An difríocht idir athruithe ar: "Fernão de Magalhães"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Rubinbot (plé | dréachtaí)
m r2.5.4) (róbat ag mionathrú: gd:Fernão de Magalhães
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag mionathrú: tl:Fernando de Magallanes
Líne 123: Líne 123:
[[tg:Фердинан Магелан]]
[[tg:Фердинан Магелан]]
[[th:เฟอร์ดินานด์ มาเจลลัน]]
[[th:เฟอร์ดินานด์ มาเจลลัน]]
[[tl:Ferdinand Magellan]]
[[tl:Fernando de Magallanes]]
[[tr:Ferdinand Macellan]]
[[tr:Ferdinand Macellan]]
[[tt:Фернан Магеллан]]
[[tt:Фернан Магеллан]]

Leagan ó 11:17, 17 Meán Fómhair 2012

Fernão de Magalhães

Taistealaí farraige Portaingéalach ab ea é Fernão de Magalhães (Béarla: Ferdinand Magellan, Spáinnis: Fernando de Magallanes, 148027 Aibreán, 1521), a thug turasanna tábhachtacha taiscéalaíochta i seirbhís na Spáinne. B'eisean a bhí i gceannas ar an chéad turas rathúil timpeall an domhain. Níor éirigh leis, áfach, an turas sin a chríochnú, nó cailleadh i gCath Mactan in Oileán Cebu é, ceann de na hOileáin Fhilipíneacha. Cath ab ea é a tharraing sé anuas air féin, nuair a chuir sé ladar i gcúrsaí polaitíochta na mbundúchasach i Cebu.

Na Chéad Turasanna a Thug Sé

Chuaigh Magalhães ar a chéad turas farraige sa bhliain 1505, nuair a bhí sé cúig bliana fichead d'aois. An uair sin, bhí sé ar duine acu siúd a bhí le Francisco de Almeida a insealbhú mar leasrí Portaingéalach. B'ansin a tháinig Magalhães i ndeabhaidh lainne an chéad uair, nó fuair siad rompu taoiseach a bhí tar éis cáin a íoc le Vasco da Gama trí bliana roimhe sin, agus é ag diúltú Almeida faoin gcáin anois. Ansin, d'ionsaigh lucht leanúna Almeida é, agus ghabh siad Kilwa i dTansáin an lae inniu.

Sa bhliain 1506, chuaigh Magalhães go dtí na hIndiacha Thoir, agus é ag glacadh páirte sna turasanna taiscéalaíochta go dtí Oileáin na Spíosraí. I bhFeabhra 1509, throid sé i gcath farraige Diu, a chuir deireadh le tionchar na Tuirce Otamánaí sa chearn sin den domhan. Bronnadh dintiúirí an chaiptín ar Mhagalhães sa bhliain 1510. Chaill sé an coimisiún, áfach, sa bhliain a bhí chugainn, nuair a thug sé turas soir ar a long gan chead a fháil ó na húdaráis chuí roimhe sin. B'éigean dó filleadh go dtí an Phortaingéil sa bhliain 1512.

Sa bhliain 1513, cuireadh Magalhães go dtí Maracó, áit ar throid sé i gCath Azamor. B'ansin a goineadh go tromchúiseach sa ghlúin é. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar saoire gan chead a iarraidh ar Almeida, agus milleánaíodh é faoi thradáil neamhdhlíthiúil leis na Muslamaigh. Mar sin, bhain Almeida a dhea-shúil de. Ní raibh i gcuid mhór de na líomhaintí ach gnáthaithiseoireacht nach ndeachaigh chun na cúirte riamh, ach mar sin féin, ní raibh cara fágtha ag Magalhães i gcúirt an rí nua, Manuel a hAon. Mar sin, chuaigh Magalhães i muinín rí na Spáinne ar lorg oibre mar chaptaen farraige.


Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Link GA