An difríocht idir athruithe ar: "Katie Taylor"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: sv:Katie Taylor
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: simple:Katie Taylor
Líne 23: Líne 23:
[[pl:Katie Taylor]]
[[pl:Katie Taylor]]
[[ru:Тейлор, Кэти]]
[[ru:Тейлор, Кэти]]
[[simple:Katie Taylor]]
[[sv:Katie Taylor]]
[[sv:Katie Taylor]]

Leagan ó 00:37, 22 Meán Fómhair 2012

Is dornálaí agus imreoir sacair Éireannach í Katie Taylor. As Contae Chill Mhantáin di. Rugadh Taylor i mBré sa bhliain 1986. Thosaigh sí ag dornálaíocht agus í dhá bhliain déag d'aois. Tá clú agus cáil uirthi mar dhornálaí an-rathúil go mór mhór. Mar imreoir sacair, imríonn sí le foireann náisiúnta na mban. Bhuaigh sí bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i Londain sa bhliain 2012.

Gairmréim

Thosaigh Katie Taylor ag dornálaíocht, agus í 12 bliain d’aois. Ba ag Craobhchomórtas Eorpach na nAmaitéarach 2006, san Iorua, a fuair sí a céad bhua thábhachtach. Bhuaigh sí an bonn óir ag an aicme éadrom-mheáchan 60kg. Níos déanaí sa bhliain sin, ag Craobhchomórtas Dhomhan na nAmaitéarach, i bPodolsk na Rúise, shroich Katie Taylor na babhtaí ceathrú ceannais san aicme 60kg.

Ag Craobhchomórtas Eorpach na nAmaitéarach, in Warszawa na Polainne, bhuaigh Taylor a dara bonn óir i ndiaidh a chéile. Stop sí an curadh domhanda reatha, Tatiana Chalaya as an Rúis. Bronnadh duais don dornálaí is fearr sa craobhchomórtas uirthi freisin. Ag Craobhchomórtas Dhomhan na nAmaitéarach sa bhliain chéanna, i nDeilí Nua na hIndia, bhuaigh sí ar Chalaya arís sa bhabhta leathcheannais agus ar Annabella Farias na hAirgintíne sa cluiche ceannais 60kg. Sa bhliain 2007, bhuaigh sí Teideal Chraobhchomórtas Eorpach na nAmaitéarach don tríú bliain i ndiaidh a chéile. Lean Katie ar aghaidh chun a dara teideal domhanda a bhuachan ag Craobh Domhanda na mBan sa Dornálaíocht, i Samhain, ag Ningdo sa tSín. Bhuaigh sí ar Cheng Dong na Síne sa chluiche ceannais.

Ar 21 Márta 2009, ag an O2 i mBaile Átha Cliath, bhuaigh sí 27-3 in aghaidh sheaimpín Phan-Mheiriceánach Caroline Barry óna Stáit Aontaithe, ar fho-chárta Bernard Dunne agus Ricardo Cordoba. Ag labhairt tar éis na troda, dúirt Taylor go ndearna an fáilte a cuireadh roimpi ón lucht leanúna Éireannach staic di. Dúirt sí, “níor chreid mé an failtiú a fuair mé!”

Ar 18 Meán Fómhair 2010, bhuaigh Katie Taylor a tríú craobh domhanda i ndiaidh a chéile ag Craobh Domhanda na mBan i mBarbadós. Bhuaigh sí ar Cheng Dong na Síne arís sa chluiche ceannais, ina céad babhta dornálaíochta. "