An difríocht idir athruithe ar: "An Afracáinis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 69: Líne 69:
[[gl:Lingua africáner]]
[[gl:Lingua africáner]]
[[he:אפריקאנס]]
[[he:אפריקאנס]]
[[hi:अफ़्रीकाँस भाषा]]
[[hi:अफ़्रीकांस भाषा]]
[[hif:Afrikaans bhasa]]
[[hif:Afrikaans bhasa]]
[[hr:Afrikaans]]
[[hr:Afrikaans]]

Leagan ó 11:36, 3 Nollaig 2012

Teimpléad:Teanga Is teanga Iar-Ghearmáinice í an Afracáinis, agus í an-chosúil leis an Ollainnis. Labhraítear san Afraic Theas agus sa Namaib í thar aon áit eile, ach tá teacht ar an gcorr-chainteoir sa Bhotsuáin, i Leosóta, sa ttSuasalainn, sa tSiombáib, agus sa tSaimbia chomh maith. De thoradh na himirce ón Afraic Theas, tá timpeall 30.000 cainteoir Afracáinise ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe. Tá pobail thábhachtacha i bPerth san Astráil, i dToronto, Ceanada agus Auckland sa Nua-Shéalainn freisin. Tá dhá ghrúpa eitneacha ann a úsáideann an Afracáinis thar aon teanga eile, mar atá, na Bóraigh (boers), is é sin, na Geala a labhraíonn an teanga, agus na Daiteánaigh a labhraíonn í, ar nós na basters, Malaeigh an Chinn (Cape Malays), agus na Griquas.

Stair na Teanga

Is í an teanga is gaolmhaire don Afracáinis ná an Ollainnis, agus is féidir le cainteoirí an dá theanga seo an-adhmad a dhéanamh as caint a chéile i gcónaí. Is í an ghramadach an phríomhdhifríocht, nó tá cuid mhór de mhírialtachtaí na hOllainnise imithe ón Afracáinis, go háirithe an inscne ghramadúil. Aithníonn an Ollainnis trí inscne i gcónaí, is é sin, an bhaininscne, an fhirinscne agus an inscne neodrach, cé go bhfuil an difríocht idir an bhaininscne agus an fhirinscne beagnach imithe sa teanga sin féin. An Afracáinis, áfach, ní aithníonn sí fiú an difríocht idir an inscne neodrach agus an dá inscne eile a thuilleadh. Thairis sin, tá an Afracáinis tar éis cuid mhaith focal a fháil ó na teangacha bundúchasacha a labhraítear i nDeisceart na hAfraice, agus cé go bhfuil litriú na hAfracáinise bunaithe ar litriú na hOllainnise, is gnách na focail iasachta nó idirnáisiúnta a chur in oiriúint do chóras litrithe na teanga ar bhealach i bhfad níos déine ná mar a dhéantar san Ollainnis.

Tá sé ina chnámh spairne i gcónaí conas a d'fhorbair an Afracáinis, nó is iontach luath a thit córas gramadaí na hOllainnise as a chéile san Afraic, i gcomparáid leis na teangacha coilíneacha eile. De ghnáth, bíonn an teanga níos coimeádaí sna coilíneachtaí ná a mhalairt. Is é an míniú a bhíonn ag cuid mhór de na teangeolaithe nach Bóraigh iad ná gur tharla nasctheangúfásteangú éigin don Ollainnis, is é sin, gur fhoghlaim grúpa éigin de neamhchainteoirí dúchais salacharaíl Ollainnise gan aird a thabhairt ar an ngramadach cheart, agus go raibh an grúpa seo chomh mór is go raibh níos mó tionchar aige ar fhorbairt na teanga san Afraic Theas ná ag na cainteoirí dúchais a tháinig isteach ón Eoraip.

Deir an teangeolaí Paul Roberge gur breacadh an Afracáinis síos an chéad uair sa bhliain 1795. Ní raibh i gceist san am sin ach cineál raiméis véarsaíochta. Sa chéad leath den naoú haois déag féin, b'í an Ollainnis chaighdeánach an teanga ina ndéanadh na Bóraigh a gcuid léitheoireachta. B'é Cumann na bhFíor-Afracánach, nó Genootschap vir Regte Afrikaners, i gCathair na Rinne a d'fhoilsigh an chéad fhoclóir Afracáinise agus an chéad ghráiméar, sa bhliain 1875.

Nuair a tháinig stát na hAfraice Theas ar an bhfód sa bhliain 1910, b'iad an Béarla agus an Ollainnis na teangacha oifigiúla. Sa bhliain 1925, cuireadh an Afracáinis in áit na hOllainnise.

An Afracáinis
Vicipéid le fáil as An Afracáinis freisin

Teimpléad:Nasc AR