An difríocht idir athruithe ar: "Líonra ríomhaireachta"
m róbat ag suimiú: tg:Шабакаи компютерӣ |
m róbat ag suimiú: gu:કમ્પ્યુટર નેટવર્ક |
||
Líne 46: | Líne 46: | ||
[[fr:Réseau informatique]] |
[[fr:Réseau informatique]] |
||
[[gl:Rede de computadores]] |
[[gl:Rede de computadores]] |
||
[[gu:કમ્પ્યુટર નેટવર્ક]] |
|||
[[he:תקשורת נתונים]] |
[[he:תקשורת נתונים]] |
||
[[hi:नेटवर्क]] |
[[hi:नेटवर्क]] |
Leagan ó 07:00, 8 Samhain 2012
Séard is líonra ríomhairí ann ná bailiúchán de ríomhairí atá ceangailte i mbealach a ligeann dóibh sonraí agus acmhainní a roinnt.
Catagóirí Líonraí
Tá dhá phríomhchineál líonra ríomhairí ann:
- Líonra achair logánta (Local Area Network/LAN) – Achar beag, príobháideach agus sciobtha, ríomhairí pearsanta agus gléasanna eile ar nós printéirí á gceangal
- Líonra achair fhairsing (Wide Area Network/WAN) – Achar mór, líonraí logánta á gceangal le chéile
Na Comhpháirteanna
Bíonn na comhpháirteanna seo a leanas ar líonra ríomhairí ar bith:
- Na ríomhairí féin (nó na hóstaigh)
- An cainéal cumarsáide
Óstaigh
Úsáidtear an téarma óstach (nó amanna nód) go minic le haghaidh ríomhaire atá ceangailte le líonra. Bíonn crua-earraí cumarsáide ag teastáil leis an óstach a cheangal leis an líonra (m.sh. cárta líonra agus cábla líonra). Bíonn crua-earraí eile in úsáid leis an líonra ar fad a cheangal le chéile (m.sh., moil, lasca, ródairí, srl.). Bíonn bogearraí cumarsáide ag teastáil ar an óstach freisin. Is minic a bhíonn siad seo mar chuid den chóras oibriúcháin. Bíonn seoladh uathúil ag gach óstach ionas gur féidir iad a aithint óna chéile ar an líonra.
An cainéal cumarsáide
Bíonn an cainéal cumarsáide bunaithe ar mheán fisiceach éigin. Déantar na sonraí a aistriú ina ngiotáin ar an gcainéal seo. Tá trí phríomhchineál méan ann:
- Meán leictreach (m.sh., cáblaí péire-casta, cáblaí comhaiseacha)
- Meán optúil (m.sh., cáblaí snáthoptaice)
- Meán gan sreang (m.sh. Wi-Fi, comharthaí saitilíte, comharthaí micreathoinn)