An difríocht idir athruithe ar: "Spórt"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: xh:Ezemidlalo
Líne 179: Líne 179:
[[vi:Thể thao]]
[[vi:Thể thao]]
[[war:Paugnat-ha-Kusog]]
[[war:Paugnat-ha-Kusog]]
[[xh:Ezemidlalo]]
[[yi:ספארט]]
[[yi:ספארט]]
[[zea:Sport]]
[[zea:Sport]]

Leagan ó 06:27, 16 Nollaig 2012

Is éard a bhíonn i gceist le spórt ná imeacht le hiomaíocht fisiciúil ar bhonn comórtais, siamsaíocht, aclaíocht nó féin-fhorbairt srl. Bíonn gníomhaíocht fisicúil in éineacht le iomaíochta, féinspreagadh agus córas scórála i gceist. Roinntear cineálacha spóirt de réir grúpaí: spóirt aonaracha, spóirt foirne, spóirt le scil nó spóirt le neart, luas srl. Is iad na spóirt is bunúsaí ná na comórtaisí nirt, luais, léimnigh, agus lúthchleasaíochta an duine. Chomh maith le sin, bíonn rásaí con agus capall, seóléimrigh capall, rásaí snámha, seoltóireacht, iomradh,cadhcáil, na healaíona míleata, marcaíocht mhaidhme, rásaíocht mótair agus rothar go forleathan ar fud an domhain. Tugtar spórt orthu seo ar fad, maraon le cluichí eile aonair, beirte agus foirne.

Spórt sa stair

Léiriú Spóirt ó na Mionóch thart ar 1000 bliain RCh

Ní fios cén uair a céad-imríodh spórt, ach tá fianaise ann go raibh na Sínigh ag imirt cineál éigin spóirt timpeall 4000 RCh[1]. Tá a fhios againn chomh maith go raibh móréileamh ar ghleacaíocht san Éigipt. Is léir ó shéadchomharthaí go raibh córas rialacha do na cluichí seo freisin[2].

I measc na gcruinnithe móra spóirt is eol dúinn ón stair, tá Cluichí Oilimpeacha na Gréige agus rásaí Tailteann na hÉireann.

Cluichí foirne

Tá tábhacht inniu go fóill le comórtaisí luais, léimní agus nirt, ach tá níos mó béime ar chluichí foirne. Tá cluichí eile a imrítear ina mbíonn duine in aghaidh duine, nó i bhfoirne, a bhfuil scil nó deiseacht láimhe i gceist, mar atá dairteanna, leadóg, lámhach piléar agus saighead, caitheamh puc agus caitheamh casúir, scátáil patrúin, tumadh agus liathróid láimhe. Tá foirm ar leith de lúthchleasaíocht ann ina mbíonn an lúthchleasaí ag déanamh cleasa agus é ag casadh ar mhaide.

Spóirt geimhridh

Tá an-ráchairt ar fud an domhain, freisin, ar spóirt gheimhridh, ar nós scíáil ailpíneach, scíáil tíre, scátáil, scátáil figiúir, lúg, agus gluaiseacht chláir-sneachta.

Mór an spórt é.....

Is minic a cloistear go bhfuil an spórt imithe as cúrsaí spóirt. 'Séard atá i gceist anseo na go ndéantar dearmad ar bhéasaí, ar luachanna agus ar an spraoi agus go ndírítear isteach ar an mbua. Céard a spreagann duine le páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt? An mar chaitheamh aimsire a fhéachtar air nó gné sóisialta, chun aclaíocht a dhéanamh nó forbairt pearsanta? Cé acu a bhíonn mar spreagadh, is cinnte go dteastaíonn scileanna comhoibrithe agus féin-smacht ionas go n-eireoidh leat i gcúrsaí spóirt.

Scaití milleann brú na hiomaíochta an comhoibriú dearfach seo agus is féidir le foréigean a bheith mar thoradh. Measctar mothúcháin de dhílseacht nó ceiliúradh le fearg agus is minic dochar dá bharr.

Féach Freisin:

Cúrsaí spóirt in Éirinn

Tagairtí: