An difríocht idir athruithe ar: "An Táidsíceastáin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
JackieBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: so:Tadsjikistan
Líne 103: Líne 103:
[[bs:Tadžikistan]]
[[bs:Tadžikistan]]
[[bug:Tajikistan]]
[[bug:Tajikistan]]
[[bxr:Тажикистан]]
[[bxr:Таджикистан]]
[[ca:Tadjikistan]]
[[ca:Tadjikistan]]
[[ce:Таджики]]
[[ce:Таджики]]

Leagan ó 17:14, 6 Nollaig 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Tír stairiúil agus poblacht iar-Shóivéadach i lár na hÁise is ea í an Táidsíceastáin. Tá sí ag críochantacht leis an Úisbéiceastáin, an Afganastáin, an Chirgeastáin, agus an tSín. An chuid is mó de na poblachtaí iar-Shóivéadacha i lár na hÁise, labhraítear teanga Thurcach éigin iontu, ach is eisceacht ar fad í an Táidsíceastáin, nó is canúint de chuid na Peirsise í an Táidsícis, arb í teanga náisiúnta na Táidsíceastáine í. Is í Dushanbe príomhchathair na Táidsíceastáine.

Tá sé tábhachtach an fhíor-Tháidsícis a aithint thar na teangacha a labhraítear i Sléibhte Pamir. Tugtar "Táidsícigh" ar mhuintir na sléibhte seo, ach le fírinne, tá a gcultúr an-difriúil le cultúr na bhfíor-Tháidsíceach, agus na teangacha féin dothuigthe ar fad ag muintir na Táidsíceastáine. Is é an t-aon ghaol amháin atá acu leis an Táidsícis gur teangacha Iaránacha iad freisin, agus iad i bhfad níos seanársa ná an fhíor-Tháidsícis.

Cosúil leis na poblachtaí iar-Shóivéadacha eile, bhain an Táidsíceastáin amach a neamhspleáchas sa bhliain 1991, ach go gairid ina dhiaidh sin, bhris cogadh cathartha amach sa tír a mhair go dtí an bhliain 1997. Cé gur tháinig deireadh leis an gcogadh, tá todhchaí na tíre idir eatarthu i gcónaí, agus trúpaí Rúiseacha, Francacha agus Meiriceánacha ar garastún ansin leis na sceimhlitheoirí Muslamacha a choinneáil amuigh nó a cheapadh.

Stair

Tá áitreabh daonna sa Táidsíceastáin ón mbliain 4000 roimh bhreith Chríost i leith. Bhí impireachtaí éagsúla ag rialú na tíre thar na céadta bliain, go háirithe Impireacht na Peirse, óna bhfuair na Táidsícigh a dteanga dhúchais, is dócha. Sa seachtú haois i ndiaidh bhreith Chríost, tháinig an tIoslam isteach leis na hArabaigh. Sa naoú haois, arís, chuir impireacht Pheirseach nua - na Samainídigh - ruaigeadh ar na hArabaigh, agus ba faoi cheannas na Samainídeach a tógadh Samarcand agus Buchára, dhá phríomhchathair chultúrtha na dTáidsíceach. (Inniu, tá siad suite san Úisbéiceastáin, ach is í an Táidsícis a labhraítear iontu i gcónaí). Roimh theacht na Rúiseach go dtí lár na hÁise, d'úsáidtí an téarma 'Táidsíceach' le tagairt do chainteoirí Peirsise an réigiúin go léir, cuma cé acu a bhí siad ina gcónaí in aon chóngar do Tháidsíceastáin an lae inniu nó nach raibh.

Thit an Táidsíceastáin le hImpireacht na Rúise de thoradh an Chluiche Mhóir, mar a thugtar ar chomhrac na Rúise agus Shasana sa naoú haois déag faoi cé acu acu a bheadh i gceannas ar Lár na hÁise. I ndiaidh Réabhlóid na Rúise, b'iad na Boilséivigh a shealbhaigh an tír, chomh maith leis an gcuid eile den Impireacht, cé gur chuir basmaitsigh - treallchogaithe Muslamacha - ina n-aghaidh in áiteanna. Thóg sé ceithre bliana ar na Boilséivigh na basmaitsigh a chloí sa Táidsíceastáin, agus rinneadh an-léirscrios ar an tír i rith an chogaidh.

Sa bhliain 1924, bunaíodh Poblacht Shóivéadach na Táidsíceastáine. Ar dtús, ní raibh ann ach poblacht fhéinrialaitheach a bhí ina cuid de Phoblacht Shóivéadach na hÚisbéiceastáine, ach rinneadh ceann de phoblachtaí bunaidh an Aontais Shóivéadaigh di cúig bliana ina dhiaidh sin. Níor bhac an rialtais láir i Moscó riamh le mórán forbartha a dhéanamh ar an bpoblacht ó sin agus fágadh chun deiridh ar an gcuid eile den Aontas Sóivéadach í ó thaobh na heacnamaíochta agus na tionsclaíochta de. Má rinneadh forbairt ar bith ar an tír, b'é an tuaisceart ba mhó a bhain leas as, agus dá bharr sin, b'iad na tuaisceartaigh a bhí ag rialú na tíre nuair a bhí an tír ina poblacht Shóivéadach. Tarraingíodh teorainneacha an stáit Tháidsíceastánaigh seo de réir riachtanaisí polaitiúla an Aontais Shóivéadaigh, seachas de réir an áitribh Tháidsíceastánaigh, rud a d'fhág cuid mhór Táidsíceach ina gcónaí sa stát Úisbéiceach go dtí an lá inniu, go háirithe i Samarcand agus i mBuchára, a bhí riamh ina gcathracha Táidsíceacha. I ré an Aontais Shóivéadaigh, freisin, tugadh isteach an teanga nua liteartha a bhí bunaithe ar na canúintí labhartha ba mhó a bhí faoi thionchar na hÚisbéicise, mar mhalairt ar an bPeirsis Chlasaiceach a bhí ag aicme liteartha na Táidsíceastáine go nuige sin. In áit an leagan Peirseach den aibítir Arabach a úsáid, cuireadh na litreacha Coireallacha i bhfeidhm ar an gcaighdeán scríofa nua. Roimh an aibítir Choireallach, bhí an aibítir Laidineach in úsáid ar feadh deich mbliana. Iarracht thoilghnústa a bhí ann leis na Táidsícigh a scaradh ón oidhreacht chultúrtha a bhí i bpáirt acu leis na Peirsigh.

Nuair a thosaigh an náisiúnachas ag múscailt sa Táidsíceastáin i ré an pheireastráidhce i ndeireadh na n-ochtóidí, bunaíodh sraith d'eagraíochtaí polaitiúla neamhspleácha le cearta na dTáidsíceach a chur chun cinn. Bhí stádas na Táidsícise mar theanga oifigiúil ina ábhar caibidle agus conspóide ach go háirithe. De réir mar a bhí na sluaite síoraí ag éirí ní ba neamhbhailbhe ag cur a gcuid barúlacha polaitiúla in iúl, tuigeadh do na Cumannaigh agus do na náisiúnaithe araon go raibh cuid mhaith de mhuintir na tuaithe dall ar an bpolaitíocht nua-aimseartha, agus an tIoslam ar an gcloch ba mhó ar a bpaidrín siúd. De thoradh an díspeagadh a bhí ag muintir na tuaithe agus ag muintir na gcathrach i leith a chéile, d'éirigh ina chogadh dearg eatarthu.

Thosaigh an cogadh ag forbairt in Earrach na bliana 1992, nuair a bhí an freasúra ag léirsiú agus ag agóidíocht sna sráideanna i ndiaidh an toghcháin a d'fhág Rahmon Nabiyev ina Uachtarán ar an tír sa bhliain roimhe sin. Ghléas Nabiyev suas dreamanna armtha a bhí ag tacú leis an rialtas. Cé gur tuaisceartach ab ea é Nabiyev féin, tháinig cuid mhaith dá chuid fórsaí armtha ó chathair Kulob (Kulyab). Ar thaobh an fhreasúra, bhí grúpaí éagsúla ag troid, idir Ioslamaithe, shléibhteánaigh neamhpholaitiúla, agus dhaonlathaigh liobrálacha. Deirtí gur "nua-Shóivéadaigh" ab ea iad lucht leanúna Nabiyev; agus cé go raibh grúpaí éagsúla ina gcoinne, ba nós a rá gur "Ioslamaithe" ar fad a bhí i gceist leis an bhfreasúra. I Mí na Bealtaine 1992, bhris na cathanna armtha amach idir na "nua-Shóivéadaigh" agus an freasúra. D'éirigh leis an bhfreasúra an phríomhchathair a shealbhú, agus d'fhág Nabiyev an Uachtaránacht. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig fórsaí na Rúise agus na hÚisbéiceastáine chun fortachta d'fhórsaí an rialtais, agus chuir siad ruaig ar an bhfreasúra as an bpríomhchathair. I ndeireadh na dála b'é Emomali Rakhmonov ó chathair Kulob a chuaigh i gceannas ar an rialtas, agus é i muinín na mílístí óna chathair dhúchais féin le haghaidh tacaíochta.

