An difríocht idir athruithe ar: "Nancy Pelosi"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: ca:Nancy Pelosi
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: sk:Nancy Pelosiová
Líne 51: Líne 51:
[[sh:Nancy Pelosi]]
[[sh:Nancy Pelosi]]
[[simple:Nancy Pelosi]]
[[simple:Nancy Pelosi]]
[[sk:Nancy Pelosiová]]
[[sl:Nancy Pelosi]]
[[sl:Nancy Pelosi]]
[[sr:Ненси Пелоси]]
[[sr:Ненси Пелоси]]

Leagan ó 04:48, 18 Meán Fómhair 2012

Nancy Pelosi

Is polaiteoir Meiriceánach í Nancy Patricia D'Alesandro Pelosi (ar 26 Márta, 1940 a rugadh í). Ionadaí í de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh chuig Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe, ar son an Ochtú Ceantar Comhdhála i gCalifornia, a chuimsíonn an chuid is mó de chathair San Francisco. Ceannaire Comhairle an Teach Ionadaithe a bhí inti sa 111ú Comhdháil. Thogh a comhbhaill Dhaonlathacha sa Teach í mar Cheannaire an Mhionlaigh don 112ú Comhdháil, a thosaigh i mí Eanáir, 2011.

Mar Cheann Comhairle, ba í an dara duine (i ndiaidh an leasuachtaráin) mar chomharba ar uachtarán na Stát Aontaithe mura mbeadh sé seo ábalta a chuid cúraimí a chomhlíonadh. Ba í an chéad bhean san oifig sin agus, mar sin, ba í an bhean is airde oifig i stair SAM go dtí seo. (Is í an chéad duine as California agus an chéad duine de shliocht Iodálach sa phost sin freisin.) Chuaigh John Boehner ina háit mar Cheann Comhairle san 112ú Comhdháil.

Saolaíodh i mBaltimore, Maryland í mar Nancy Patricia D'Alesandro. Ba iad Anunciata M. (“Nancy”) agus Thomas D’Alesandro a tuismitheoirí. Ba bhall de Chomhdháil na Stát Aontaithe é a hathair. Bhí sé ina mhéara ar Baltimore freisin, roimhe sin. D’fhreastail Nancy Pelosi ar an Institute of Notre Dame, ardscoil Chaitliceach do chailíní, i mBaltimore. Bhain sí céim bhaitsiléara san eolaíocht pholaitiúil amach ag Trinity College (Ollscoil Trinity Washington inniu) i Washington, D.C. sa bhliain 1962.

Naisc sheachtracha