An difríocht idir athruithe ar: "Jorge Luis Borges"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ckb:خۆرخێ لویس بۆرخێس
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ilo:Jorge Luis Borges
Líne 64: Líne 64:
[[hy:Խորխե Լուիս Բորխես]]
[[hy:Խորխե Լուիս Բորխես]]
[[id:Jorge Luis Borges]]
[[id:Jorge Luis Borges]]
[[ilo:Jorge Luis Borges]]
[[io:Jorge Luis Borges]]
[[io:Jorge Luis Borges]]
[[is:Jorge Luis Borges]]
[[is:Jorge Luis Borges]]

Leagan ó 12:59, 2 Deireadh Fómhair 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir

Scríbhneoir scéalta fantaisíochta ón Airgintín ab ea é Jorge Francisco Isidoro Luis Borges Acevedo, nó Jorge Luis Borges, mar a shínigh sé a chuid scéalta. Tháinig sé chun saoil i mBuenos Aires ar an 24 Lúnasa 1899, agus cailleadh sa Ghinéiv é ar an 14 Meitheamh 1986. Tógadh go dátheangach é le Béarla agus le Spáinnis araon. Sa bhliain 1914, d'aistrigh an teaghlach go dtí an Eilvéis, agus chuaigh sé ar scoil ansin. Ina dhiaidh sin, thug siad turas ar fud na Spáinne. D'fhill Borges go dtí an Airgintín sa bhliain 1921, agus ansin, thosaigh sé ag scríobh. Tháinig an chéad chupla scéal leis i gcló ar irisí de chuid lucht leanúna an osréalachais. Chuaigh sé le leabharlannaíocht mar shlí bheatha. Nuair a tháinig Juan Domingo Perón i gcumhacht san Airgintín, b'éigean do Borges post an leabharlannaí a fhágáil agus cur suas le géarleanúint pholaitiúil. Bhí sé ábalta, áfach, léachtanna a thabhairt go poiblí.

Nuair a bhí sé ag druidim chun cnagaoise, chaill sé radharc a shúl de dheasca galar oidhreachtúil. Sa bhliain 1955, ceapadh ina stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hAirgintíne é, agus rinneadh Ollamh le Litríocht de in Ollscoil Buenos Aires. Sa bhliain 1961, bhain sé amach clú agus cáil ar fud an domhain, nuair a bronnadh Prix Formentor, duais idirnáisiúnta na bhfoilsitheoirí, air. Ansin, cuireadh a lán teangacha ar a chuid saothar, agus foilsíodh iad sna Stáit Aontaithe agus ar fud na hEorpa.

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR