An difríocht idir athruithe ar: "An Dara Cogadh Domhanda"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag suimiú: diq:Herbê Dınyayê Dıyine
No edit summary
Líne 15: Líne 15:
|taismigh2=Básanna<br />''Míleata'': >8,000,000<br /> ''Sibhialtach'': >4,000,000
|taismigh2=Básanna<br />''Míleata'': >8,000,000<br /> ''Sibhialtach'': >4,000,000
|}}
|}}
Ba é an '''Dara Cogadh Domhanda''' an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na [[20ú haois|fíchiú haoise]], agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh ar an [[1 Meán Fómhair]] sa bhliain [[1939]], ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san [[An Áise|Áise]] ón [[7 Iúil]] sa bhliain [[1937]], nó b'ansin a d'ionsaigh [[an tSeapáin]] [[an tSín]] an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar aghaidh mar chuid den Dara Cogadh Domhanda.
Ba é an '''Dara Cogadh Domhanda''' an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na [[20ú haois|fichiú haoise]], agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh ar an [[1 Meán Fómhair]] sa bhliain [[1939]], ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san [[An Áise|Áise]] ón [[7 Iúil]] sa bhliain [[1937]], nó b'ansin a d'ionsaigh [[an tSeapáin]] [[an tSín]] an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar aghaidh mar chuid den Dara Cogadh Domhanda.


An chuid is mó de na tíortha a bhí sáite sa [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]], ghlac siad páirt sa dara cogadh freisin, agus bhí cathanna á gcur i ngach aon [[mór-roinn|mhór-roinn]] ina bhfuil cónaí ar dhaoine daonna. Tríd is tríd, ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ab fhairsinge agus ba chostasúla i stair an chine dhaonna.
An chuid is mó de na tíortha a bhí sáite sa [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]], ghlac siad páirt sa dara cogadh freisin, agus bhí cathanna á gcur i ngach aon [[mór-roinn|mhór-roinn]] ina bhfuil cónaí ar dhaoine daonna. Tríd is tríd, ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ab fhairsinge agus ba chostasúla i stair an chine dhaonna.
Líne 69: Líne 69:
'''Ré na Práinne''' (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma [[Béarla]] ''Emergency'') a thugtar ar bhlianta an [[Dara Cogadh Domhanda]] in [[Éire|Éirinn]] ([[1940]]-[[1945]]). Bhí [[Tuaisceart Éireann|Tuaisceart na hÉireann]] ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an [[Saorstát Éireann|Saorstát]] taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.
'''Ré na Práinne''' (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma [[Béarla]] ''Emergency'') a thugtar ar bhlianta an [[Dara Cogadh Domhanda]] in [[Éire|Éirinn]] ([[1940]]-[[1945]]). Bhí [[Tuaisceart Éireann|Tuaisceart na hÉireann]] ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an [[Saorstát Éireann|Saorstát]] taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.


D'úsáid an rialtas ""an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1939" chun na meáin a smachtú. Freisin thug sé seo cumhachtaí breise chun déiléail leis an [[IRA]], ar eagla gur bhain siad úsáid as an ócáid chun aon iarracht an stáit a troid<ref>http://www.irishstatutebook.ie/1939/en/act/pub/0028/index.html</ref>.
D'úsáid an rialtas ""an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1939" chun na meáin a smachtú. Freisin thug sé seo cumhachtaí breise chun déiléail leis an [[IRA]], ar eagla go dtapódh an eagraíocht sin an deis chun ionsaí a dhéanamh ar an stát<ref>http://www.irishstatutebook.ie/1939/en/act/pub/0028/index.html</ref>.


== An Teicneolaíocht ==
== An Teicneolaíocht ==

Leagan ó 21:41, 2 Samhain 2012

An Dara Cogadh Domhanda
An Dara Cogadh Domhanda
Dáta: 1 Meán Fómhair 1939 - 2 Meán Fómhair 1945
Toradh: Bua na Chomhghuaillithe. Cuireadh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe ar bun. Nochtadh SAM agus APSS mar ollchumhachtaí. Srl.
Céilí comhraic
Ríocht Aontaithe
An Pholainn
Stáit Aontaithe
APSS
An Fhrainc Shaor
An Astráil
...Srl.
An Ghearmáin
An Iodáil
An tSeapáin
...Srl.
Ceannasaithe
Winston Churchill
Edward Rydz-Śmigły
Franklin D. Roosevelt
Iósaf Stailín
Charles de Gaulle
...Srl.
Adolf Hitler
Benito Mussolini
Hirohito
...Srl.
Slua
Taismigh
Básanna
Míleata: >14,000,000
Sibhialtach: >36,000,000
Básanna
Míleata: >8,000,000
Sibhialtach: >4,000,000

Ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na fichiú haoise, agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh ar an 1 Meán Fómhair sa bhliain 1939, ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san Áise ón 7 Iúil sa bhliain 1937, nó b'ansin a d'ionsaigh an tSeapáin an tSín an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar aghaidh mar chuid den Dara Cogadh Domhanda.

An chuid is mó de na tíortha a bhí sáite sa Chéad Chogadh Domhanda, ghlac siad páirt sa dara cogadh freisin, agus bhí cathanna á gcur i ngach aon mhór-roinn ina bhfuil cónaí ar dhaoine daonna. Tríd is tríd, ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ab fhairsinge agus ba chostasúla i stair an chine dhaonna.

Is gnáth na cogaithe a roinnt ina dhá mbloc, mar atá, na Comhghuaillithe agus an Fhearsaid. Bhí cuid mhór tíortha beaga ag cur cogaidh freisin, agus iad ag comhoibriú le ceann den dá bhloc, ar chúiseanna praiticiúla níos mó ná ar chúiseanna idé-eolaíochta nó báúlachta.

