An difríocht idir athruithe ar: "Teanga Struchtúrtha Iarratas"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: la:SQL
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: kk:SQL
Líne 114: Líne 114:
[[it:SQL]]
[[it:SQL]]
[[ja:SQL]]
[[ja:SQL]]
[[kk:SQL]]
[[ko:SQL]]
[[ko:SQL]]
[[ku:SQL]]
[[ku:SQL]]

Leagan ó 08:58, 18 Deireadh Fómhair 2012

Is í an Teanga Struchtúrtha Iarratas, nó SQL (ón mBéarla Structured Query Language), an teanga ríomhaireachta is mó a bhfuil gean uirthi le haghaidh sonraí a chruthú, a athrú is a aisghabháil ó chórais bainistíochta bunachar sonraí. Glacadh le SQL mar chaighdeán ag ANSI i 1986 agus ISO i 1987.

Fuaimniú

Tá difríochtaí ann idir dhá fhuaimniú an acrainm, mar na litreacha aonair nó mar fhocal amháin, "saoi-cual".

Stair

Caighdeánú

Bliain Ainm Ailias Nótaí tráchta
1986 SQL-86 SQL-87 Céadfhoilsithe ag ANSI. Daingnithe ag ISO i 1987.
1989 SQL-89 Mionleasú.
1992 SQL-92 SQL2 Leasú mór (ISO 9075).
1999 SQL:1999 SQL3
2003 SQL:2003  
2006 SQL:2006   Tugtar sainmhíniú in ISO/IEC 9075-14:2006 ar shlite inar féidir úsáid a bhaint as SQL in éineacht le XML.

Scóip

Eochairfhocail SQL

Is féidir eochairfhocail SQL a roinnt i ngrúpaí éagsúla.

Aisghabháil sonraí

Is í an oibríocht chun sonraí a aisghabháil an oibríocht is coitianta i mbunachair sonraí le haghaidh idirbheart.

SELECT (roghnaigh)

 Sampla 1:
  SELECT * FROM leabhair
  WHERE praghas > 100.00 and praghas < 150.00
  ORDER BY teideal

Seo sampla ab fhéidir a úsáid le haghaidh liosta leabhar costasach a fháil. Aisghabháiltear na taifid ón tábla leabhair a bhfuil réimse praghas acu atá níos mó ná 100.00 agus níos lú ná 150.00. Sórtáiltear an toradh in ord aibítre de réir teideal an leabhair. Ciallaíonn an réiltín (*) go dtaispeántar na colúin go léir ón tábla leabhair. Is féidir colúin áirithe a ainmniú chomh maith.

 Sampla 2:
   SELECT leabhair.teideal, count(*) AS Údair
   FROM leabhair
   JOIN leabhar_údair
     ON leabhair.uimhir_leabhair = leabhar_údair.uimhir_leabhair
   GROUP BY leabhair.teideal

Seo sampla de chomhcheangal idir dhá thábla ag a bhfuil luach coiteann.

Ionramháil sonraí

Is fo-thacar den teanga í teanga ionramhála sonraí, DML (ón mBéarla Data Manipulation Language), a úsáidtear chun cur leis na sonraí nó le haghaidh sonraí a nuashonrú nó a scrios.

  • INSERT: úsáidtear le haghaidh náid nó níos mó rónna a chur le tábla atá ann cheana féin (codaigh go foirmiúil).
  • UPDATE: úsáidtear le haghaidh luachanna thacar rónna tábla atá ann cheana féin a mhionathrú.
  • MERGE
  • DELETE: scriostar náid nó níos mó rónna atá ann ó thábla .
Sampla INSERT:
INSERT INTO mo_thábla (réimse1, réimse2, réimse3) VALUES ('teist', 'N', NULL);
Sampla UPDATE:
UPDATE mo_thábla SET réimse1 = 'luach nuashonraithe' WHERE réimse2 = 'N';
Sampla DELETE:
DELETE FROM mo_thábla WHERE réimse2 = 'N';

Rialúcháin idirbhirt

Sainiú sonraí

Úsáidtear an dara grúpa eochairfhocal, Teanga Shainithe Sonraí nó DDL (Data Definition Language), chun táblaí nua nó eilimintí a bhaineann le sin a shainmhíniú.

  • CREATE
  • DROP
  • TRUNCATE
  • ALTER

Rialúchán sonraí

Eile

Cáineadh ar SQL

Malartach ar SQL

Tagairtí

Naisc sheachtracha