Shroich an foréigean a bhuaicphointe i ndeireadh na bliana 1992 agus sa bhliain 1993, nuair a bhí fórsaí an rialtais ag cur catha ar go leor naimhde éagsúla, cosúil leis na hIoslamaithe ó Pháirtí Athbheochana Ioslamaí na Táidsíceastáine (Нашрияи Ҳизби Наҳзати Исломии Тоҷикистон/Nashriyai Hizbi Nahzati Islomii Tojikiston) agus mionlaigh náisiúnta ó chúige Gorno-Badakhshan. Le cuidiú ón gcoigríoch, bhí na mílístí ó Kulob ábalta an cath a bhriseadh ar a gcuid naimhde. Thairis sin, áfach, rinne siad an-ródach ar na mionlaigh náisiúnta ó Gorno-Badakhshan, agus chuir grúpaí cosanta na gceart daonna, cosúil leis an Amnesty International, ina leith go raibh cinedhíothú idir lámhaibh acu. Chuir na mílístí go leor sráidbhailte trí thine, dhúnmharaigh siad daoine mór-le-rá agus mharaigh siad daoine ina sluaite chomh maith. Thit an chuid ba mhó de na hainghníomhartha seo amach i dtimpeallacht chathair Qurghonteppa, agus b'iad na Garmaigh - foghrúpa eitneach a bhfuil an Táidsícis mar theanga dhúchais acu - ba mhó a bhí thíos leis. Bhí Qurghonteppa ina daingean tábhachtach ag Páirtí na hAthbheochana Ioslamaí freisin.

I ndiaidh an éirligh timpeall Qurghonteppa, chuaigh iarsmaí an fhreasúra ar lorg cuidiú chuig Jamiat-i Islami, an páirtí Ioslamach ba sine san Afganastáin. Le tacaíocht ó Ahmad Shah Masoud, ceannaire Jamiat, tháinig na grúpaí freasúra éagsúla le chéile faoi bhratach Fhreasúra Aontaithe na Táidsíceastáine.

An chuid ba mhó den chogadh, ní raibh i gceist leis ach síorchathanna idir dronganna armtha nach raibh mórán idé-eolaíochta ag baint leo. Cuireadh formhór na gcathanna faoin tuath agus sna sléibhte i dtús an chogaidh, ach sa bhliain 1996, bhí na saighdiúirí Rúiseacha agus na reibiliúnaigh ag lámhach a chéile i sráideanna na príomhchathrach. Chuir fórsaí radacacha Ioslamacha ón Afganastáin a ladar sa chogadh chomh maith, agus iad ag iarraidh sásamh an chogaidh fhada Afganastánaigh a bhaint as na Rúisigh sa Táidsíceastáin. Sa deireadh thiar thall, d'éirigh leis na Náisiúin Aontaithe sos cogaidh a chur i bhfeidhm sa bhliain 1997, agus cóiríodh an chéad toghchán sa bhliain 1999.

Bhí an tír ina cosair easair i ndiaidh an chogaidh. Meastar go bhfuair leathchéad nó céad míle duine bás, agus b'éigean do níos mó ná milliún duine éalú óna mbólaí dúchais. Rinneadh damáiste mór don infreastruchtúr ar fud na tíre, agus maireann cuid mhór de mhuintir na Táidsíceastáine ar dhéirc ó na heagraíochtaí carthanais de cheal oibre nó tailte insaothraithe. Fuair cuid mhaith intleachtóirí, scríbhneoirí, ceannairí agus polaiteoirí bás i rith an chogaidh, chomh maith le ceathrar ball sibhialta de Mhisiún Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Táidsíceastáin, a dúnmharaíodh as fuil fhuar ar an 20 Iúil 1998.

Cultúr

Cé go labhraíonn na Táidsícigh teanga Iaránach, tá a gcultúr go mór mór faoi thionchar na nÚisbéiceach, go háirithe i gcúrsaí na ceoltóireachta. Tá an stíl chlasaiceach ceoil, shashmaqam, an-chosúil le ceol na hÚisbéiceastáine. Is é an tIoslam Sunnach an reiligiún is tábhachtaí, cé go bhfuil an tIoslam Sítheach le fáil i measc na mionlach eitneach i sléibhte Pamir.

Féach ar