Ar dtús, ba í an Ríocht Aontaithe an chumhacht ba tábhachtaí de na Comhghuaillithe, agus an Pholainn is an Fhrainc ar an chéad dá chomhghuaillí a bhí aici. Sa deireadh thiar thall, áfach, chuaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Sóivéadach chun cogaidh ar thaobh na gComhghuaillithe.

Ar thaobh na Fearsaide, arís, ba iad an Ghearmáin, an Iodáil, agus an tSeapáin na príomhthíortha.

Cnámha an Scéil

An Eoraip

Ar an 1 Meán Fómhair 1939, d'ionsaigh an Ghearmáin, a bhí á rialú ag Adolf Hitler agus ag an bPáirtí Naitsíoch ag an am, - d'ionsaigh an Ghearmáin an Pholainn. Bhí an tSlóvaic, stát soip a bhí faoi smacht ag an nGearmáin, ag tacú leis na Gearmánaigh. Bhí an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach tar éis conradh rúnda a shíniú faoi chríochdheighilt na Polainne. Ar an 17 Meán Fómhair, chuaigh na Sóivéadaigh chun cogaidh i gcoinne na Polainne chomh maith. Ar an 3 Meán Fómhair ag 11.15 a'chlog de réir Mheán-am Greenwich, d'fhógair an Ríocht Aontaithe, an Astráil agus an Nua-Shéalainn cogadh in aghaidh na Gearmáine, rud a rinne an Fhrainc sé uaire an chloig ina dhiaidh sin.

Íomhá:Red Flag Over Reichstag, version without smoke..JPG
Thit Beirlín leis an Arm Dearg ar an 2 Bealtaine sa bhliain 1945. Sa ghrianghraf seo, tá na saighdiúirí Sóivéadacha ag cur a mbrataigh ar an gcrann os cionn an Reichstag, agus casúr agus corrán an Chumannachais le feiceáil air.

Ní dhearna na Sasanaigh is na Francaigh mórán le cabhrú leis na Polannaigh, cé go raibh an-dóchas acu siúd astu, agus iad ag cruinniú timpeall ambasáidí na Ríocht Aontaithe is na Fraince i Vársá le God Save the King agus an Marseillaise a chanadh in ómós do na comhghuaillithe. Rinne na Francaigh ionsaí ar an tSárlainn in iarthar na Gearmáine, ach ní raibh na Gearmánaigh i bhfad ag cosc an bhuille seo.

Go luath i Mí Dheireadh Fómhair 1939, bhí na Polannaigh cloíte, agus roinn an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach an tír eatarthu mar a bhí socraithe acu. Fuair an Liotuáin na tailte timpeall ar Vilnias, agus tugadh tailte áirithe do na Slóvacaigh in aice leis an teorainn.

Ina dhiaidh sin, chuir an tAontas Sóivéadach d'fhiacha ar na tíortha Baltacha - an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin - trúpaí Sóivéadacha a ligean isteach. Chuaigh na trúpaí ar garastún sna tíortha sin go seasta, agus tógadh bunáiteanna míleata Sóivéadacha ansin. San am chéanna, bhí na Sóivéadaigh ag éileamh ar an bhFionlainn tailte áirithe in aice le Leningrad a thabhairt don Aontas Sóivéadach agus, thar aon rud eile, ceadú do na Sóivéadaigh bunáit mhíleata a chur ar bun in aice le Hanko, an chathair is faide theas sa tír. Bheadh limistéar eile le dul don Fhionlainn in éiric a dtabharfadh sí uaithi. Ní raibh na Fionlannaigh sásta leis an tairiscint, agus sa deireadh, d'ionsaigh na trúpaí Sóivéadacha an Fhionlainn. Chuir na Fionlannaigh ar a son, agus troideadh Cogadh an Gheimhridh idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach.

An Áise agus an tAigéan Ciúin

I nDiaidh an Chogaidh

Cúiseanna an Chogaidh

Imeachtaí an Chogaidh

An Cogadh ag Tosú: 1939

An Cogadh ag Dul i bhFairsinge: 1940

An Cogadh ag Dul chun Domhandais: 1941

An Leamhsháinn: 1942

An Taoide á Casadh: 1943

Néal muisiriúnach an bhuama adamhaigh os cionn Nagasaki. Chaith na Meiriceánaigh dhá bhuama adamhacha ar an tSeapáin i ndeireadh an chogaidh, an dara ceann acu ar Nagasaki ar an 9 Lúnasa, 1945. Íorónta go leor, ba é Nagasaki an áit ba bháúla leis an Iarthar ar fud na Seapáine, ós rud é go raibh go leor Seapánaigh Chríostaí ag lorg tearmainn ansin.

Ag Druidim chun Deiridh: 1944

An Deireadh: 1945

Na hÍobartaigh, na Sibhialaigh, agus na Gníomhartha Uafáis

An Fhrithsheasmhacht agus an Comhoibriú

An Saol sa Bhaile

Príomhalt: Ré na Práinne

Ré na Práinne (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma Béarla Emergency) a thugtar ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda in Éirinn (1940-1945). Bhí Tuaisceart na hÉireann ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na Ríochta Aontaithe go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an Saorstát taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.

D'úsáid an rialtas ""an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1939" chun na meáin a smachtú. Freisin thug sé seo cumhachtaí breise chun déiléail leis an IRA, ar eagla go dtapódh an eagraíocht sin an deis chun ionsaí a dhéanamh ar an stát[1].

An Teicneolaíocht

Cuma an Domhain i nDiaidh an Chogaidh

Tagairtí:

  1. http://www.irishstatutebook.ie/1939/en/act/pub/0028/index.html

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR