An difríocht idir athruithe ar: "An Rómáinis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag mionathrú: lmo:Lengua rümena
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: uz:Rumin tili
Líne 165: Líne 165:
[[uk:Румунська мова]]
[[uk:Румунська мова]]
[[ur:رومانیانی زبان]]
[[ur:رومانیانی زبان]]
[[uz:Rumin tili]]
[[vec:Łéngoa rumena]]
[[vec:Łéngoa rumena]]
[[vi:Tiếng Romania]]
[[vi:Tiếng Romania]]

Leagan ó 21:23, 16 Deireadh Fómhair 2012

Teimpléad:Teanga

Teanga Rómánsach í an Rómáinis agus í ina teanga oifigiúil sa Rómáin. Cosúil leis na teangacha Rómánsacha eile, d'fhorbair sí as an Laidin, ach fuair sí cuid mhaith focal iasachta ó na teangacha Slavacha a labhraítear sna tíortha ina timpeall.

Tugtar "Moldóivis" ar an Rómáinis a labhraítear sa Mholdóiv, ach is í an teanga chéanna í, go bunúsach, a fhad agus atá an caighdeán scríofa i gceist. Nuair a d'fhorghabh na trúpaí Sóivéadacha an Mholdóiv sa bhliain 1940, cuireadh na litreacha Coireallacha i bhfeidhm ar an Rómáinis a bhí á labhairt ansin, agus gaireadh teanga neamhspleách - Moldóivis - di. Ar dtús, rinne na teangeolaithe Sóivéadacha iarracht tréithe na gcanúintí áitiúla a thabhairt isteach sa chaighdeán scríofa, ach de réir a chéile, d'éirigh siad as an obair seo, agus ghlac siad leis mar phrionsabal go raibh sé ní ba chiallmhaire cloí le norm na Rómáine féin, cé gur mhair na litreacha Coireallacha in úsáid oifigiúil go dtí gur bhain an Mholdóiv amach neamhspleáchas sa bhliain 1989. An chanúint a labhraítear sa Mholdóiv, níl mórán difríochta idir í agus an Rómáinis a chluinfeá sa Rómáin féin, agus is ionann í agus an chanúint sa chuid is cóngaraí don Mholdóiv den Rómáin. Is í an difríocht is mó ná go bhfanann a lán focal Rúisise in úsáid sa teanga labhartha sa Mholdóiv.

Scéal eile ar fad go bhfuil dreamanna beaga scaipthe ar fud na mBalcán agus canúintí Rómáinise á labhairt acu atá chomh difriúil leis an teanga chaighdeánach is gur féidir a rá gur teangacha ar leith iad. Is í an Aromúinis, nó an Aromáinis, an ceann is tábhachtaí acu seo, agus í á labhairt sa Ghréig agus sa Mhacadóin. Tá sí chomh breac le hiasachtaí Gréigise is nach féidir leis an Rómánach mórán adhmaid a bhaint aisti. Ní hionann gramadach an dá theanga ach an oiread. Teanga bheo bhríomhar í an Aromúinis i gcónaí, cé nach bhfuil stádas oifigiúil aici ach in aon chathair amháin sa Mhacadóin.

Canúintí

Maidir leis an Rómáinis sa chiall chúng, is minic a thugtar Dáca-Rómáinis uirthi le hí a aithint thar an Aromúinis agus na canúintí beaga scaipthe eile. Tagairt é sin do phroibhinse sean-Rómhánach na Dáicia, proibhinse a bhí suite san áit a bhfuil an Rómáin inniu, a bheag nó a mhór. Teanga shaibhir chultúrtha í inniu, agus stádas oifigiúil aici sa Rómáin, sa Mholdóiv agus i gcúige na Vóvaidíne sa tSeirbia.

Is léir go bhfuil an Dáca-Rómáinis féin roinnte ina canúintí éagsúla, cé nach bhfuil difríochtaí móra eatarthu. Grai, nó graiul leis an alt deimhneach, an focal Rómáinise ar chanúint. Is í an deighilt is tábhachtaí ná an scoilt idir canúintí an tuaiscirt agus canúintí an deiscirt. Is iad graiul oltenesc agus graiul muntenesc na canúintí deisceartacha, an chanúint oltenesc á labhairt san iardheisceart (Oltenia, timpeall ar chathair Craiova) agus an chanúint muntenesc sa chuid is mó de dheisceart na tíre (an chuid is mó den chósta, abair, agus an chuid den tír timpeall na príomhchathrach). Is í an chanúint oltenesc a labhraítear sa Vóvaidín. Maidir leis na canúintí tuaisceartacha, labhraítear an chanúint "bănăţean" san iarthar, agus is í an chanúint ardelenesc canúint na Trasalváine. Timpeall ar chathair Baia Mare, tá réigiún Maramureş, an réigiún is faide thuaidh sa tír, agus canúint dá gcuid féin, graiul maramureşean, ag muintir an réigiúin. Maidir leis an gcanúint a labhraítear sa Mholdóiv, graiul moldovenesc, le fírinne is canúint mhór láidir í in Oirthear na Rómáine féin, agus bhí an-tionchar aici ar fhorbairt na teanga caighdeánaí sa Rómáin - cúis eile é sin le chomh drogallach a bhíonn na teangeolaithe stádas na teanga a ghéilleadh don Mholdóivis.

An Dáicis

Bhí Dáicis - teanga Ind-Eorpach nach bhfuilimid ró-eolach uirthi - á labhairt sa Dáicia sular bhunaigh na Rómhánaigh an proibhinse ansin. An Laidin labhartha as ar fáisceadh an Rómáinis, fuair sé cuid mhaith focal ar iasacht ó theanga na mbundúchasach, agus tá cúpla ceann acu fanta sa Rómáinis inniu féin, ar nós brânză, cáis.

An Tionchar Balcánach

Tá na teangacha Balcánacha go léir sách cosúil le chéile - is é an téarma a úsáideann na teangeolaithe go minic ná Sprachbund, focal Gearmáinise a chiallaíonn "comhghuaillíocht teangacha". Cé nach bhfuil dlúthghaol ach ag cuid de na teangacha seo le chéile, is féidir cosúlachtaí a aithint ar ghramadach na dteangacha seo go léir de thoradh an tionchair a bhí acu ar a chéile i rith na gcéadta bliain. "Balcánachas" den chineál seo atá i gceist le saintréithe áirithe gramadúla a aithnítear ar an Rómáinis freisin: cuirtear an t-alt deimhneach le deireadh an fhocail mar a bheadh iarmhír ann: codru "coill, foraois", codrul "an choill, an fhoraois"; níl infinideach ag na briathra (ach oiread le briathra na Gaeilge, dála an scéil); agus cruthaítear an aimsir fháistineach trí úsáid a bhaint as leagan ídithe an bhriathair a chiallaíonn, go stairiúil, "is mian liom, teastaíonn uaim": voi face "déanfaidh mé" (is é face foirm an tríú pearsa san aimsir láithreach: déanann; agus tá voi bunaithe ar volo na Laidine).

Tionchar na dTeangacha Eile

Tháinig cuid mhaith focal iasachta ó na teangacha Slavacha. Glactar leis gur tháinig focal as gach ceathrar sa Rómáinis ón tSlaivis. D'imir an Ghréigis, an Ungáiris, an Ghearmáinis agus an Tuircis a dtionchar ar stór focal na teanga freisin.

Ón naoú haois déag ar aghaidh, áfach, tá na Rómánaigh ag iarraidh an teanga a "ath-Rómhánú" agus iad ag tarraingt ar an bhFraincis, ar an Iodáilis agus ar an Laidin le haghaidh téarmaí nua. Tá tionchar na Fraincise ar an teanga láidir go maith, agus dúil ag na Rómánaigh i dteanga agus i gcultúr na Fraince le fada an lá. Chuaigh a lán Rómánach go dtí an Fhrainc ar lorg na saoirse agus le teacht slán ó na cineálacha éagsúla daorsmachta a bhí ag crá a dtíre, agus bhain scríbhneoirí ón Rómáin clú agus cáil amach leis an máistreacht a bhí acu ar an bhFraincis.


An Rómáinis
Vicipéid le fáil as An Rómáinis freisin

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR