An difríocht idir athruithe ar: "CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 45: Líne 45:


==Páirc Imeartha==
==Páirc Imeartha==
D’imir an club a chuid cluichí i bpáirc an phobal in aice Scoil Náisiúnta Chathair Éile suas gur osclaíodh a pháirc imirthe féin trasna an bhóthair uaithi sa bhliain 2008.
D’imir an club a chuid cluichí i bpáirc an phobail in aice Scoil Náisiúnta Chathair Éile go dtí gur osclaíodh a pháirc imeartha féin trasna an bhóthair uaithi sa bhliain [[2008]].


== Imreoirí Cáiliúile ==
== Imreoirí Cáiliúile ==

Leagan ó 22:49, 25 Meán Fómhair 2012

Baile Bricín/An Bóthar Mór
Béarla: Ballybricken-Bohermore
Bunaithe: 1885
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: Sóisear A
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Corcra is buí
Páirc: Cathair Éile, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór.

Suíomh

Tá an club bunaithe i bparóiste Baile Bricín/An Bóthar Mór in Oirthear Chontae Luimnigh, 15km soir ó dheas ó Cathair Luimnigh. Níl aon baile nó sráidbhaile sa pharóiste agus tagann formhór dá imreoirí ó na ceantracha tuaithe ar nós An Bóthar Mór, Baile Bricín, Cathair Éile, Carraig An Phearsúin agus Lodain atá suite idir Baile an Fhaoitigh agus Cathair Chinn Lis.

Cluichí

Imrítear peil agus iomáint agus d’ainneoin go bhfuil traidisiún níos láidre san iomáint sa cheanntair, cuireann an club an béim céanna ar an dá chód.

Stair

Bunaíodh an club faoin ainm Baile Bricín sa bhliain 1885 agus d'imríodar i gcomórtaisí a bhí á eagrú ag clubanna ar nós An Bóthar, Saor Theas, Pailís na Gréine agus Cill Mhuire le linn blianta deiridh na 1880í. Ach ós rud é go raibh na ceithre chlub iomána ba láidre sa chontae ag an am, Saor Theas, Cathair Laighin, An Bóthar agus Máigh Rua, suite ar imeall pharóiste Baile Bricín/An Bóthar Mór, ní rabhadar ro-ghníomhach le linn blianta na 1890í agus is cosúil nár ghlacadar páirt i gCraobh Iomána an Chontae roimh thús an 20ú aois. Is é tuairisc ó Mhí Bhealtaine na bliana 1903 faoi chluiche idir Greanach agus Baile Bricín i gComórtas Iomána Bhrú na Déise an tagairt scríofa is sine don chlub atá ar fáil fós.

Tháinig an chéad chorn go dti an paróiste sa bhliain 1912 nuair a ghabh Baile Bricín Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh. Níor imríodh an grád sin idir na blianta 1914 agus 1928 ach d’éirigh le Baile Bricín arís sa bhliain 1919 nuair a tháinig Craobh Iomána Sóisear an Chontae chuig an bparóiste don chéad uair.

Toisc gur tháinig formhór dá nimreoirí as cuid thuaidh an pharóiste ag an am, athraíodh ainm an chluib go dti An Bóthar Mór le linn blianta na 1920í agus ba faoin dteideal sin a bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae don dara uair sa bhliain 1932. Chuaigh an club i léig ina dhaiadh sin, d’fhill an tainm ar ais go Baile Bricín agus, lasmuigh de Chroabh Iomána Sóisear na Roinne Thoir sa bhliain 1975, níor bhuadar teideal ar bith suas go dti blianta na 1990í. Tar éis dóibh cluichí cheannais na bliana 1990 a chailliúint i gcoinne Cnoc Áine agus na bliana 1993 i gcoinne Drom Chollachair/Béal an Átha, bhuadar ar Chromadh chun Craobh Iomána Sóisear A an Chontae a ghabháil don tríú uair sa bhliain 1994.

Shroich Baile Bricín cluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae ar an gcéad iarracht sa bhliain dár gcionn ach bhuaigh Pailís na Gréine orthu tar éis cluiche conspóideach agus tá siad ag fanacht fós ar iomáint sinsear a imirt.

Ba bheag an béim a bhí ar an bpeil sa chlub suas go dti an bhliain 2001 nuair a bhuaigh Baile Bricín Craobh Sóisear B an Chontae. Chailleadar cluiche ceannais Craobh Sóisear A an Chontae i gcoinne Na Piarsaigh sa bhliain 2005.

Socraíodh ar ainm an chluib a athrú go Baile Bricín/An Bóthar Mór sa bhliain 2008 chun an dá thaobh den pharóiste a athaint.

Páirc Imeartha

D’imir an club a chuid cluichí i bpáirc an phobail in aice Scoil Náisiúnta Chathair Éile go dtí gur osclaíodh a pháirc imeartha féin trasna an bhóthair uaithi sa bhliain 2008.

Imreoirí Cáiliúile

D’imir Damien de Brún (Damien Browne) ar fhoireann iomána an chontae le linn blianta na 1990í agus Seán Mac Uileagóid (John McElligot) ar fhoireann peile Luimnigh le linn blianta na 2000í agus ghnóthaigh Seán Ó Riain (Johnny Ryan) scór aonair 7-0 i gluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Chontae na bliana 1932.


Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).