An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Eabhrac (cathair)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag baint: roa-rup:New York City
Líne 298: Líne 298:
[[rmy:New York City]]
[[rmy:New York City]]
[[ro:New York (oraș)]]
[[ro:New York (oraș)]]
[[roa-rup:New York City]]
[[roa-tara:Nuève York]]
[[roa-tara:Nuève York]]
[[ru:Нью-Йорк]]
[[ru:Нью-Йорк]]

Leagan ó 18:08, 16 Nollaig 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha Cathair le 8,008,278 (2000) duine í Cathair Nua-Eabhrac, atá suite ar chósta thoir Stát Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.). Is í an chathair is mó daonra i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ina theannta sin, nuair a chuirtear daonra a mbruachbhailte leí, is gaire do 18 milliún atá inti. Ar oirthear inbhear an Hudson atá sí, le New Jersey ar an dtaobh thiar den abhann. Is í an chathair is mó i stát Nua-Eabhraic.

Sonraí daonna

Tá tuarastal láir $38,293 in aghaidh an duine sa chathair, agus tuarastal láir $41,887 in aghaidh an líon tí. Tá tuarastal láir $37,435 ag fir, agus $32,949 ag mná. Tá méanthuarastal $22,402 ag muintir na cathrach. Tá 21.2% den daonra agus 18.5% de líonta tí faoi bhun theorainn an bhochtanais. Ón líon atá ag maireachtáil i mbochtanas, tá 30.0% faoi bhun aois 18 mbliain agus 17.8% 65 mbliain nó os a chionn.

Dealbh na Saoirse

Sa bhliain 2000, tá 8,008,278 duine, 3,021,588 líon tí, agus 1,852,233 clann ag maireachtáil sa chathair. Tá dlús daonra 10,194.2/km² (26,402.9/mi²) ann. Tá 3,200,912 aonad tís, ag meándlús 4,074.6/km² (10,553.2/mi²). Maidir le cine, tá 44.66% Bán, 26.59% Gorm , 0.52% de Mheiriceánaigh Dúchais (Indiaigh Mheiriceá Thuaidh), 9.83% de bhunach Áiseach, 0.07% d'Oileánaigh na Mara Ciúine, 13.42% de chiníocha eile, agus 4.92% de dhá chine ar a laghad. Tá 26.98% den daonra de bhunadh Hiospánach or Laidineach, a d'fhéadfadh baint le cine ar bith. Tá thart ar milliún go leath daoine d'íaróibh Éireannach i Nua Eabhrac.

Tá 3,021,588 líon tí, agus tá leanaí faoi bhun 18 ag maireachtáil le 29.7% acu. Is cúplaí pósta ag maireachtáil le chéile 37.2% acu, is ceann tí baineann gan fear céile ag maireachtáil léi 19.1% acu, agus ní clann iad 38.7% acu. Is daoine aonair iad 31.9% de iomlán an uimhir líonta tí, agus tá duine 65 mbliana ar a laghad ag maireachtáil le 9.9%. 2.59 an meán líon tí, agus 3.32 an meán líon clainne, tuismitheoirí san áireamh.

Sa chathair tá 24.2% faoi bhun aois 18, 10.0% ó 18 go 24, 32.9% ó 25 go 44, 21.2% ó 45 go 64, agus 11.7% atá 65 blian ar a laghad. 34 blian is ea an láraois. Tá 100 bean in aghaidh gach 90.0 fear. Tá 85.9 fear in aghaidh gach 100 bean os cionn 18 bliana.

Na Cúig Bhuirg

Nua-Eabhrac/Manhattan sa bhliain 1873

Cúig bhuirg le chéile atá i Nua-Eabhrac, agus is contae de stát Nua Eabhraic gach ceann acu, cé nach bhfuil rialtais ar leith acusan:

  • Manhattan – contae Nua-Eabhraic go hoifigiúil, ach tugtar 'Manhattan' go hiondúil ar an mbuirg agus ar an oileán ar a bhfuil sé suite, daonra 1,546,856
  • An Bronx – Contae an Bronx, daonra 1,354,068
  • BrúclinBrooklyn – Contae an Rí, daonra 2,488,194
  • Queens – Contae na Banríona, daonra 2,237,815
  • Oileán Staten – Contae Richmond, daonra 457,383

(Is as meastúcháin ceannáirimh 1 Iúil 2002 na daonraí seo) — Féach http://www.census.gov/ le tuilleadh eolais).

Toghann gach ceann den chúigear Uachtarán Buirge, ach faoi chartas na cathrach tá cumhacht teoranta acu —tá buiséad beag discréideach aige le caitheamh ar thionscadail laistigh den buirg. (cuireadh deireadh leis an gcumhacht tábhtach deiridh a bhí acu—ball de Bhord an Oideachais a cheapadh—leis an mbord féin, ar 30 Meitheamh 2002.) Faoi láthair, bíonn Uachtaráin na mburg mar bhaill ex officio ar bhoird agus coistí éagsúla.

Tugtar "na Cúig Bhuirg" go minic ar iomlán na cathrach, ag úsáid an téarma "An Chathair" nó "The City" le Manhattan, an t-oileán lárnach. Tugtar "na Buirg Lasmuigh" ("the Outer Boroughs") ar na ceithre cinn eile.

Aeráid

Nua-Eabhrac – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 22.2 23.9 30 35.6 37.2 38.3 41.1 40 38.9 34.4 28.9 23.9 41.1
Meán-uasteocht an lae (°C) 3.33 5 9.89 15.94 21.61 26.11 29 28 23.72 17.5 11.72 6.06 16.5
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) -3.22 -2.17 1.72 6.78 12.33 17.39 20.44 19.83 15.72 9.78 5 -0.22 8.61
Teocht is ísle (°C) -21.1 -26.1 -16.1 -11.1 −2.2 6.7 11.1 10 3.9 -2.2 -13.9 -25 −26.1
Meán-bháisteach (mm) 104.9 80 111 108.7 119.1 97.5 117.3 107.2 107.4 97.8 110.7 100.3 1,262.1
Meán-shneachta (cm) 21.1 18.0 8.6 1 0 0 0 0 0 0 1 6.6 56.4
Foinse: NOAA Eanáir 2011

Iompar

Stáisiún na Subway

Tá calafort mór ar a bruacha, ach tá go leor dá cuid gnó caillte ag Nua-Eabhrac le chalafoirt eile, mar Elizabeth i New Jersey. Tá aerphort idirnáisiúnta John F. Kennedy i Nua-Eabhrac, chomh maith le haerphort imtíre La Guardia, iad araon i Queens. Tá aerphort New York-Newark ar an taobh thiar de abhainn an Hudson, i New Jersey. Tá dhá stáisiún traenach mór inti, Grand Central Station, as a bhfágann traenacha réigiúnda Metro North, agus stáisiún Pennsylvania, nó Penn, atá á úsáid ag an Long Island Railroad agus ag an gcóras for-réigiúnach Amtrak. Gluaiseann córas mearthraenach na cathrach, an subway, ar fuaid ceithre cinn des na buirg, go leor de faoi thalamh ar ndóigh, agus tá a sheirbhís traenach féin ag Oileán Staten.

Gnó

Is ceantar mór í Nua-Eabhrac le clódóireacht, foilsitheoireacht, táirgeadh clár teilefíse, drámadóireacht, tionscnaimh bogearraí ríomhaireachta, turasóireacht agus an gnó airgeadais agus infheistíochta. Ar Wall Street, ar dheisceart Manhattan, atá gnó an infheistíochta bunaithe, agus fostaíonn sé na mílte. Tiománann an gnó úd géilleagar an réigiúin, mar gheall ar an iomad post atá ann, go háirithe imeasc daoine ar thuarastail arda.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Spéirlíne Chathair Nua-Eabhrac ón Empire State Building.

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR