An difríocht idir athruithe ar: "Na Gaeil Óga, CLG"
Líne 55: | Líne 55: | ||
* 2012 - Aindriú Ó Faoláin |
|||
== Nascanna Seachtracha == |
== Nascanna Seachtracha == |
Leagan ó 21:38, 29 Meán Fómhair 2012
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Stíl, litriú, tagairtí, srl
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Is cumann lánGhaeilge den Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath é Na Gaeil Óga, CLG a bunaíodh sa bhliain 2010. Tá dhá fhoireann do na fir acu a imríonn i sraith a 10 i mBÁC thuaidh agus foireann peile na mban. Imríonn siad a gcuid cluichí baile i bPáirc an Fhionnuisce. Tá foireann amháin i bPeil na mBan acu. Glacann an cumann páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta.
Bunú an Chumainn
Thosaigh Ciarán Mac Fheargusa ag smaoineamh ar chumann CLG lánGhaeilge a bhunú sa bhliain 2010. Scaip sé ceistneoir ina thaobh agus fuair an-chuid freagraí dearfacha. Tháinig sé féin agus grúpaí éagsúla le chéile, mic léinn as COBÁC - Cathal Mac Dhaibhéid, Eoghan Ó Murchadha, agus Cormac Breathnach chomh maith le seanfhondúir Ciarán Ó Feinneadha, fear a raibh lámh aige i gClub lánGhaeilge a bhíodh lonnaithe i mBÁC cheana ach ar tháinig deireadh leis Clann Choláiste Mhuire. D'fhreastal scata beag acu ar an gcéad chruinniú áit a raibh Daithí De Buitléir, fear a chur an cumann chun cinn go mó trí dhul i bhfeidhm mar chathaoirleach ar an gclub. Tosaíodh ar thraenáil theoranta le buíon bheag i bPáirc an Fhionnuisce ag deireadh na bliana 2010. Smaoiníodh ar ainmeacha éagsúla- Na Gaeil Óga, Clann Baoiscne (a bhí mar ainm sealadach ar feadh scaithimh) agus Gaeil Dhuibhlinne. D'éirigh leis an gCumann aitheantas a bhaint amach go luath sa bhliain 2011 agus thosaigh siad ar thraenáil níos mó a bhí ar siúl ag an am seo in Ionad Fóillíochta Bhaile Formaid. Dhear Cathal Mac Dhaibhéid na geansaithe, ghlac Ciarán ó Feinneadha ról mar bhainisteoir agus Ciaran Mac Fheargusa mar urlabhraí. Tháinig Marcus Ó Léanacháin mar thraenálaí. D'éirigh leis an gcumann breis is 60 a chlárú. Chuir an cumann isteach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2011 agus d'éirigh lena n-iarratas. Thosaigh an Cumann ag imirt i sraith a deich sóisear (as 11 sraith) i mBÁC. Bhuaigh siad a gcéadchluiche i gcoinne Chroí Ró Naofa. Is in aice Dún na hArmlainne a bhíonn an fhoireann ag traenáil.
Taoiseach a thugtar mar ainm ar chaptaen ag Na Gaeil Óga.
Tá thart ar dhá thrian de bhaill an chumainn ina mBleá Cliathaigh agus is as gach cearn an chuid eile, na Gaeltachtaí móra ar fad ina measc. Tá pleananna fadteármacha ag an gcumann foirne faoi aois, agus iomána a chur chun páirce.[fíoras?]
Foirne
Ta dhá fhoireann peile na bhfear a imríonn i sraith 10 Bhaile Átha Cliath agus foireann peile na mban acu.
Torthaí
- 2011 - Sa chéad bhliain dóibh bheith ar an bhfód, tháinig Na Gaeil sa dara áit ón mbun i sraith a 10 theas de Léig Peile na nDaoine Fásta, agus cuireadh amach as an gcraobhchomórtas ag staid na leathchraoibhe den Chraobhchomórtas Peile Sóisear E.
- 2012 - Sa dara bliain bhuaigh foireann A na bhfear Sraith a 10 Theas Contae sa pheil. Shroich an fhoireann an Cluiche ceannais de Chorn Uí Bhroin sa bhliain chéanna.
Cathaoirligh
- 2010/11 - Daithí Bán De Buitléir/Eoghan Ó Murchadha(sealadach)
- 2011/12 - Daithí Bán De Buitléir/Ruadhan Ó Feinneadha (sealadach)
Comórtas Peile na Gaeltachta
- 2011 Móin Dearg
- 2012 Fir; An Tearmann, Mná; Laochra Loch Lao
Shroich na cailíní an cluiche ceannais i gComórtas na mBan sa bhliain 2012.
Cailíní Gaelacha agus Staileanna Gaelacha
Bíonn comórtas bliantúil ag an gcumann cailín a roghnú do chomórtas an Chailín Ghaelaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta.
- - Dani Nic an tSionnaigh
- - Emma Nic Lochlainn
- 2012 - Aindriú Ó Faoláin