An difríocht idir athruithe ar: "Conchúr mac Neasa"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
No edit summary
 
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 11:57, 14 Eanáir 2005

Rí ar Chúige Uladh. De réir traidisiúin bhí sé ar dhuine de na ríthe ba chumasaí sa tír, ach níl aon fhianaise stairiúil ann faoi mar gur mhair sé sa tréimhse réamhChríostaí. An Chraobh Rua a tugadh ar na saighdiúirí a bhí aige. Cathbhad a bhí ina dhraoi aige, agus tráth ar rugadh leanbh thuar an draoi go mbeadh sí níos áille ná bean ar bith eile in Éirinn, go bpósfadh Cochúir í, agus go mbeadh brón agus ár ann dá bharr. Dá bhrí sin thug sé Deirdre (brón) mar ainm uirthi. Insítear a scéal in Oidheadh Chlainne Uisnigh. Ba le linn Chonchúir a tháínig Cú Chulainn i méadaíocht agus tá a chuid eachtraí siúd agus eachtraí eile le fáil sa Táin. Tugtar an Rúraíocht ar an sraith scéalta a chuireann síos ar réim Chonchúir Mhic Neasa.