An difríocht idir athruithe ar: "Núiclíd"
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
m róbat ag baint: fa:ایزوتوپ (strongly connected to ga:Iseatóp) |
||
Líne 16: | Líne 16: | ||
[[en:Nuclide]] |
[[en:Nuclide]] |
||
[[es:Núclido]] |
[[es:Núclido]] |
||
[[fa:ایزوتوپ]] |
|||
[[fr:Nucléide]] |
[[fr:Nucléide]] |
||
[[nds:Nuklid]] |
[[nds:Nuklid]] |
Leagan ó 06:47, 13 Deireadh Fómhair 2012
Is é is brí leis an téarma fisice núiclíd ná cineál núicléis, nó cineál adaimh, má chaitear súil ar leith ar núicléas an adaimh. Na hadaimh a bhfuil an uimhir chéanna prótón agus an uimhir chéanna neodrón acu go léir, is samplaí den núiclíd chéanna iad.
Na núiclídí a bhfuil an uimhir chéanna prótón acu, is iseatóip de chuid na dúile céanna iad. Iseatóip iad an gnáthcharbón 12-C agus an radacarbón 14-C.
Na núiclídí a bhfuil an uimhir chéanna neodrón acu, is iseatoin iad. Iseatoin iad an tritiam (an hidrigin radaighníomhach 3-H) agus an gnáth-héiliam 4-He.
Is éard is maisuimhir ann ná an tsuim a gheofar má shuimítear uimhreacha prótón agus neodrón na núiclíde. Más ionann maisuimhir dhá núiclíd, is iseabair iad. Iseabair iad an radacarbón 14-C agus an ghnáth-nítrigin 14-N.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |