An difríocht idir athruithe ar: "Prótón"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
TjBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: war:Proton
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (Robot: Modifying mr:प्रोटॉन to mr:प्राणु
Líne 111: Líne 111:
[[ml:പ്രോട്ടോണ്‍]]
[[ml:പ്രോട്ടോണ്‍]]
[[mn:Протон]]
[[mn:Протон]]
[[mr:प्रोटॉन]]
[[mr:प्राणु]]
[[ms:Proton]]
[[ms:Proton]]
[[my:ပရိုတွန်]]
[[my:ပရိုတွန်]]

Leagan ó 08:33, 26 Samhain 2012

Prótón
Aicmiú
Cáithnín fo-adamhach
Fearmón
Hadrón
Barón
Núicléón
Prótón
Airíonna
Mais: 1.6726 × 10−27 kg
938.272 029(80) MeV/c2
Lucht leictreach: 1.602 176 53(14) × 10−19 C
Guairne: 1/2
Comhshuíomh cuarcanna: 1 Íoschuarc, 2 uaschuarc

Is cáithnín fo-adamhach é an prótón atá ar fáil i núicléas na n-adamh ar fad - mar sin, is núicléón é. Tá lucht leictreach deimhneach aige arb ionann é agus aonad fuaimintiúil amháin, nó 1.602 × 10−19 cúlóm. Is í an mhais atá in aon phrótón amháin ná 1.6726 × 10−27 cíleagram. Mar sin, tá sé 1836 uair níos troime ná an leictreon. De réir na mbreathnuithe, tá an prótón cobhsaí, is é sin, níl sé de chlaonadh ann titim as a chéile ná meath a theacht air. Ar a laghad, tá leathré an phrótóin níos faide ná 1035 bliain.

An t-iseatóp is tábhachtaí atá ag hidrigin, níl de núicléas aige ach aon phrótón amháin. Sin é an fáth go dtuigtear próitiam air, uaireanta, lena dhealú ón deoitéiriam agus ón tritiam, an dá iseatóp eile. Sa deoitéiriam, tá neodrón amháin mar leathbhádóir ag an bprótón, agus sa tritiam, tá dhá neodrón sa núicléas sa bhreis ar an bprótón. Tá na dúile eile ar fad níos cosúla leis an deoitéiriam agus an tritiam ná leis an bpróitiam, nó tá neodróin ina gcuid núicléas chomh maith le prótóin, agus an fórsa láidir núicléach idir na núicleoin ar fad á gcoinneáil le chéile.

Is é líon na bprótón i núicléas an adaimh a thaispeánann an dúil lena mbaineann an t-adamh áirithe sin. Is é sin, in aon adamh neodrach, caithfidh sé go bhfuil aon leictreon ann in aghaidh gach prótón, le lucht leictreach an núicléis a neodrú. Is é líon na leictreon, arb ionann é agus líon na bprótón, a shocraíonn saintréithre ceimiceacha an adaimh. Mar sin, is gnách a rá gurb é líon na bprótón i núicléas an adaimh a uimhir adamhach. I dtábla peiriadach na ndúl, tá na dúile curtha in ord ceann i ndiaidh a chéile de réir na n-uimhreacha seo.

Teimpléad:Nasc AR