíocht Linnaeaus.


Fíligineacht

Chordata
 Tunicata 

 Appendicularia ( seal den tsaol;Larvacea)

 Thaliacea 

 Ascidiacea 

 Cephalochordata

 Craniata 

Myxini

 Vertebrata 

 Conodonta

 Cephalaspidomorphi

 Hyperoartia

 Pteraspidomorphi

 Gnathostomata 

 Placodermi

 Chondrichthyes

 Teleostomi 

 Acanthodii

 Osteichthyes 

 Actinopterygii

 Sarcopterygii 
<font color="white">void
 Tetrapoda 

 Amphibia

 Amniota 
 Synapsida 
<font color="white">void

 Mammalia

 Sauropsida 
<font color="white">void

 Aves

Nóta: Tugann na línte le fios an bealach gur dóigh a théann na gaolta éabhlóide, san áireamh tá tacsa marbh , curtha in iúl le mhiodóg.

Bunús

Ní heol dúinn faoi láthair cad é bunús na gCordach. B'iad éisc laghdaithe nó eiseamail lansógaigh na céad cordach so-aitheanta ón Tréimhse Chaimbriach. Is í an tuairimíocht is mó faoi bhunús na gCordach ná gurb í líne an oiriúnaithe is fearr dóibh ná ceann nó dhó de na catagóirí seo a leanas:

  • Ainmhí cosúil le péist dríodar-chónaithe a d'eascair corp níos leata agus / nó eiteog shnámha.
  • Scagbheathóir suiteach feadánach a d'eascair ina ainmhí saorshnámh via eití a úsáid.( Meastar UrochordataTunicata mar chordaigh, agus is scagbheathóirí iad le larbhaí cosúil le torbáin acu.)
  • Larbha d'ainmhithe de short eile a bhí ag gluaisteach nó ag snámh, ach a choinnigh faoi dheireadh a chumas snámha agus é fásta suas.

B'fhéidir gur tháinig righneas an nótacorda chun cinn, ar an gcéid ásc, le haghaidh éifeachtúlachta crapadh matánach snámha a athrú ( i gluaiseachtaí S-chruthach)

I bhfoclaibh eile, le haghaidh na colainne a lúbadh, caithfidh struchtúr righin dolúbtha a bheith ag meatán le tarraingt in aghaidh, agus is é an nótacorda san lúththréimhse an phríomhthréith. Ceal struchtúír righin dolúbtha, is é an toradh a bhéas ar chrapadh matánach ná ciorrú an ainmhí agus ní gluaisne iarbhír go bhféadfaí an t-ainmhí snámh.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Benton, M.J. (2004). Vertebrate Palaeontology, Third Edition. Blackwell Publishing, 472 pp. [http://palaeo.gly.bris.ac.uk/benton/vertclass.html Tá an scéim aicmiúcháin ar fáil ar-líne]